Bhí dearmad déanta agam gur beag an gean atá ag Sergio Garcia agus ag Pádraig Harrington ar a chéile gur shuigh mé síos tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite go bhfeicfinn cé a thabharfadh an seaicéad uaine leis as Augusta, áit a raibh Sergio Garcia agus Justin Rose ar cheann na hiomaíochta, buille amháin chun cinn ar Rickie Fowler agus péire chun cinn ar Jordan Speith.
Faoi mar a bheifeá ag súil leis bhí Sky ag súil go mba dhuine de na hEorpaigh a thabharfadh an lá leis agus luath go maith ina chuid cainte thug an láithreoir, David Livingstone le fios, gurbh é an Spáinneach a rogha féin, ós rud é nach raibh aon cheann de na mórchomórtais buaite fós aige, ainneoin é bheith san iomaíocht iontu le 21 bliain agus deich gcinn fhichead de chraobhacha eile a bheith ina sheilbh. “Your heart would pick Sergio, wouldn’t it?” a d’fhiafraigh Livingstone.
Ós rud é go raibh an cóitseálaí atá ag Fowler, Butch Harmon, ar dhuine díobh siúd ar a raibh an cheist á cur níorbh iontas mura mbeadh chuile dhuine ar aon intinn leis an láithreoir, ach níorbh é siúd ná Paul McGinley ba thúisce a labhair, ach Harrington. “Well, maybe not mine!” a deir Pádraig agus é ag gáire, mar a bhí a chomhanailísithe, a thuig ar an bpointe go raibh ‘seanspite feamainne’ tarraingthe anuas.
Lena gceart a thabhairt dóibh ar fad, sin eile de chaint a rinneadh faoin scéal agus dhíríodar isteach ar an obair a bhí idir lámha.
Tuigeann muid ar fad gur féidir le heasaontas a theacht chun cinn fiú eatarthu siúd a bhíonn ag ithe as béal a chéile, ach is cinnte go bhfuil siad ann gur deacair leo a chreidiúint go dtarlódh a leithéid idir galfairí – an dream a chleachtann an cluiche suaimhneach seo agus a bhíonn de shíor ag croitheadh lámh lena chéile, ag baint díobh a gcuid caipíní agus ag glacadh buíochais leis an lucht féachana.
Sa mullach air sin, ba cheart a chur san áireamh nach ag iomaíocht in aghaidh a chéile a bhíonn galfairí go hiondúil ach chuile dhuine as féin in aghaidh an chúrsa.
Is tríd an gceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic a shaothraíonn formhór lúthchleasaithe an domhain an bua – bíodh gur spórt aonarach seachas spórt foirne a bhíonn á chleachtadh acu agus dá bharr, níl aon iontas le déanamh sa gcás go n-éireodh idir peileadóirí, iománaithe agus lucht leadóige, ní áirím dornálaithe a bhíonn ag crústáil a chéile de shíor.
Ach galfairí?
Féach mar sin féin nach amháin go dtarlaíonn sé ach go maireann sé freisin, mar go bhfuil an t-easaontas idir Pádraig agus Sergio ar bun le timpeall deich mbliana anois agus b’fhéidir níos faide.
Ba é Sergio a chríochnaigh sa dara háit sa dá mhórchomórtas ba thúisce a bhuaigh Harrington – Craobh Oscailte na Breataine i Carnoustie in 2007, nuair a bhí poill bhreise i gceist agus Craobh an USPGA in Oakland Hills an bhliain dár gcionn.
Ní hé gur tharla aon eachtra faoi leith i gceachtar comórtas acu sin, ná go deimhin in aon chomórtas eile, a d’fhág nach dtarraingíonn siad le chéile. Le pearsantacht na beirte is mó a bhaineann sé. Tá Harrington séimh, suaimhneach, staidéartha agus cleachtann sé stíl imeartha chúramach, thomhaiste.
Mianach an Spáinnigh atá i Sergio a mbíonn rún a chroí ar a bhois aige agus is nós leis gan aon cheilt a dhéanamh ar an rud atá ina intinn. Ní raibh sé ach 19 bliain d’aois nuair a chuir sé in aithne don domhan é féin ag craobh an PGA i Medinah, áit ar imir sé i gcomhluadar Tiger Woods sa mbabhta deireanach. Ar an 16ú poll ansiúd agus é sáinnithe faoi bhun crainn, bhuail an t-ógánach buille as míle agus ansin as go brách leis sna cosa ceantair i ndiaidh na liathróide. Tiger a bhuaigh, ach bhí an chloch sa mhuinchille ag na Poncánaigh don Spáinneach.
An bhliain chéanna sin, chaith sé a bhróg le clár fógraíochta le linn comórtais i Wentworth agus blianta ina dhiaidh i Whistling Straits chuaigh sé le báiní i bpoll gainimh, áit ar dhóigh leat gur speal in áit maide gailf a bhí ar iompar aige.
Ní hiontas gur dhúirt Pádraig Harrington in agallamh sa Guardian tráth. “We have zero in common, bar the fact that we both play golf. He is the antithesis of me and I am the antithesis of him.”
Nuair a imríonn siad i gcomhluadar a chéile i gcomórtais, is beag comhrá a bhíonn eatarthu agus cé go raibh an bheirt acu ar fhoirne Chorn Ryder le chéile cúig huaire, níor imir siad i bpáirt ann riamh.
Bheadh iontas orm mura bhfuil tuilleadh galfairí gairmiúla ann nach bhfuil in ann a chéile a sheasamh agus ar ndóigh líonfadh scéalta faoi pheileadóirí a bhfuil agus a raibh an ghráin acu ar a chéile leabharlann. Ní bhíodh Roy Keane ná Patrick Viera in ann fanacht go dtagadh tús na himeartha beag ná mór sula dtosaíodh siad ag bleaisteáil a chéile.
Ach is le beirt a bhíodh ag imirt ar an bhfoireann chéanna a bhaineann an ceann is fearr liom.
Scóráil Andy Cole agus Teddy Sheringham 150 cúl eatarthu do Manchester United fad agus a bhíodar le chéile ansiúd idir 1997 agus 2001, tráth ar bhuaigh siad craobh na Príomhroinne trí huaire.
Oiread agus aon fhocal amháin níor labhair siad lena chéile le linn an achair sin.
Cinnte glan, sin rud a dtabharfá seanspaidht feamainne air.