Pé mianta atá ag Trump ar fud na cruinne ag an mbaile a bheifear ag faire na vótaí

Tá oiread céanna de bhaint ag iompar Trump ar an ardán idirnáisiúnta leis an bpolaitíocht sa mbaile is atá aige leis an polaitíocht dhomhanda

Pé mianta atá ag Trump ar fud na cruinne ag an mbaile a bheifear ag faire na vótaí

Tá an caidreamh idirnáisiúnta curtha trína chéile ag Donald Trump ó insealbhaíodh é don dara téarma mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe taca an ama seo anuraidh. Tá an fear a dhearbhaigh arís agus arís eile go gcuirfeadh sé na Stáit Aontaithe chun cinn ar gach uile thír eile ar domhan sáite anois san oiread coimhlintí ar fud na cruinne gur deacair a chreidiúint gurb é an mana a bhí aige tráth ‘America First!’.

Ocht gcogadh go leith atá réitithe aige faoin tráth seo, dar leis.

Ola nó mianraí, cosaint d’fhlaitheas na Stát Aontaithe nó dúil sa gcumhacht – is cuma cén bealach an bhreathnaíonn tú ar na mianta atá ag Trump is féidir a bheith cinnte gur ar mhaithe leis féin atá sé agus ar mhaithe lena fheachtas do Dhuais Síochána Nobel. Is féidir a bheith cinnte freisin faoi rud amháin eile. Tá an oiread céanna de bhaint ag a chuid bagairtí, fuadach Maduro, dúnmharú na scórtha as Meiriceá Láir agus a chuid cainte faoin nGrianlann le polaitíocht dúchais na Stát Aontaithe agus atá acu le haon imní faoi shlándáil na Stát Aontaithe.

Tá an méid atá tarlaithe i Veiniséala le seachtain bunaithe ar fheachtas seanbhunaithe agus imní seanbhunaithe i Meiriceá faoi na tíortha ó dheas den teorainn agus an t-oileán nach bhfuil ach 90 míle uathu, Cúba. Braitheann na húdaráis in Washington go bhfuil siad faoi bhagairt ag fórsaí Sóisialacha Mheiriceá Láir. Agus is é an té is glóraí sa bhfeachtas sin ar fad ná an Rúnaí Stáit Marco Rubio. De bhunadh Chúba é Rubio, a bhfuil a shaol caite aige in Florida agus atá go fíochmhar in aghaidh sóisialachas nó an cumannachas de shaghas ar bith. Cé gur i Nua-Eabhrac a rugadh Trump tá cónaí air le fada in Florida ag Mar-a-Lago. Go deimhin, in áit filleadh ar Washington agus an Teach Bán an tseachtain seo nuair a bheartaigh sé ionsaí a dhéanamh ar thír neamhspleách ó dheas den Rio Grande is as Florida a thug Trump a ordú. D’éirigh leis sciar mór den vóta i measc an phobail Spáinnigh a thabhairt leis in 2024 – 45% – agus cé go léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil an tacaíocht sin tite is féidir a rá freisin go bhfuil go leor den phobal sin a d’fhéadfaí a mhealladh má fheictear dóibh go bhfuil a leas dá dhéanamh ag Trump agus Rubio, go háirithe.

Bliain mhór toghchánaíochta í seo agus gach seans go gcaillfidh Trump smacht ar an gComhdháil go háirithe má chailleann sé an sciar mór de vóta an phobail Spáinnigh a fuair sé sa toghchán uachtaránachta. Beidh súil aige trí dhíriú ar Veiniséala agus ar Chúba go háirithe nach amhlaidh a bheidh. Agus má laghdaíonn praghas na hola mar thoradh ar an soláthar breise as Caracas is fearr ná sin é.

I rith an ama freisin beidh súil ag Marco Rubio go n-éireoidh lena chuid cainte faoi mhianta Washington i leith Mheiriceá Láir agus Cúba. Beag beann ar aon dlí idirnáisiúnta teastaíonn uaidh go gcreidfeadh an pobal Spáinneach in Florida agus stáit eile i ndeisceart na Stát Aontaithe gur mian leis mar Rúnaí Stáit an tír a choinneáil slán ó dhrugaí agus ón Sóisialachas.

Tá sé tábhachtach do Rubio go mbeadh ainm in airde air faoi dheireadh na bliana seo nuair a bheidh tús neamhoifigiúil dá chur le feachtas toghcháin na huachtaránachta 2028. Mar Leas-Uachtarán, is le JD Vance ainmniúchán na bPoblachtach mura ndéanann sé aon bhotún tromchúiseach, shílfeá. Ní haon rún gur mhaith le Rubio tabhairt faoin ainmniúchán a fháil freisin – cuideoidh sé go mór leis má bhíonn an cháil air i measc an phobail in Florida agus na stáit eile cois teorann ó dheas go raibh sé mar leathbhádóir dílis ag Trump ina chuid gníomhartha. I ndeireadh an lae, fiú agus polaiteoirí ag bagairt agus ag brú ar fud na cruinne, is i ngar do bhaile agus in aice an bhaile a bheidh sé ag faire vótaí nuair a thiocfaidh an chéad toghchán eile.

Fág freagra ar 'Pé mianta atá ag Trump ar fud na cruinne ag an mbaile a bheifear ag faire na vótaí'