Pobal oileáin eile ag iarraidh go dtabharfaí seirbhís héileacaptair ar ais

Iarracht ar bun ag roinnt daoine ar Oileáin Scilly leis an tseirbhís héileacaptair a bhí acu ar feadh 46 bliain a thabhairt ar ais – le cur i dteannta na seirbhíse eitleáin arís

St_Martins_-_aerial_photo
Na hOileáin Scilly

Tá pobal oileánda eile, seachas pobal Árann, ag troid faoi láthair maidir le seirbhís héileacaptair – ach is ag iarraidh a héileacaptair ar ais atá muintir Oileáin Scilly.

Siar ó dheas do Chorn na Breataine atá Oileáin Scilly, no na ‘Isles of Scilly’ mar a thugtar orthu go hoifigiúil. Ocht míle fichead amach ón mórthír, tá 2,000 duine ina gcónaí ar na hoileáin sin.  Tá triall na dturasóirí ann sa samhradh ach tá an saol ciúin ansin sa ngeimhreadh.  Tá dhá sheirbhís aeir acu amach go Sasana – eitleán a bhfuil spás inti do sheisear agus ceann eile den déanamh Twin Otter atá in ann 18 a thabhairt léi.  Eitleáin ‘fixed wings’ iad seo, mar atá á éileamh ag muintir Árann.  Ach, tá iarracht ar bun ag roinnt daoine ar Oileáin Scilly an tseirbhís héileacaptair a bhí acu ar feadh 46 bliain a thabhairt ar ais – le cur i dteannta na seirbhíse eitleáin arís.

Bhí dhá héileacaptar i mbun seirbhíse isteach agus amach as Oileáin Scilly ar feadh beagnach 50 bliain; tosaíodh an tseirbhís i 1964. Héileacaptair mhóra a bhí iontu agus d’fhéadfaí 35 duine a iompar san iarraidh. Mar sin níorbh ionann iad agus na héileacaptair atá luaite le haersheirbhís Arann faoi láthair.

Bhíodh na gnáthsheirbhísí eitealáin bheaga ar fáil go Scilly chomh maith leis na héileacaptair.   Cuireadh deireadh leis an tacaíocht Stáit don tseirbhís paisinéirí ar na héileacaptair i 2012 mar go raibh sé ag cailleadh airgid. British International Helicopters a bhí i mbun na seirbhíse agus bhídís ag déanamh cúpla scór turas sa lá ó Chorn na Breataine go Oileáin Scilly. Bhíodh 130,000 paisinéir sa mbliain acu an t-am a bhfearr a bhí ag éirí leo. Ach laghdaigh an líon paisinéirí agus d’éirigh British International Helicopters as an tseirbhís dhá bhliain go leith ó shin agus dhíríodar go hiomlán ar sheirbhísí do rigeanna ola ar muir.  Anois, tá iarracht ar bun le seirbhís na héileacaptar a thabhairt ar ais. Go deimhin, bhíothas ag súil go bhfaighfí dream a bhuailfeadh faoi i mbliana ach níl sin tarlaithe.

Dúirt urlabhraí i gComhairle Oileáin Scilly go raibh cuid mhaith daoine ag taisteal ar an tseirbhís héileacaptair agus go raibh sé de bhuntáiste léi go raibh sí in ann a dhul chuig oileáin bheaga freisin. Ghlac sé leis go raibh roinnt mhaith torainn ag baint leis na héilecaptair seachas na gnátheitleáin.

Tá, a deir urlabhraí Chomhairle na nOileán, iarracht ag tosú leis an tseirbhís héileacaptair a thabhairt ar ais ach is deacair a rá cén toradh a bheidh air sin.

Dúirt Gordon Billsborough, ball tofa de Chomhairle Oileáin Scilly, gur beag is féidir leis an gComhairle a dhéanamh i dtaobh athnuachan ar an tseirbhís héileacaptair.  “Muna bhfuil comhlacht ann atá sásta bualadh faoi – agus sásta gur féidir leo airgead a shaothrú air, ní bheidh sé ann. Ní bheidh cúnamh ar fáil as Westminister,”arsa Billsborough.

Tuige a mbeadh éilimh ar sheirbhís héileacaptair aríst agus bealaí eile taistil ar fáil?  “Bhuel, tá daoine ann arbh fhearr leo an héileacaptar ná na heitleáin”, a deir Gordon Billsborough. “Is dóigh go dtáinig cuid acu i gcleachtadh orthu in imeacht na mblianta”.

Ní raibh aon locht aige féin ar an héileacaptair, a deir Gordon Billsborough, Sasanach atá anois 86.

Tháinig sé féin agus a bhean chun cónaithe ar na hoileáin nuair a chriochnaigh siad a gcuid oibre i Sasana. Dúirt sé go bhfuil an tseirbhís aeirthaistil atá ann anois go maith ach dá mhéad bealaí dá bhfuil ann, is amhlaidh is fearr é. Níor chuir torann an héileacaptair as dó féin ariamh, a deir sé.  “Má tá seirbhísí aerthaisteal gar duit, bí ag súil le roinnt torainn”, a deir Billsborough.

Níor chuidigh toradh an Olltoghcháin i mbliana leis na hiarrachtaí leis an tseirbhís helecaptair a thabhairt ar ais mar gur chaill Andrew George, an feisire pairliminte Liobrálach-Daonlathach do Chorn na Breataine-Oileáin Scilly, a shuíochán. Eisean an chéad duine a labhair teanga Chorn na Breataine i Westminister ina chéad óráid parlaiminte 1997.

Ach labhair sé chuile theanga ag iarraidh go bhfaighfí comhlacht eile le seirbhís na héileacaptar a chur ar fáil go Scilly arís.

Dúirt an Comhairleoir Oileáin,  Gordon Billsborough – agus é ag labhairt óna theach cónaithe ar na hoileáin – go bhfuil an Rialtas sa mBreatain an-spárálach le cúnamh airgid do sheirbhísí aeir go Scilly agus bítear ag súil go mbeidh comhlachtaí in ann brabach a dhéanamh as a stuaim féin.  Tá na táillí ard go maith. Cosnaíonn an turas fillte go Lands End £200.

D’fhéadfadh sé a bheith chomh hard le £275 dá mbeifeá ag dul go háiteacha eile, ar nós chathair Exeter. Ó thaobh airgid de, b’fhearr a dhul ar an mbád farantóireachta; £15 aon treo amháin an táille. Tá na hoileáin píosa maith i bhfarraige agus tógann an t-aistear go dtí an mórthír dhá uair agus 45 nóiméad.

Bíonn farraigí arda ar an taobh sin den Bhreatain agus, de réir scéil, ní aistear compordach í ar muir scaití. Ach tharla an tragóid ba mheasa taisteal ansin nuair a chuaigh héileacaptar agus 26 ar bord sa bhfarraige i Meitheamh 1983 ar a bealach go Scilly. Níor tháinig slán ach seisear. Bhí an héileacaptar ag taisteal sa gceo. Cuireadh rialacha i bhfad níos géire i bhfeidhm ina dhiaidh sin agus cuireadh cosc ar héileacaptair ó bheith ag taisteal sa gceo.

 

Fág freagra ar 'Pobal oileáin eile ag iarraidh go dtabharfaí seirbhís héileacaptair ar ais'