Polaiteoir atá á fhiosrú as neamhfhreastal ar chruinniú faoin nGaeilge á lua mar Chéad-Aire Gníomhach

Meastar gurb é Gordon Lyons, iar-aire sóisearach, a cheapfar ina Chéad-Aire go sealadach go dtí go mbeidh ceannaire nua an DUP, Jeffrey Donaldson, in ann seilbh a ghlacadh ar an ról

Polaiteoir atá á fhiosrú as neamhfhreastal ar chruinniú faoin nGaeilge á lua mar Chéad-Aire Gníomhach

Polaiteoir de chuid an DUP atá le fiosrú as neamhfhreastal ar chruinniú faoi chúrsaí Gaeilge is mó atá á lua leis an bpost mar Chéad-Aire Gníomhach ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.

Meastar gurb é Gordon Lyons, iar-aire sóisearach, a cheapfar ina Chéad-Aire go sealadach go dtí go mbeidh ceannaire nua an DUP, Jeffrey Donaldson, in ann seilbh a ghlacadh ar an ról.

Tá sé de rún ag Donaldson, atá ina Fheisire Parlaiminte faoi láthair, éirí as a shuíochán in Westminster sa bhfómhar le bheith ina cheannaire ar an DUP in Stormont. Dearbhaíodh Donaldson ina cheannaire ar an bpáirtí inné.

Bhí Lyons, comhalta Tonóil d’Aontroim Thoir, ina aire sóisearach san Fheidhmeannas go dtí gur éirigh sé as an gcúram an tseachtain seo caite, tráth a raibh Edwin Poots ina cheannaire ar an DUP. Ceapadh Lyons ina leaschathaoirleach ar Choiste Sláinte Stormont ag tús na míosa.

Tá Lyons á fhiosrú ag Coimisinéir na gCaighdeán in Stormont toisc nár fhreastail sé ar chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ag deireadh an Mhárta.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, cuireadh ar ceal ag an nóiméad deiridh cruinniú faoi chúrsaí teanga toisc nach raibh aire de chuid an DUP ar fáil.

Ní raibh oifig Lyons sásta aon mhíniú a thabhairt do Tuairisc.ie ar an gcúis gur tharraing sé siar ón gcruinniú seachas go ndúirt sé féin nach raibh sé ar fáil.

Ní rabhthas sásta ach oiread aon deimhniú a thabhairt go bhfreastalódh an tAire Lyons ar an gcruinniú nuair a reáchtálfar arís é.

Cuireadh ar ceal i dtús na míosa seo cruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí Gaeilge agus Ultaise nuair a dúirt Lyons nach mbeadh sé ar fáil le freastal air.

Tiocfaidh Jeffrey Donaldson i gcomharbacht ar Edwin Poots mar cheannaire ar an DUP.  Ní raibh Poots ach trí seachtaine sa phost nuair a d’éirigh baill an pháirtí amach ina choinne mar gheall ar chonspóid faoi mhargadh i dtaobh na reachtaíochta Gaeilge.

Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine go raibh an DUP sásta go gclisfeadh Tionól Stormont mura dtiocfadh athrú suntasach ar an reachtaíocht teanga atá beartaithe don Tuaisceart.

Mhaígh Donaldson anuraidh go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.

Dúirt sé gurb iadsan a shocródh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin gcomhaontú New Decade, New Approach.

Mhaígh Donaldson cheana nach bhfuil a dhath ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP ach go raibh fadhb aige le Sinn Féin “a bheith ag déanamh uirlis pholaitiúil di.”

Dúirt sé gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis.

Fág freagra ar 'Polaiteoir atá á fhiosrú as neamhfhreastal ar chruinniú faoin nGaeilge á lua mar Chéad-Aire Gníomhach'