Portráidí den Bhanríon Eilís ina gcúis conspóide agus is bocht an scéal é

Bíodh sé fíor nó ná bíodh tá raic tarraingthe ag scéal gur íocadh cúiteamh £10,000 le státseirbhíseach sinsearach ó thuaidh mar gur ghoill portráid den Bhanríon agus a fear céile air

Portráidí den Bhanríon Eilís ina gcúis conspóide agus is bocht an scéal é

Is iomaí cúram práinneach a bhí ar chlár oibre Státrúnaí Thuaisceart Éireann Julian Smith nuair a cheap Boris Johnson é le gairid. Ina measc bhí an tsáinn in Stormont agus na cainteanna ilpháirtí atá in ainm is a bheith sa tóir ar fhuascailt, an éifeacht a bheidh ag an mBreatimeacht ar gach gné den saol abhus, an fhaillí a rinneadh ar íobartaigh a d’fhulaing drochíde in institiúidí cónaithe agus ceist oidhreacht na dtrioblóidí.

Táthar ag súil go bhfuil sé ag cur eolais ar na hábhair sin ar fad ach ní faoi cheann ar bith acu sin ab éigean dó fiosrú a ordú chun clampar a chiúnú. Níorbh ea – ach faoi phictiúr na Banríona Eilís, nó b’fhéidir gur chirte a pictiúr a bhí in easnamh a rá.

Tá nós sa Ríocht Aontaithe portráid na banríona a chrochadh i gcuid d’oifigí an stáit. Cuid den troscán iad na pictiúir sin agus is beag aird a thugtar orthu de ghnáth.

I bhfianaise na staire bíonn siombailí agus comharthaíocht níos conspóidí sa tuaisceart ná mar a bhíonn sa mBreatain Mhór agus bíonn cumhacht thraidisiúnta na n-aontachtach á ceiliúradh go forleathan le dealbha agus portráidí. Is fada polaiteoirí náisiúnacha ag caint ar an stangadh a bhaintí agus a bhaintear astu ag dul thar dhealbh Carson in Stormont. Bhíodh imeaglú – le siombailí agus briathra – coitianta i monarchana agus ceardlanna i séasúr na máirseála go dtí gur ritheadh reachtaíocht chothromais ina choinne. Anois, de réir dlí, ní mór do láthair oibre a bheith neamhbhagrach agus réasúnta neodrach.

Is annamh a chualathas státseirbhísigh ag gearán faoi phictiúr na banríona nó siombail ar bith eile de chuid na Breataine a bheith ar taispeáint in oifigí stáit.

An mhí seo caite áfach mhúscail an Tiarna Maginnis, an t-iarfheisire Parlaiminte de chuid an UUP, Ken Maginnis, an cheist achrannach. D’fhógair sé i dTeach na dTiarnaí go raibh cúiteamh £10,000 íoctha le státseirbhíseach sinsearach in Oifig Thuaisceart Éireann mar gur ghoill portráid den Bhanríon agus a fear céile air. D’ainmnigh sé an státseirbhíseach agus an post atá aige anois, dar leis. Ina theannta sin dúirt sé go raibh pictiúir na Banríona bainte anuas sa bhfoirgneamh i ngeall ar an gcás.

Tharraing an scéal raic ar ndóigh. Bhí na haerthonnta beo le daoine a bhí maslaithe ag an gcinneadh, polaiteoirí aontachtacha ina measc. Is í Oifig Thuaisceart Éireann i dTeach Stormont oifig agus áras an Státrúnaí. D’éiligh an DUP go gcrochfaí ar an toirt pictiúr ar bith den Bhanríon Eilís a baineadh anuas. Bhí sé áiféiseach, dar le Arlene Foster, go mbainfí anuas portráid na Banríona, an ceann stáit.

D’áitigh sí ar an Státrúnaí Julian Smith féachaint chuige go gcrochfaí an pictiúr láithreach.

Agus iad ag iarraidh conspóid a sheachaint, seans, d’eisigh an Státrúnaí Smith tvuít ag fógairt go raibh pictiúr den bhanríon ina oifig nuair a tháinig sé. Bhí sé fánach aige. ‘Níl sa phictiúr ina oifig ach grianghraf,’ arsa laochra na meán sóisialta, iad ar a ndícheall ag fadú na conspóide. Sa deireadh d’fhógair urlabhraí rialtais go raibh fiosrú inmheánach ordaithe ag an Státrúnaí Smith faoin gcás.

Ní fheadar an gcloisfimid a thuilleadh faoin scéal. Seans go leanfaidh daoine áirithe orthu ag iarraidh freagraí; nó ag iarraidh ceap milleáin a aimsiú.

Theastaigh ó Jim Allister, an t-aon Teachta Tionóil ag an TUV, go bhfoilseofaí ainm an té a chinn go raibh bunús leis an ngearán.

Is í fírinne an scéil nach bhfuil tuairim dá laghad againn céard ba chúis leis an ngearán a rinne an státseirbhíseach. Gan dabht b’áiféiseach an mhaise é ag duine a roghnaíonn post le rialtas na Breataine breathnú ar phictiúr den Bhanríon Eilís, per se mar mhasla nó mar rud a dhéanann idirdhealú ina choinne.

Ní foláir nó gur ghearán sách tromchúiseach é ó cinneadh go raibh cúiteamh £10,000 ag dul dó. Ar éigean a bheadh suim chomh mór sin ag dul do dhuine a bhí míshásta mar go mb’éigean dó siúl thar phortráid nár thaitin leis – an leagan den scéal a bhí ag Ken Maginnis.

Ní sárú ar an dlí comhionannais é portráid den bhanríon a chrochadh in oifig de chuid na státseirbhíse. Dúirt príomhfheidhmeannach Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann, Michael Wardlow gur annamh a dhéanann oibrí gearán faoi phortráid. Bheadh rud éigin níos doimhne i gceist go hiondúil, dar leis: droch-atmaisféar san ionad oibre, cultúr diúltach nó claonta. Bhí teannas i dtaca le caidreamh idir oibrithe nó líomhaintí faoi chiapadh san áireamh nuair a rinneadh tagairt do phortráidí ríoga i gcásanna a raibh baint ag an gCoimisiún leo, a dúirt sé.

Cheal eolais ní féidir breithiúnas a thabhairt ar an gcás áirithe a bhí faoi chaibidil. Chuile sheans go raibh rúndacht mar chuid den socrú agus dá bhrí sin nach féidir le héinne a bhí bainteach leis iad féin a chosaint.

Drochsheans gur shíl an státseirbhíseach go mbeadh a ainm á fhógairt i dTeach na dTiarnaí agus go mbeadh daoine ‘maslaithe’ ag ceistiú a inniúlacht don phost atá aige anois agus gan eolas ar bith acu faoi.

Bailíonn conspóid den chineál seo neart d’uireasa na fíorpholaitíochta agus toisc nach mbíonn aon dioscúrsa ann faoi pholasaithe a bheadh ar leas an phobail.

Is bocht an teist orainn é.

Fág freagra ar 'Portráidí den Bhanríon Eilís ina gcúis conspóide agus is bocht an scéal é'