Paddy Fitz, duine de laochra móra Chonamara, imithe uainn

Fear suáilceach, nádúrtha a bhí dílis dá chultúr agus dá mhuintir ab ea Paddy Fitz as Rinn Mhaoile

Paddy Fitz, duine de laochra móra Chonamara, imithe uainn

Tá Paddy Fitz imithe uainn, duine de laochra móra Chonamara. Fear an Hata a thug Seán Ó Cualáin air sa gclár álainn teilifíse a rinne sé faoi.

Bhí nádúr faoi leith agam féin leis; uncail liom, Antaine Ó Cuaig,  a chuir a athair agus a mháthair in aithne dá chéile agus iad ar an mbád ar a mbealach abhaile as Meiriceá sna fichidí.

I gceantar Béarla Rinn Mhaoile i dtuaisceart Chonamara a chaith sé formhór a shaoil ach chaith sé seal maith freisin ina óige san Aird Thoir.

Is breá a thug sé cultúr an ruta sin tíre leis. Cén chaoi nach dtabharfadh nuair a bhí Joe  Éinniú, Seán Jeaic Mháire an Ghabha, Seán Choilm  agus daoine eile mar iad ina gcomharsana aige?

Ba mhór é a mheas ar a gcuid amhrán agus a gcuid scéalaíochta. Fear suáilceach, nádúrtha a bhí ann. Ba bhreá leis freastal ar fhéilte, ar aontaí, agus ar shiamsaí.

Ní bhíodh lá ar bith is mó a  mbíodh sé ar a chompord  ná Lá Fhéil’  Mhic Dara.

An lá sin a chloisfeá  na scéalta gaile agus gaisce uaidh. Mar fear gaisciúil a bhí ann, cinnte . Níorbh ionadh sin agus gaol aige le muintir Lorcáin a bhí i nDaighinis i gceantar na nOileán.

Bhí leagan cainte ann  faoi dhuine acu: an té nach bhfaca Lorcán chuala sé a cháil.

Ba bhreá le Paddy cuid de na ráitis bharrúla a chloiseadh sé nuair a chastaí na Gaeilgeoirí ó dhúchas leis

“An bhfuil na fataí curtha fós agaibh?” a d’fhiafraigh  sé de dhuine acu lá agus fonn diabhlaíochta air.

“ Tá agus an lettuce,”  a dúirt mo dhuine á fhreagairt.

Bhí eolas ag daoine taobh amuigh de Chonamara ar Phaddy fresin,  ar ndóigh. Le linn do John Major a bheith ina Phríomh-Aire ar Shasana bhí mé ar ghrúpa iriseoirí a cuireadh anonn go Londain le preasócáid a bheith againn leis.

Ag dul suas thar áras Scotland Yard dhúinn ar  ár mbealach go 10 Sráid Downing bhí iriseoir cáiliúil as an Irish Times in aice liom sa mbus. Fear ardnósach go maith a bhí ann a raibh canúint bheag air. Ach duine deas a bhí ann agus thug sé neart eolais dhom faoi Scotland Yard.

D’fhiafraigh sé ansin díom cén áit arbh as mé.

“As Conamara,” arsa mise.

“An bhfuil aithne agat ar Phaddy  Fitzpatrick agus ar  a dheartháir Johnny?”  ar seisean.

Is fearr an t-eolas a bhí aige orthu ná a bhí agam féin.

“Tá gaolta acu i bparóiste Charna  freisin,”  ar  seisean.

Is cosúil go gcaitheadh an fear seo  tréimhsí saoire i dtuaisceart  Chonamara agus go mbíodh sé ag comrádaíocht le beirt Rinn Mhaoile.

Chuaigh cáil Phaddy ar fud Éireann nuair a craoladh an clár  teilifíse a rinne Seán Ó Cualáin faoi, Fear an Hata.  Casadh dhom lá fear as Oirthear Bhéal Feirste a raibh Gaeilge líofa aige. Aontachtóir a bhí ann chomh fada le mo bharúil.

An bhfuil aithne agat ar Fhear an Hata , a dúirt sé.

“Tá go deimhin,” arsa mise.

“An raibh an fear sin dháirire nuair a tháinig sé amach i dtús an chláir agus gránghunna aige?”  ar seisean.

“Tá sé i bhfad níos contúirtí ná sin,” arsa mise, “bheadh dháréag Sasanach maraithe aige roimh mheán lae dá bhfaigheadh sé deis.”

Scéal a bhí ann a thaithnigh thar cionn le Paddy.

Maidir le peil Ghaelach bhí a chroí agus a anam sa gcluiche sin. Caithfear a admháil mar sin féin gurbh  í  fealsúnacht  Jonny Giles  agus Roy Keane a bhí aige ar an bpáirc: gan a chéile comhraic a ligean thairis ar ais nó ar éigean.

Ach chuidíodh sé leis na peileadóirí óga i gcónaí agus bhí sé ar dhuine acu siúd a réitigh páirc pheile i Rinn Mhaoile. Lean sé féin air ag imirt go raibh sé amach sna blianta.

Réabhlóidí a bhí in Paddy ó thaobh na polaitíochta de. Thugadh sé tacaíocht i gcónaí d’aon agóid a bhíodh ar bun againn. Le Sinn Féin a thit sé isteach sna blianta deireanacha, sílim.

Bhí amhras aige ar an Eaglais Chaitliceach, go mór mór ar chuid de na sagairt. In áit a dhul ag an Aifreann Dé Domhnaigh is amach ag foghlaeireacht a théadh sé.

“Seo é mo theampeallsa, “ a deireadh sé agus é ag breathnú uaidh ar na Beanna Beola agus amach ar an bhfarraige.

Díreach ón teach a tugadh a chorp Déardaoin lena chur i Reilig Chnocán an Teampaill.

Fág freagra ar 'Paddy Fitz, duine de laochra móra Chonamara, imithe uainn'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • ciaran O Fatharta

    Píosa an deas ar fad a Joe. Ach an oireadh le scéal is dóigh gur chuala John Major é fhéin trácht ar Paddy Fitz. Ni raibh ann ach Paddy Fitz amháin agus ní bheith aon Paddy Fitz eile ann arís go deo.

  • Séamas Mac Coitir

    Fear cuideachtúil, siamsúil, ba ea Paddy Fitz, agus bhí meas agus cion aige ar chultúr ársa na hÉireann. Bhí an Ghaeilge ar a thoil aige, agus go deimhin, níorbh leasc leis í a labhairt i gcónaí. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.