Píosaí den ‘Plassey’ úsáidte do shaothair ealaíne nua

'Caomhnú an Plassey’ is teideal do thaispeántas Phillip Jacobsen ina bhfuil saothair ealaíne a bhaineann úsáid as píosaí a thit den long bhriste i gcaitheamh na mblianta

Píosaí den ‘Plassey’ úsáidte do shaothair ealaíne nua

Tá tús á chur anocht le taispeántas ealaíne nua ina bhfuil saothair déanta as píosaí den ‘Plassey’, an long bhriste cháiliúil ar Inis Oírr.

‘Caomhnú an Plassey’ is teideal do thaispeántas Phillip Jacobsen ina bhfuil saothair ealaíne a bhaineann úsáid as píosaí a thit den long bhriste i gcaitheamh na mblianta.

Lastlong gaile 600 tonna a bhí sa Plassey a raibh uisce beatha, snáth agus gloine dhaite mar lastas aici nuair a shéid stoirm í ar na carraigeach ar chósta thoir Inis Oírr sna 1960idí.

Philip Jacobsen

Tháinig an 11 duine i gcriú an Plassey slán a bhuíochas le muintir an oileáin a tháinig i gcabhair orthu. Tá an long bhriste atá fós ar na carraigeacha ar Inis Oírr ina cuid thábhachtach den oileán agus de scéal an oileáin anois agus bíonn an-tóir ag turasóirí uirthi.

Chaith an t-ealaíontóir Philip Jacobsen cuid dá óige ar Inis Oírr agus bíonn sé go minic ar an oileán a bhfuil “an-ghrá” aige dó agus dá thírdhreach ar leith.

“Tá an Plassey ina cuid thábhachtach den tírdhreach le níos mó ná leathchéad bliain. Thar an tréimhse seo chonaic Philip na hathruithe a tháinig ar an bPlassey agus í ag briseadh anuas de réir a chéile,” a deir lucht eagraithe an taispeántais in Áras Éanna ar Inis Oírr.

“Bhí sé ag iarraidh an long a chaomhnú i bhfoirm ealaíne. Ba mhinic le Philip píosaí briste di a phiocadh suas nuair a bhíodh sé amuigh ag siúl agus rith sé leis go bhféadfaí na píosaí meirgeacha a úsáid mar canbhás. Chruthaigh Philip na píosaí uathúla aon uaire seo ag baint úsáide as píosaí den long bhriste a cuireadh ar fáil go nádúrtha le himeacht aimsire.”

Fág freagra ar 'Píosaí den ‘Plassey’ úsáidte do shaothair ealaíne nua'