Páirc an Chrócaigh, an Aviva agus Páirc Mhic Easmainn ar ghearrliosta na staideanna do Chraobh Sacair na hEorpa 2028

Tá tairiscint déanta ag cumainn sacair na hÉireann, Thuaisceart Éireann, Shasana, na Breataine Bige agus na hAlban le craobh na hEorpa a reáchtáil faoi cheann sé bliana

Páirc an Chrócaigh, an Aviva agus Páirc Mhic Easmainn ar ghearrliosta na staideanna do Chraobh Sacair na hEorpa 2028

D’fhéadfadh sé tarlú go n-imreofarí cluichí i bPáirc an Chrócaigh, Staid Aviva agus Páirc Mhic Easmainn má éiríonn leis an tairiscint atá á déanamh EURO 2028 a imirt in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Tá tairiscint déanta ag cumainn sacair na hÉireann, Thuaisceart Éireann, Shasana, na Breataine Bige agus na hAlban craobh na hEorpa a reáchtáil faoi cheann sé bliana agus cuireadh comhad tairisceana faoi bhráid UEFA inniu.

Ar maidin inniu deimhníodh an 14 staid a bhain áit amach ar an ngearrliosta tairiscintí agus tá trí cinn in Éirinn ina measc – Páirc an Chrócaigh agus Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus Páirc Mhic Easmainn i mBéal Feirste, atá le hathfhorbairt.

Roghnófar 10 staid ón ngearrliosta sin a bheidh ina gcuid den iarratas deireanach a dhéanfar san earrach.

Staid amháin in Albain – Hampden Park i nGlaschú – agus ceann sa Bhreatain Bheag – Principality Stadium i gCaerdydd – atá roghnaithe. Is i Sasana atá na naoi staid eile – Villa Park, Goodison Park, London Stadium, Tottenham Hotspur Stadium, Wembley Stadium, Etihad Stadium, St James’ Park, Stadium of Light agus Old Trafford.

Chinn an Rialtas ó dheas inné tacaíocht a thabhairt don tairiscint agus súil ann go bhféadfaí ceann de mhórchomórtais sacair an domhain a reáchtáil sa tír den chéad uair.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, inné nach mbeadh infheistíocht shuntasach ag teastáil chun Páirc an Chrócaigh ná Staid Aviva a fhorbairt don chomórtas.

Tá obair mhór le déanamh ar Pháirc Mhic Easmainn más léi a bheith réidh don chomórtas. Tá breis is deich mbliana ann ó imríodh cluichí ar phríomhpháirc CLG Aontroma ach tá cead faighte an pháirc a athfhorbairt agus tá sé i gceist tús a chur leis an obair an bhliain seo chugainn.

Measadh ar dtús go gcosnódh an obair athfhorbartha sin £75 milliún ach meastar anois go bhféadfadh go mbeadh a dhá oiread sin ag teastáil don phlean le staid a thógáil ina mbeadh suíochán ag 35,000 duine.

Dá n-éireodh le trí staid na tíre seo a bheith ina gcuid den iarratas deireanach, d’fhéadfaí suas le 11 cluiche a imirt in Éirinn – ceithre cinn i bPáirc Mhic Easmainn agus seacht gcinn idir Staid Aviva agus Páirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar 'Páirc an Chrócaigh, an Aviva agus Páirc Mhic Easmainn ar ghearrliosta na staideanna do Chraobh Sacair na hEorpa 2028'