Páirtí lucht feachtais Mica cláraithe le seasamh i dtoghcháin

D’fhógair an Coimisiún Toghcháin inniu go raibh cinneadh déanta acu a mbeannacht a thabhairt don 100% Redress Party

Páirtí lucht feachtais Mica cláraithe le seasamh i dtoghcháin

Is é an 100% Redress Party an páirtí polaitíochta is déanaí atá cláraithe sa stát agus iad bunaithe chun cúiteamh iomlán a lorg d’úinéirí tí i nDún na nGall ar tógadh a dtithe le brící lochtacha Míoca.

D’fhógair an Coimisiún Toghcháin inniu go raibh cinneadh déanta acu a mbeannacht a thabhairt don pháirtí nua agus cead a thabhairt dóibh iarrthóirí a chur chun tosaigh i dtoghcháin áitiúla agus Dála.

Tá 21 lá ag daoine achomharc a dhéanamh faoi chinneadh an Choimisiúin a thiocfaidh i bhfeidhm go hoifigiúil i ndiaidh na tréimhse sin.

Cuireadh nóta inniu faoi chinneadh an Choimisiúin in iris oifigiúil an stáit, Iris Oifigiúil.

Meastar go bhféadfadh iarrthóirí an 100% Redress Party suaitheadh maith a bhaint as cúrsaí polaitíochta i nDún na Gall agus dochar a dhéanamh do na páirtithe móra agus polaiteoirí mór le rá sa cheantar.

De réir tuarascáil a foilsíodh in 2017, tógadh le brící lochtacha míoca thart ar 6,000 teach, a bhformhór i nDún na nGall, agus an chuid eile i Maigh Eo, Sligeach agus contae an Chláir. Tá cúiteamh á éileamh le tamall ag lucht feachtais ar thosaigh ballaí a dtithe ag scoilteadh de dheasca na mbrící lochtacha.

Bhí ar theaghlaigh áirithe a dtithe a fhágáil toisc iad a bheith ag titim anuas orthu agus bhí ar dhaoine áirithe a dtithe a leagan agus a thógáil arís.

Cúiteamh 100% a bhí á lorg ag na húinéirí tí.

Léirigh tuarascáil Rialtais in 2017 gurb é an mianra an míoca moscóíte ba mhó ba chúis leis na tithe a bheith ag titim as a chéile. Nuair atá leibhéal ard míoca i mbríce tógann sé uisce agus tagann scoilt sna ballaí de réir a chéile.

Fág freagra ar 'Páirtí lucht feachtais Mica cláraithe le seasamh i dtoghcháin'

  • MacAnRí

    Bhuel bail ó Dhia orthu !! Más maith is mithid mar ní dhearna na páirtithe móra dóthain do na daoine siúd. Ní amháin míoca an t-aon fhadhb ach mianraí suilfíd eile i gceist agus na dúshraitheanna chomh maith !! Naire shaolta an rud uilig !!