Pobalscoil Chorca Dhuibhne cloíte i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Bhí bua trí phointe ag buachaillí Ard Mhacha, Coláiste Naomh Rónán, ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gcluiche leathcheannais Choirn Uí Ógáin i mBaile Átha Cliath tráthnóna

Pobalscoil Chorca Dhuibhne cloíte i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Chaill peileadóirí sinsir Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gCraobh na hÉireann den chéad uair riamh nuair a fuair Coláiste Naomh Rónán as an Lorgain an ceann is fearr orthu sna babhtaí leathcheannais.

Cúl amháin a bhí idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg dheireanach i mBaile an Aba agus an lá le buachaillí Ard Mhacha, 2-10 in aghaidh 0-10, atá cáilithe anois do chluiche ceannais Choirn Uí Ógáin den chéad uair riamh.

Is beag a bhí idir na foirne i rith an chluiche ach ba é cúl Josh Megoran agus 52 nóiméad imeartha scór na cinniúna. Fuair Naomh Rónán trí phointe as a chéile roimhe sin agus cé nach raibh ach ceithre phointe idir na foirne i ndiaidh an chúil, ba mhór an bhearna í sin i gcluiche a bhí chomh crua.

Sa chéad leath, chruthaigh imreoirí na Pobalscoile go maith agus iad ag teacht aniar ón drochthús a chuir siad leis an gcluiche. D’aimsigh Ryan Meehan cúl do Naomh Rónán tar éis ocht nóiméad rud a d’fhág buachaillí Uladh cúig phointe chun cinn, 1-3 i gcoinne 0-1, ach tháinig Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar ais go láidir.

Bhí an-thonchar ag Ruaidhrí Ó Beaglaoich ar an imirt sa chéad leath sin inar aimsigh sé cúig phointe. Ba é a chruthaigh cúl na Pobalscoile chomh maith, nuair a sheol sé cic saor tapa go dtí Dylan Ó Géibheannaigh, a bháigh raspar san eangach.

Bhí cúpla deis eile ar chúl ag foireann Chorca Dhuibhne sa chéad leath ach cuireadh amú iad. Mar sin féin, bhí siad chun cinn ag leath ama, 1-7 in aghaidh 1-6. Cé gur chuir siad tús maith leis an dara leath, agus iad chun cinn 1-9 in aghaidh 1-7 ar feadh tamaill, bhí buachaillí Naomh Rónán beagáinín róláidir dóibh ar deireadh.

Bhí an chuid is mó d’fhoireann na Pobalscoile ar an bhfoireann shóisir a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh agus, mar sin, beidh roinnt mhaith acu ar fáil arís an bhliain seo chugainn. D’fhéadfadh go mbainfidh siad an-leas fós as taithí an lae inniu.

Fág freagra ar 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne cloíte i gcluiche leathcheannais na hÉireann'