Plean chun na srianta dianghlasála a scaoileadh le fógairt

Rachaidh na beartais dianghlasála a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar marfach Covid-19 in éag Dé Máirt seo chugainn, ach fógrófar inniu go bhfuil síneadh ama a chur leo, nó lena bhformhór mór

Plean chun na srianta dianghlasála a scaoileadh le fógairt

Fógrófar inniu plean an rialtais chun na srianta dianghlasála a scaoileadh, cé gur dócha gur beag ceann acu a ndéanfar maolú air an tseachtain seo chugainn.

Rachaidh na beartais dianghlasála a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar marfach Covid-19 in éag Dé Máirt seo chugainn, an 5 Bealtaine, ach fógrófar inniu go bhfuil síneadh ama á chur leo, nó lena bhformhór mór.

Beidh coicís eile ar a laghad ann sula dtabharfar faoi aon leasú mór ar na beartais.

Cuirfear an straitéis éalaithe faoi bhráid chruinniú rialtais inniu agus pléifear ag an gcruinniú sin chomh maith an chomhairle is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET), atá ag bualadh le chéile ar maidin.

Is í an chomhairle a chuirfidh NPHET ar an Rialtas ná go bhfuil sé róluath tosú ar na srianta a dhéanamh níos boige, cé go mb’fhéidir go bhfógrófaí leasú beag éigin orthu.

Tá brú go áirithe ar an Rialtas maolú de bheagán a dhéanamh ar an treoir atá tugtha do dhaoine os cionn seachtó gan an baile a fhágáil in aon chor fiú chun dul ar shiúlóid. Tuairiscítear nach bhfuil airí an rialtais go léir ar aon fhocal ach oireadh faoi conas agus faoi cathain ba chóir tosú ar na srianta éigeandála a dhéanamh níos boige.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur de réir a chéile a dhéanfaí aon athruithe agus go ndéanfaí na hathruithe sin gach 2-4 seachtaine.

Chuirfí srianta i bhfeidhm arís sa chás go gceapfaí go raibh an galar ag éirí níos coitianta i measc an phobail nó dá dtiocfadh brú ar an gcóras sláinte, a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh scaoileadh na srianta ag brath ar chúig chritéar:

  • Scaipeadh an ghalair a bheith sách íseal
  • An córas sláinte a bheith in acmhainn déileáil leis an ngalar
  • Córas tástála agus cuardaigh sásúil a bheith ann
  • An córas a bheith in acmhainn cosaint a thabhairt do na daoine is leochailí
  • An baol go gcaillfí daoine mar gheall ar na srianta féin

Dúirt an Taoiseach gur sábháladh beatha go leor daoine cheana féin ach go gcaithfí coinneáil leis an iarracht a bhí ar bun an galar a choimeád faoi chois.

Ní raibh an tír “ó bhaol go fóill” ach ba faoin Rialtas é dóchas a thabhairt anois do dhaoine go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí tráthnóna inné gur bhásaigh 43 duine eile de thoradh na paindéime.

Tuairiscíodh leis gur naonúr duine eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,579 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,232 duine ó dheas den teorainn agus 347 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 359 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 24,148 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 20,612 cás ó dheas agus 3,536 cás ó thuaidh.

Den 359 cás nua a fógraíodh tráthnóna, bhain 227 acu le tithe altranais nó le hionaid chúraim eile.

Den 1,581 bás a fógraíodh go dtí seo, bhain 735 acu leis na hionaid chúraim.

Faoi mheán oíche Dé Máirt bhain 28% den 20,111 cás a bhí ann an uair sin le hoibrithe sláinte.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh ráta fáis an ghalair sa phobal gar do 0%. Bhí ráta atáirgthe an ghalair idir 0.5-0.8.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh líon na gcásanna nua den ghalar agus líon na gcásanna a bhfuiltear ag déileáil leo sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim fós ró-ard i gcomparáid leis an dtréimhse sular tugadh isteach na beartais dianghlasála.

Dúirt Nolan gur thart ar 900 duine a bhí sna hospidéil an uair ba mheasa an scéal agus gur 730 atá anois ann.

Ag buaic na heipidéime bhí 100 duine á chur sna hosipidéil gach lá agus faoi bhun 40 duine atá i gceist anois.

160 othar a bhí sna haonaid dianchúraim nuair ba mheasa a bhí an scéal agus beagán le cois 100 atá anois iontu. Dúirt an tOllamh Nolan go raibh dóchas aige go dtiocfadh a thuilleadh feabhais ar chúrsaí sa tréimhse amach romhainn.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas bunaithe ar na slata tomhais ar fad, ach nach raibh dóthain dul chun cinn déanta go fóill chun go molfadh sé don Rialtas na srianta dianghlasála a scaoileadh.

Fág freagra ar 'Plean chun na srianta dianghlasála a scaoileadh le fógairt'