Pelosi ag súil gur ‘seachrán’ sealadach i scéal na síochána é an Breatimeacht

Bhí Spéicéir Theach na Comhdhála i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag ócáid ar an teorainn idir Doire agus Dún na nGall inniu

Pelosi ag súil gur ‘seachrán’ sealadach i scéal na síochána é an Breatimeacht

Creidtear i Stáit Aontaithe Mheiriceá nár cheart go mbeadh sa Bhreatimeacht ach “seachrán” i scéal na síochána in Éirinn, a deir Spéicéir Theach na Comhdhála i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Nancy Pelosi.

Ag labhairt di ag ócáid ar an teorainn idir Doire agus Dún na nGall inniu, dúirt Pelosi gur thug Comhaontú Aoine an Chéasta cothrom na Féinne do chách.

“Tá ráite againne gurb í an chúis gur comhráthóirí sinn ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ná go gcreidimid go dtugann sé cothrom na Féinne don dá thaobh. Sin an fáth ar aontaíomar leis.

“Creidimid nár chóir go mbeadh sa Bhreatimeacht ach seachrán sa phlé seo de réir mar a leanfaimid orainn ag tógáil agus ag neartú ar ár síocháin, síocháin a d’eascair as Comhaontú Aoine an Chéasta.”

Tá Pelosi ar cuairt ar Éirinn le cúpla lá anuas in éineacht le toscaireacht ó

Theach na Comhdhála, ina measc Brendan Boyle, arb as Gleann Colm Cille i nGaeltacht Dhún na nGall a athair.

Tá ráite cheana féin ag Pelosi nach mbeadh aon mhargadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht  Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta dá mbeadh aon bhaol ann go gcuirfeadh sé as do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Dúirt sí nach bhféadfaí ligean don Bhreatimeacht scór bliain faoi shíocháin a chur i mbaol.

Agus í ag tabhairt a hóráid stairiúil i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Pelosi gur “eiseamláir don domhan uile” a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta.

“Is mór againn Comhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt sí.

Comóradh a bhí san ócáid sin ar an gcéad uair ar shuigh Dáil Éireann 100 bliain ó.

Tabharfaidh an toscaireacht cuairt ar Bhéal Feirste anocht.

 

Fág freagra ar 'Pelosi ag súil gur ‘seachrán’ sealadach i scéal na síochána é an Breatimeacht'