Páirtí frith-inimirce seanbhunaithe Geert Wilders ar an an bpáirtí is mó san Ísiltír

Tar éis fanacht fada ó thit rialtas Mark Rutte sa samhradh, an polaiteoir frith-Ioslamach iomráiteach Geert Wilders is mó a tháinig i dtír ar an titim a tháinig ar thacaíocht pháirtí nua Pieter Omtzigt

Páirtí frith-inimirce seanbhunaithe Geert Wilders ar an an bpáirtí is mó san Ísiltír

I dtús mhí Iúil a thit comhrialtas nualiobrálach Mark Rutte (an ceathrú ceann faoina stiúir ó bhí sé ina Chéad-Aire den chéad uair 13 bliana ó shin) ach ar chúiseanna éagsúla riaracháin agus eile, ní fhéadfaí olltoghchán a reáchtáil go dtí inniu, breis agus ceithre mhí níos déanaí.

Ceann de na cúiseanna ‘eile’ gur shocraigh na húdaráis toghchánaíochta an t-olltoghchán a chur ar an méar fhada ar feadh tamaill ná nár mhaith leo go gcuirfí ina leith nár thug siad a dhóthain ama do pholaiteoir a bhfuil an-ráchairt ag an bpobal air faoi láthair páirtí nua a bhunú.

Go dtí an tseachtain seo, bhí suas go 18% de na vótaí, nó suas go 28 suíochán parlaiminte, á dtuar do pháirtí úrnua Pieter Omtzigt, an NSC (Nieuw Sociaal Contract, nó ‘Conradh Sóisialta Nua’.) Ach tháinig laghdú suntasach air sin sna pobalbhreitheanna deireanacha, agus meastar gur éiginnteacht faoi thuairimí Omtzigt ar cheisteanna áirithe ba chúis leis sin.

Iarbhall de chuid an CDA, an Páirtí Daonlathach Críostaí, is ea Omtzigt agus ba é den chuid ba mhó ba chúis le titim thríú comhrialtas Mark Rutte thiar in 2021, nuair a tharraing sé aird ar an éagóir chórasach a bhí á déanamh ag coimisinéirí ioncaim na hÍsiltíre ar dhaoine ó chúlra inimirceach.

Laoch atá sásta a throid ar son chearta an ‘ghnáthdhuine’ atá in Omtzigt i súile cuid mhór Ísiltíreach ach páirtí de chuid na heite deise atá ina NSC nuabhunaithe den chuid is mó, cé go bhfuil snas ‘sóisialta’ air nach bhfuil ar na páirtithe eile ar an eite dheis.

Acu sin, ba iad nualiobrálaigh an VVD, páirtí Mark Rutte, is láidre sna pobalbhreitheanna. Dilan Yeşilgöz-Zegerius, Ollannach de shliocht Coirdíneach, atá ina ceannaire ar an bpáirtí sin ó d’fhógair Rutte go bhfágfadh sé an pholaitíocht, agus dá mbeadh an bua ag an VVD seans mór go mbeidh Yeşilgöz ní hamháin ar an gcéad bhean ach ar an gcéad duine de shliocht inimirceach a bheidh ina Céad-Aire ar an Ísiltír. Ach ná cuireadh na gnéithe sin dul amú ar éinne: tá tuairimí Yeşilgöz ar cheisteanna áirithe cúpla céim ar dheis fós ó thuairimí Mark Rutte.

Bhí suas go 19% , nó 30 suíocháin, á dtuar don VVD sna pobalbhreitheanna.

Ach an polaiteoir frith-Ioslamach iomráiteach Geert Wilders ba mhó a tháinig i dtír, is cosúil, ar an titim a tháinig ar thacaíocht pháirtí nua Pieter Omtzigt le cúpla lá anuas. Is cosúil go mbeidh 35 suíocháin ag páirtí Wilders, an PVV, páirtí frith-inimirce seanbhunaithe a bheidh ar an bpáirtí is mó sa pharlaimint tar éis an toghcháin seo. Drochsheans mar sin féin go mbeidh Wilders ina phríomhaire.

PvdA/GroenLinks atá sa dara háit, comghuaillíocht idir an Lucht Oibre agus na Glasaigh atá ag glacadh páirte san olltoghchán le chéile faoi stiúir Frans Timmermans, a bhíodh i gceannas ar chúrsaí aeráide an Aontais Eorpaigh nuair a bhí sé ina Chéad-Leas-Uachtarán ar an Choimisiún Eorpach go dtí le fíorghairid.

Tá an-tóir ar Timmermans, a dhírigh go mór ar chúrsaí aeráide san fheachtas, sna cathracha móra go háirithe.

Díol suntais go bhfuil titim ollmhór tagtha ar thacaíocht an iarrthóra leath-Éireannaigh Caroline van der Plas, tar éis gur éirigh go hiontach lena páirtí BBB (BoerBurgerBeweging, nó ‘Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach’) i dtoghchán na bproibhinsí níos túisce i mbliana.

Mí nó dhó ó shin bhí sí fós á lua le post an Chéad-Aire ach níl ach 6 faoin gcéad de na vótaí, nó 11 suíochán ar a mhéid, á dtuar dá páirtí faoi láthair. A hiompar neamhshocair sna díospóireachtaí agus an fás a bhí faoi pháirtí nua Pieter Omtzigt ba chúis leis an titim a bhí ar thacaíocht Van der Plas, dar leis na tráchtairí.

Bhí bua mór mar sin ag PVV Geert Wilders – athrú mór i saol na polaitíochta san Ísiltír. Ach is ar éigean go n-éireoidh leis an bpolaiteoir frith-Ioslamach iomráiteach agus páirtithe na heite deise agus an láir comhrialtas a chur le chéile eatarthu féin.

Fág freagra ar 'Páirtí frith-inimirce seanbhunaithe Geert Wilders ar an an bpáirtí is mó san Ísiltír'