Plé le déanamh i gConamara ar fhorbairt phobal na Gaeilge ar líne

RÉAMHRÁ: Saineolaithe sa réaltacht fhíorúil, sa ríomheolaíocht, sa teangeolaíocht agus sna hilmeáin i láthair ag ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’ Déardaoin

fibre Optic Boradban

Beidh saineolaithe sa réaltacht fhíorúil, sa ríomheolaíocht, sa teangeolaíocht agus sna hilmeáin i láthair ag ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’, seimineár aon-lae atá á eagrú Déardaoin ag Gréasán na Meán i gcomhar le ROSG agus Údarás na Gaeltachta.

Tá clár an tseimineáir fógartha ag lucht a eagraithe agus tá réimse leathan cainteoirí le bheith ar an ardán in Óstán Chois Fharraige.

Ina measc sin beidh eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, a bheidh ag labhairt faoi ‘Thodhchaí Mheáin na Gaeilge Ar Líne’, in éineacht le Seán Cathal Ó Coileáin ó TG4, Rónán Mac Con Iomaire, grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise Nós.

Beidh trí théama eile á bplé ag an seimineár: Ré Nua na Réaltachta Fíorúla, An Ghaeilge agus Úsáid na Teicneolaíochta ar Líne agus Ag Forbairt Pobal Ar Líne.

Anuas ar na cainteanna sin, déanfaidh an Dr Aodhán Mac Cormaic ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cur síos ar phlean nua digiteach an Stáit don Ghaeilge, plean a sheolfar níos deireanaí i mbliana.

Lucht acadúil ó Choláiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh a dhéanfaidh plé ar an teicneolaíocht ar líne, ina measc sin an Dr Brian Ó Raghallaigh, Neasa Ní Chiaráin, Eilís Ní Dhúill agus Ailbhe Ní Chasaide.

Beidh Aindriú Mac an Rí, atá ag obair le Conradh na Gaeilge ar a suíomh PEIG, ar aon ardán le Ciarán Ó Cofaigh ó ROSG agus an tOllamh Kevin Scannell le pobal na Gaeilge ar líne a phlé.

Aithnítear Scannell, atá ina Ollamh leis an Matamaitic agus an Ríomheolaíocht in Ollscoil St Louis i Meiriceá, ar dhuine de mhórcheannródaithe na teanga ar líne.

Is é James Corbett ón gcomhlacht Simivirtua a chuirfidh síos ar Ré Nua na Réaltachta Fíorúla.

Tá Gréasán na Meán ag súil go dtabharfar deis do lucht freastail an tseimineáir “na scileanna a fhoghlaim atá riachtanach chun ábhar réabhlóideach a chur ar fáil i nGaeilge” ar líne.

“Tá fás ollmhór tagtha sa ré dhigiteach seo ar na deiseanna atá ar líne don Ghaeilge, agus tá an-áthas orainn deis a thabhairt do na daoine a bheidh i láthair na scileanna a fhoghlaim atá riachtanach chun ábhar réabhlóideach a chur ar fáil i nGaeilge agus dul in oiriúint do na cleachtais nua dhigiteacha atá i saol athraitheach éabhlóideach digiteach na linne seo,” a dúirt urlabhraí ón eagraíocht.

Beidh ateangaireacht chomhuaineach ar siúl le linn an lae agus cluasáin ar fáil ar an láthair.

Fág freagra ar 'Plé le déanamh i gConamara ar fhorbairt phobal na Gaeilge ar líne'