Port Láirge agus an Clár faoi bhrú tar éis seachtaine

Tá cúiseanna dóchais ag Port Láirge agus Tiobraid Árann ach is beag eolas atá againn faoi Chorcaigh go fóill

Port Láirge agus an Clár faoi bhrú tar éis seachtaine

Ag deireadh thiar bhí an toradh a rabhthas ag súil leis ar an gcuid is mó de na cluichí an deireadh seachtaine seo caite. Ach tá an t-uafás nach bhfuil luaite sa chur síos sin ar imeachtaí.

An scéal is mó ná Port Láirge a thug taispeántas a bhí lán le gach rud dearfach a bheadh ag teastáil ó aon ghrúpa leantóirí is foireann bainistíochta. Chaill siad sa deireadh, ach thugadar taispeántas uathu a bhí lán de spiorad agus bhí an toradh idir dhá cheann na meá go dtí an fhead deiridh.

Faraor bhí siad thar a bheith míchruinn agus nuair a chuirtear gach rud san áireamh, is de bharr an easpa cruinnis sin a chailleadar an cluiche. Ach cé gur chailleadar beidh siad lán de mhuinín ag dul go dtí Páirc Uí Chaoimh amárach.

Ansin a thosnaíonn feachtas Chorcaí agus sinn gan mórán eolais againn go fóill cois Laoi faoin bhfoireann agus conas atá ag éirí leo. Blianta ó shin bhíodh na seisiúin oscailte agus ag déanamh ar an chéad bhabhta, bhíodh an contae lán ráflaí faoi dhéantús na foirne a bheadh ag tosnú agus ‘form’ nó bail na n-imreoirí ag tabhairt faoin chéad cluiche sin. I gcónaí bhíodh scata maith leantóirí ag na seisiúin traenála agus iad ag scaipeadh na scéalta éagsúla roimh an Domhnach.

Anois tá ár mbreithiúnais á thabhairt againn bunaithe ar an bhfeachtas sraithe, nár chríochnaigh go rómhaith. Mar sin is deacair domsa a rá cé chomh maith is a bheidh Corcaigh amárach mar níl aon eolas breise agam. Is deacair a rá ach oiread cé a bhuafaidh an cluiche seo.

Bhí ardchluiche in Inis an Domhnach seo caite chomh maith. Chuaigh na Tiobraid Árannaigh ar thóir cúl agus chríochnaíodar le cúig cinn. Beidh siad lán de mhuinín an tseachtain seo chugainn i bPáirc Uí Chaoimh. Ach bhí an Clár faoi bhrú ón tús agus tromluí ceart a bhuail cúl báire an Chláir, Éamonn Foudy.

Eisean a bhronn an chéad dá chúl ar Thiobraid Árann, rud dar ndóigh a chuir an-bhrú ar imreoirí an Chláir ar fud na páirce. Bhí trua agam do Foudy mar is uaigneach an áit é a bheith i do sheasamh i d’aonar idir na postaí agus tú i ndiaidh dhá bhotún mór a dhéanamh.

Agus, mar a luaigh mé anseo cúpla seachtain ó shin, ní bhuafaidh aon chontae Craobh na hÉireann gan cúl báire den scoth agus ‘speisialtóir’ ar na pocanna saora. Agus bhí an saineolaí san ag contae an Chláir, Aidan McCarthy. Ach anois tá an lasair sa bharrach mar má chailleann an Clár i gcoinne Luimnigh um thráthnóna, is beag seans a bheidh acu dul níos faide i mbliana.

Maidir le Luimneach, bhuel fuaireadar rabhadh ceart sé lá ó shin agus tuigeann siad go raibh an t-ádh leo teacht slán leis an mbua. Bhí ardchluiche i gcraobh na Mumhan idir an dá chontae anuraidh. An féidir leis an gClár an caighdeán sin a shroichint anocht? Murar féidir, níl aon seans go mbuafaidh siad an cluiche seo.

I gCúige Laighean bheinn ag súil le han-choimhlint i bPáirc Chadwicks Loch Garman ag a sé tráthnóna áit a mbeidh an fhoireann baile ag cur fáilte roimh Aontroim. Bhí an mí-ádh ar Aontroim nár bhuaigh siad ar Áth Cliath seachtain ó shin. Seo cluiche thar a bheith tábhachtach don dá chontae. Is cinnte go bhfaighidh Aontroim an ceann is fearr ar bhoc mór éigin sula i bhfad.

Bheinn ag súil go mbuafaidh Áth Cliath ar an Iarmhí ach nílim cinnte in aon chor faoi thoradh an chluiche eile idir An Ghaillimh agus Cill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin UPMC.

I ndiaidh tosnú mall an tseachtain seo caite tháinig na Gaillimhigh chucu féinig ach thugadar taispeántas a bhí lán le spiorad agus obair chrua. Beidh an cluiche seo ina chath ceart agus seans go mbeidh an toradh ag brath ar thaispeántais fhir na bpocanna saora, Evan Niland agus Billy Drennan.

Fág freagra ar 'Port Láirge agus an Clár faoi bhrú tar éis seachtaine'