Beidh Oíche Chultúir na bliana seo againn an Aoine bheag seo, an 19 Meán Fómhair 2025. Tá Oíche Chultúir 20 bliain ar an bhfód i mbliana, is ócáid náisiúnta í ina gceiliúrtar saibhreas agus éagsúlacht an chultúir in Éirinn.
Táthar ag súil go mbeidh suas le 1.2 milliún duine ag dul chuig imeachtaí Oíche Chultúir i mbliana agus os cionn 1,700 imeacht curtha ar bun ar fud na tíre. Gné speisialta de na himeachtaí nach mbíonn aon táille orthu.
Tá Oireachtas na Gaeilge ag tacú le dreamanna timpeall na tíre le himeachtaí a reáchtáil trí Ghaeilge Oíche Chultúir le blianta beaga anuas agus tá roinnt ócáidí eile trí Ghaeilge á reáchtáil ag dreamanna eile chomh maith.
Tá an tOireachtas ag tacú le 37 imeacht Gaeilge i 17 gcontae ar fud na tíre i mbliana. Tá an-éagsúlacht sna himeachtaí Gaeilge i mbliana idir cheol traidisiúnta, cheardlanna, drámaíocht, turais threoraithe agus go leor eile.
Co. Aontroma
Seisiún Ceoil le Cíara Ní Tháth agus cairde
Ionad: Caifé Ceoil, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Áras Mhic Reachtain.
Am: 12:30 i.n.
Turas thart ar an Sliabh Dubh
le Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Seán Mac Brádaigh, ceol ina dhiaidh le ceoltóirí ó Chumann Laochra Loch Lao.
Ionad: Anam (Caifé na Carraige), 4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste
Am: 5:30 i.n.
Co. Bhaile Átha Cliath
Seó draíochta
le Quentin Reynolds agus ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós
Ionad: CLG Naomh Uinsionn, Bóthar Mhullach Íde, Marino, D03 YX08
Am: 5:00 i.n.
Abair Amhrán Linn
Seisiún amhránaíochta agus ceoil le Clann Uí Chasaidigh.
Ionad: Oifig Ghael Linn, 35 Sráid an Dáma, BÁC 2 agus ar líne ar YouTube.
Am: 5:30 i.n.
Turas treoraithe ar champas Choláiste na Tríonóide
Ionad: Faiche an Choláiste, Coláiste na Tríonóide, BÁC 2
Am: 6:30 i.n.
Céilí do theaghlaigh
Oíche rince do thuismitheoirí agus páistí i Halla na bhFianna leis an múinteoir rince Aedín Ní Mhaoiléidigh.
Ionad: CLG Na Fianna, Bóthar Mobhí, Glas Naíon, BÁC 9
Am: 7:30 i.n.
Tá imeachtaí Gaeilge eile i gCo. Bhaile Átha Cliath ar Oíche Chultúir anseo.
Contae an Chabháin
Oíche tradcheoil agus snagcheoil
Ionad: Luso, 9B Sráid na hEaglaise, Baile an Chabháin, Co. an Chabháin, H12 C8P7
Céilí agus oíche cheoil ina mbeidh ceoltóirí traidisiúnta agus snagcheoil.
Am: 8:00 i.n.
Contae Cheatharlach
Oíche mic oscailte ina mbeidh meascán de dhrámaíocht, filíocht, véarsaíocht, amhránaíocht agus tuilleadh. Fáilte roimh chách.
Ionad: Café Lamberts, 16 Sráid Átha Cliath, Baile Cheatharlach, Co. Cheatharlach, R93 X086
Am: 6:00 i.n.
Contae Chill Chainnigh
Ceardlann rince comhaimseartha do dhaoine fásta. Foghlaimeoidh rannpháirtithe cóiréagrafaíocht nua le cleachtadh bailé agus teicnící comhaimseartha.
Ionad: Teach Caibidle, Ardeaglais Mhuire, Sráid San Séamus, Gairdíní an Chaisleáin, Cill Chainnigh, R95H1K1
Am: 6:00 i.n.
Tuilleadh imeachtaí i gCo. Chill Chainnigh anseo.
Contae Chill Dara
Seal le Scéalaí: Scríbhneoir cónaithe Roinn na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad, Dubhán Ó Longáin, faoi agallamh maidir le hoidhreacht na scéalaíochta Gaeilge agus tabharfaidh sé blaiseadh beag don lucht éisteachta dá chleachtas ina dhiaidh sin.
Ionad: Ollscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 F2H6
Am: 6:00 i.n.
Tuilleadh imeachtaí i gCo. Chill Dara anseo.
Contae an Chláir
Preab-Ghaeltacht agus Cogadh na mBannaí i mBeár Uí Chiaráin agus ceol le KRC agus bannaí eile.
Ionad: Teach Tábhairne Chiaráin, 1 Sráid San Proinsias, Cluain Ráda Beag, Inis, Co. an Chláir, V95 V96W
Am: 9:00 i.n.
Contae Chorcaí
Mamaí Gé – dráma dátheangach, idirghníomhach Mamaí Gé atá dírithe ar pháistí óga.
Ionad: Leabharlann Charraig Uí Leighin, Cill na gCléireach, Co. Chorcaí, P43 HA25
Am: 4:00 i.n.
Tuilleadh eolais faoi imeachtaí i gcontae Chorcaí anseo.
Contae Dhoire
CEOL ÁR gCLAINNE
Beidh Mary Delargy ag cur síos ar na sloinnte is coitianta i gcathair Dhoire, na sloinnte áitiúla agus iad siúd ‘thar toinn do ránaig chugainn’, cé as ar tháinig siad agus an chiall agus an stair a bhaineann leo.
Ionad: An Gaeláras, 37 Sráid Mhór Shéamais, Cathair Dhoire, Co. Dhoire, BT48 7DL
Am: 7:00 i.n.
Contae an Dúin
OÍCHE AIRNEÁIN
Oíche airneáin Chonradh na Gaeilge, Boirche Íochtair le ceiliúradh a dhéanamh ar cheol an cheantair. Beidh fáilte roimh chách agus beidh an ócáid á sruthú beo ar Facebook freisin.
IONAD: CLG Áit Tí Chathail, 4 An tSeanbhóthar Gainmheach, Áit Tí Chathail, Iúr Cinn Trá, Co. An Dúin, BT34 4SS
Am: 9:00 i.n.
Tuilleadh eolais faoi imeachtaí eile i gCo. an Dúin.
Contae Dhún na nGall
CEOL SA CHEARNÓG
Oíche cheoil i lár Chearnóg an Mhargaidh i Leitir Ceanainn. Beidh idir cheoltóirí agus amhránaithe againn leis an ghrúpa ‘Ceoltóirí Canóla’ agus le daoine óga ó ‘Ceol na Coille’. Cuirfear sólaistí ar fáil.
IONAD: Líonra Leitir Ceanainn, 7 Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 YP93
Am: 7:00 i.n.
Imeachtaí eile i gCo. Dhún na nGall anseo.
Contae Fhear Manach
SPÓRT & SPRAOI LEIS AN CHLUB ÓIGE
Beidh deis ag daoine óga na damhsaí a d’fhoghlaim siad ag na coláistí Gaeltachta a chleachtadh arís anseo lena gcuid cairde.
Ionad: Teach Fhear Manach, Plás an Mhóinéir Leathain, Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach, BT74 7HR
Am: 4:00 i.n
Contae na Gaillimhe
CEARDLANN SCEITSEÁLA
Rang ealaíne leis an ealaíontóir Róisín Curé in Ionad Pobail Bhaile an Doirín ina dtabharfar ceacht ar an mbealach le pictiúr a tharraingt agus a dhathú bunaithe ar ghrianghraf.
Ionad: Ionad Pobail Bhaile an Doirín, Bóthar an Chlocha, Baile an Doirín, Co. na Gaillimhe, H91 TC65
Am: 7:00 i.n.
Eolas faoi imeachtaí eile i gcontae na Gaillimhe anseo.
Contae Liatroma
LEABHARLANNA NA SCÍTHE
Turas speisialta de Leabharlanna na Scíthe trí mheán na Gaeilge.
Ionad: An Dug, Páirceanna an Bhaile, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma, N41T2X2
Am: 6:00 i.n.
Contae Luimnigh
AITHRISEOIREACHT, CAINT & CEOL
Mol an óige ag Féile Luimnigh agus éist le cúpla babhta scéalaíochta, aithriseoireachta agus dánta á léiriú ag daltaí bunscoile. Ionad: Áras Íde, 18 Sráid Thomáis, Cathair Luimnigh, Co. Luimnigh, V94CH29
Am: 6:00 i.n.
Eolas faoi imeachtaí eile i gcontae Luimnigh anseo.
Contae Mhaigh Eo
CEOL agus CRUTHAITHEACHT
Déanfaidh an Club Ceoil, i gcomhar le Ceol Mhaigh Eo, Baile Seirbhíse Gaeltachta Maigh Eo agus Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh ceiliúradh ar chruthaitheacht ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí Chontae Mhaigh Eo.
Ionad: Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh, Sráid an Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, F23AN24
Am: 4:00 i.n.
Contae Mhuineacháin
CUAIRT NA gCLEAMAIRÍ
Cleamairí Feirste agus iad ar cuairt ar Shráid na Páirce. Is seanchaithe, filí, amhránaithe, ceoltóirí agus Gaeilgeoirí iad na Cleamairí a chuireann cultúr na hÉireann chun cinn. Cuirfear tús leis an ócáid le seisiún sráide ar Shráid na Páirce is beidh amhráin, dánta agus céilí mór ina dhiaidh sin.
Ionad: Oifig Mhuineachán le Gaeilge, 20 Sráid na Páirce, Baile Mhuineacháin, Co. Mhuineacháin, H18 AH63
Am: 7:00 i.n.
Fág freagra ar 'Plúr na n-imeachtaí Gaeilge ag Oíche Chultúir 2025'