Pianbhreith gearrtha ar fhear a lig air féin gur fuadaíodh é in Indreabhán

Lig Gordon O’ Rourke air féin gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é mar chuid de phlean €45,000 a ghoid ón ollmhargadh, Siopa an Phobail, i gConamara

_MG_0932
Siopa an Phobail in Indreabhán i gCois Fharraige, Conamara, tar éis na heachtra ‘fuadaithe’. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Gearradh úasmhéid de 240 uair a’ chloig de sheirbhís phobail inniu ar fhear 29 bliain as Conamara a lig air féin gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é mar chuid de phlean €45,000 a ghoid ó ollmhargadh, ar lena uncail é, a bhí curtha faoi ghlacadóireacht.

Bhí Gordon O’ Rourke as na Creagáin in Indreabhán i gConamara os comhair Chúirt Chuarda na Gaillimhe i mí na Samhna seo caite, áit ar phléadáil sé ciontach as robáil €44,578 ó Siopa an Phobail, Indreabhán, idir an 30 agus an 31 Iúil 2012.

Phléadáil O’Rourke ciontach chomh maith as faisnéis agus ráiteas bréagach a thabhairt ar an 16 Lúnasa faoi choir a bheith déanta in Indreabhán i mí Iúil.

Ghearr an Breitheamh Rory McCabe pianbhreith dhá bhliain inniu air ach chuir an Breitheamh an phianbhreith ar fionraí ar feadh trí bliana agus chuir sé bannaí dea-iompraíochta ar O’Rourke.

Cuireadh an phianbhreith ar fionraí go dtí inniu toisc go raibh tuairisc seirbhíse pobail á hullmhú ag lucht na seirbhíse promaidh.

Agus an phianbhreith á fógairt aige, dúirt an Breitheamh gur feall mór ar iontaobh a bhí i gceist agus gurbh é an ‘cás is measa’ é ag aon fhostóir.

Thug an Garda Gerry Dunne fianaise ag an gcéad éisteacht gur fhiosraigh sé tuairisc a rinne O’ Rourke faoi thrombhuirgléireacht ag an ollmhargadh ag 1.10a.m ar 31 Iúil 2012.

Ghlaoigh O’Rourke, a dúirt sé, ar 999 agus thug sé fios go raibh sé díreach i ndiaidh é féin a shaoradh ó gceangal a bhí curtha air ag ionsaitheoir anaithnid.

Mhaígh sé gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é agus é ag dul isteach ina charr lasmuigh de phub níos luaithe an oíche sin.

Dúirt sé gur ordaíodh dó faoi bhéal gunna a charr a thiomáint nó go mbeadh sé ag an mbaile, cúig mhíle ón teach tabhairne. Dúirt an t-ionsaitheoir leis, a mhaígh sé, gan aon ní amaideach a dhéanamh ó tharla go raibh a fhios aige anois cár chónaigh sé.

Dúirt sé go ndúradh leis ansin tiomáint go dtí an siopa, áit ar cuireadh iachall air an taisceadán a oscailt agus an t-airgead istigh ann a thabhairt ar láimh uaidh.

Dúirt an Garda Dunne go raibh eochracha an tsiopa agus an taisceadáin chomh maith le cód an aláraim ag O’ Rourke toisc go raibh sé fostaithe ag a uncail, ar leis an siopa ag an am.

Thaispeáin taifeadadh ó CCTV á thabhairt faoi bhéal gunna ag a ionsaitheoir a raibh balacláva á chaitheamh aige ar láthair an siopa. Tógadh an t-airgead ón taisceadán agus dúirt O’ Rourke gur cuireadh ceangal air sa seomra folctha.

Rinne O’Rourke cur síos ar an bhfear a d’ionsaigh é do na Gardaí agus dúirt go raibh blas na Gaillimhe ar a chuid cainte. Thóg an t-ionsaitheoir carr O’Rourke agus aimsíodh an mhaidin sin í gan tada inti.

Tógadh ráiteas an lá dar gcionn ó O’Rourke amhail is gurbh é a bhí thíos leis an gcoir.

Tógadh ráitis eile uaidh ar 6 Lúnasa agus 16 Lúnasa, agus caitheadh leis mar a chaithfí le híobartach an dá uair.

Thug na Gardaí difríochtaí idir na ráitis faoi deara. Fritheadh gur ceannaíodh luach creidmheas fóin de €5 i siopa sa Spidéal a cuireadh ar fhón nár cláraíodh.

Nuair a breathnaíodh ar fhíseán slándála ón teach tábhairne An Poitín Stil, facthas O’Rourke ag caint ar an bhfón agus fón eile ina phóca aige.

Gabhadh é ar an 23 Iúil agus d’admhaigh sé i Stáisiún Gardaí na Gaillimhe gur casadh cara leis air i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath am éigin roimhe sin agus gur phléigh siad na bealaí éagsúla ina bhféadfaí an siopa a robáil.

Shocraigh siad go dtógfadh ionsaitheoir aonair é faoi bhéal gunna mar nach dtabharfaí duine ar bith eile isteach sa scéal ar an gcaoi sin.

“The premises had gone into receivership and that appears to have been the catalyst for Mr O’Rourke to come up with the plan to rob the premises because it was a relatively victimless crime as it was the banks that were being deprived of the money,” a dúirt an Garda Dunne.

Níor aimsíodh pingin den airgead a goideadh, agus dúirt O’Rourke leis na Gardaí go bhfuair sé féin €7,000.

Dúirt an Garda Dunne gur ciontaíodh O’Rourke as robáil uair amháin eile, sa bhliain 2008 i mBaile Átha Cliath, agus cuireadh a phianbhreith ar fionraí an uair sin.

Thug an Garda Dunne le fios do Bernard Madden, abhcóide sinsearach an chúisí, nár ainmnigh O’Rourke an fear eile a raibh baint aige leis an eachtra ar eagla an díoltais, ach nár Ghaillimheach é.

Dúirt Bernard Madden gur measadh gur beag an baol go ndéanfadh a chliant cion in athuair.

Dúirt an Breitheamh McCabe gur chuir O’Rourke go leor airgead poiblí amú nuair a chuir sé na Gardaí in éidreoir.

“Mr O’Rourke told the probation officer he got sucked into this by someone else and he went through with it because he was afraid of that person but no one knows if he is telling the truth of not,” a dúirt an breitheamh.

Dúirt sé go raibh sé ‘fágtha i sáinn’ ag moladh na Seirbhíse Promhaidh go gcuirfí O’Rourke faoina gcúram in áit téarma príosúnachta a ghearradh air.

Dúirt an Breitheamh McCabe gur cheart téarma 18 mí sa phríosún agus 18 mí eile ar fionraí a ghearradh air as an robáil agus gur cheart téarma bliana sa phríosún agus bliain eile ar fionraí a ghearradh ar an dara coir.

Chuir sé siar, áfach, deimhniú na pianbhreithe go dtí inniu le go mbeadh deis ag an tseirbhís phromhaidh oiriúnacht O’Rourke chun obair pobail a dhéanamh, in áit téarma príosúnachta, a mheas.

Tugadh le fios sa tuarascáil phromhaidh a tugadh don chúirt inniu go raibh O’Rourke oirúnach do sheirbhís pobail.

Rinne an breitheamh na horduithe thuasluaite tar éis dó aighneachtaí a chloisteáil ó Bernard Madden a dúirt go raibh deiseanna maithe fostaíochta ag a chliant agus go raibh a bhean ag súil le gasúr eile go luath.