Tá plean trí bliana don Ghaeilge le seoladh ag Cumann Lúthchleas Gael go luath ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn sa gcumann.
Bhí an plean trí bliana ar cheann de na beartais Ghaeilge a fógraíodh ag Seoladh Mór Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo.
I measc na mbeart eile a fógraíodh bhí ceapachán Jamie Uí Thuama mar an chéad Oifigeach Forbartha Gaeilge de chuid an chumainn. Thosaigh an Baile Átha Cliathach, atá ina chónaí i gcontae na Mí, sa phost ag deireadh na míosa seo caite tar éis dó 11 bliain a chaitheamh ag obair mar fheidhmeannach le Gael Linn.
Agus é ag labhairt le Tuairisc.ie, luaigh Ó Tuama cuid de na gníomhartha atá ar na bacáin aige agus é sa ról nua.
“Tá an plean trí bliana fós á réiteach ag Coiste Náisiúnta na Gaeilge, ach, beidh feiceálacht na Gaeilge ar ardáin chumarsáide an Chumainn lárnach sa bplean agus leagfar béim ar chomhoibriú lenár gcuid páirtnéirí in earnáil na Gaeilge.
“Leagfar béim ar na struchtúir a bhaineann leis na hoifigigh Ghaeilge a dhaingniú agus a láidriú, freisin. Tá súil againn na hOifigigh Ghaeilge a thabhairt le chéile go luath sa mbliain nua.”
Dúirt Uachtarán CLG, Seán Ó hÓráin, ag seoladh na seachtaine seo go raibh an cumann tiomanta don Ghaeilge agus go raibh roinnt beartas ar bun acu chun úsáid na Gaeilge a spreagadh tuilleadh ar fud na tíre.
“Tá an Ghaeilge ag croílár an chumainn agus is fearrde sinn dá bharr. Tá tiomantas CLG don Ghaeilge le feiceáil go soiléir ó cheapachán an Oifigigh nua Ghaeilge agus guíonn muid gach rath ar Jamie Ó Tuama ina ról nua,” arsa Ó hÓráin.
D’fhógair an tUachtarán go bhfuil comharthaí dátheangacha á scaipeadh ar chlubanna ar fud na tíre mar chuid de chomhfhiontar idir CLG, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Glór na nGael.
Fógraíodh tacaíocht an chumainn d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha freisin. Scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael í an fhondúireacht, a chuidíonn le foirne atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.
Seoladh ceithre fhíseán ina bhfuil cuid de réaltaí móra iomána agus peile na tíre ‘ag bualadh buille ar son na Gaeilge’.
Is iad na peileadóirí Michael Murphy (Dún na nGall) agus Cillian O’Connor (Maigh Eo) agus na hiománaithe Tadhg de Búrca (Port Láirge) agus Liam Rushe (Áth Cliath) atá le feiceáil sna físeáin ar cuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge 2018 iad. Taispeánadh cuid de na físeáin cheana roimh chluichí móra na bliana seo i bPáirc an Chrócaigh.
Cordelia Nic Fhearraigh
An bhfuil na hainmneacha faoin ghriangraf thuas san ord cheart?
‘…go bhfuil comharthaí dátheangacha á scaipeadh ar chlubanna ar fud na tíre…’
An mbeidh an Ghaeilg le feiceáil ar chláracha fógraíochta na n-urraitheoirí? Na fógraí bolscaireachta a bhíonn curtha thart ar na páirceanna imeartha ar fud na tíre? Agus an mbeidh siad i nGaeilg amháin ag na fochumainn Gaeltachta?