Páipéar samplach ‘ailtéarnach’ Gaeilge curtha faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit

Tá éileamh á dhéanamh ag múinteoirí go ndéanfaí na páipéir shamplacha Ghaeilge don tsraith shóisearach a tharraingt siar

Páipéar samplach ‘ailtéarnach’ Gaeilge curtha faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit

Tá páipéar samplach nua a dhréachtaigh grúpa múinteoirí Gaeilge curtha faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit mar shampla den chineál scrúdú Gaeilge a bheadh múinteoirí Gaeilge ag súil leis don tsraith shóisearach.
Tá raic ann maidir le scrúduithe Gaeilge na sraithe sóisearaí ó foilsíodh na páipéir shamplacha ar shuíomh Choimisiún na Scrúduithe Stáit an tseachtain seo caite agus tuairim láidir i measc go leor múinteoirí go bhfuil na páipéir shamplacha ródheacair, róchasta agus rófhada.

I ráiteas a chuir Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do Tuairisc.ie maidir leis na páipéir chonspóideacha don Ghaeilge dúradh go bhfuil siad “sásta” le “struchtúr agus le hábhar” na bpáipéar samplach Gaeilge don tsraith shóisearach.

Mar a tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite, tá idir iontas, dhíomá agus fhearg ar mhúinteoirí ar fud na tíre faoi na páipéir shamplacha Ghaeilge atá le déanamh ag daltaí i mí an Mheithimh seo chugainn agus tá éileamh á dhéanamh ag múinteoirí go dtarraingeofaí siar iad.

Mar chuid den achainí sin, tá páipéar samplach a dhréachtaigh grúpa múinteoirí Gaeilge curtha faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Maíonn na múinteoirí go bhfuil an páipéar nua, atá níos gonta agus níos simplí, in oiriúint mar is ceart don aoisghrúpa atá i gceist.

Tá tacaíocht tugtha don pháipéar samplach nua ag na scórtha múinteoirí ar an ghrúpa Facebook ‘Múinteoir Gaeilge’.

Idir an dá linn, tá an grúpa ‘An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge’, a bunaíodh anuraidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhúinteoirí Gaeilge, ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú ar na páipéir shamplacha Ghaeilge de chuid Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Deir ‘An Gréasán’ gur chóir do Choimisiún na Scrúduithe Stáit athbhreithniú a dhéanamh láithreach ar na páipéir shamplacha Ghaeilge, go háirithe ar pháipéar T2 Ardleibhéal, atá ag cothú “an-imní” i measc múinteoirí, dar leo.

“Tá an-imní ann go bhfuil an iomarca gnéithe ar an scrúdú agus nach mbeidh sé ar chumas na ndaltaí é a chríochnú taobh istigh de dhá uair an chloig. I measc na mbuaireamh eile tá imní ann go bhfuil an iomarca béime ar an litríocht, le 41% de na marcanna ag dul don litríocht.

“Tá buaireamh ann freisin go bhfuil an foclóir atá in úsáid i roinnt de na ceisteanna an-chasta agus róshainiúil, agus go mbeidh deacrachtaí ag daltaí na ceisteanna a thuiscint. Ar a bharr sin, tá imní ann go bhfuil roinnt den ábhar mí-oiriúnach do dhaltaí atá ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga agus nach bhfuil go leor béime ar chumarsáid, caint agus idirghníomhaíocht sa scrúdú.

“Iarraimid mar sin ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar na Páipéir Shamplacha seo láithreach agus oibriú linn, an grúpa ionadaíoch do mhúinteoirí Gaeilge, leis na haidhmeanna seo a bhaint amach,” a dúirt urlabhraí ó ‘An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge’.

Fág freagra ar 'Páipéar samplach ‘ailtéarnach’ Gaeilge curtha faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit'

  • Enda McKenna

    Ná dearmad gur tríú teanga í an Ghaeilge d’an-chuid daltaí I seomraí ranga na hÉireann sa la atá inniu Ann!