Peileadóir óg eile ón Daingean chun tabhairt faoin bpeil Astrálach

Tá Deividas Uosis, a bhuaigh bonn uile-Éireann le mionúir Chiarraí, chun conradh a shíniú le Brisbane Lions san AFL

Peileadóir óg eile ón Daingean chun tabhairt faoin bpeil Astrálach

Pictiúr: INPHO

Tá peileadóir eile as an Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag triall ar an Astráil agus é fógartha ag Deividas Uosis go bhfuil sé chun conradh a shíniú le foireann AFL níos deireanaí i mbliana.

Tá ráite ag Uosis go bhfuil sé féin agus Brisbane Lions tar éis teacht ar réiteach agus go gcuirfidh sé tús lena ghairm nua mí Dheireadh Fómhair.

Is é Uosis an dara himreoir ón Daingean a bheidh ag imirt san Astráil agus Mark O’Connor i mbun gaiscí do na Geelong Cats le blianta beaga anuas.

Rugadh Uosis san Liotuáin ach tháinig sé féin agus a mhuintir go hÉirinn nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois.

Bhí sé ina chúl báire ar fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2017 ach tá cáil bainte amach aige agus é ag imirt sa pháirc amuigh chomh maith.

D’fhreastail Uosis ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne i nDaingean Uí Chúis agus bhuaigh sé Corn Uí Mhuirí faoi dhó le foireann shinsir pheile na scoile.

Is ag imirt don scoil a bhí Uosis nuair a tharraing sé aird foirne ón Astráil ar dtús agus cuireadh féachaint air ag deireadh seachtaine traenála i mBaile Átha Cliath mí na Nollag seo caite.

D’éirigh go han-mhaith le Uosis sna tástálacha aclaíochta. Rith sé an ráib 20m i 2.76 soicind agus bhain sé scór 21.5 amach i scrúdú Yo-Yo, toradh níos fearr ná mar a bhí faighte ag aon imreoir óg san Astráil.

Is é Uosis an tríú Ciarraíoch óg a chinn tabhairt faoin AFL le blianta beaga anuas. Shínigh Gaeilgeoir eile Mark O’Connor, a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2015, conradh leis na Geelong Cats in 2016 agus tá Stefan Okunbor ag imirt leis an bhfoireann chéanna ó 2018.

Fág freagra ar 'Peileadóir óg eile ón Daingean chun tabhairt faoin bpeil Astrálach'