‘Pacáiste teanga amháin do gach teaghlach agus sin an méid’ — Roinn na Gaeltachta

Cé go ndúradh nuair a seoladh an pacáiste teanga in 2012 go mbeifí ag cur leis agus á athrú de réir a chéile tá an Roinn ag diúltú d’iarratais eile ó theaghlaigh a fuair pacáiste cheana

‘Pacáiste teanga amháin do gach teaghlach agus sin an méid’  — Roinn na Gaeltachta

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta do Tuairisc.ie nach bhfuil  teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge i dteideal ach pacáiste tacaíochta teanga amháin.

Cé go ndúradh nuair a seoladh an pacáiste teanga in 2012 go mbeifí ag cur leis agus á athrú de réir a chéile sna blianta ina dhiaidh sin, is cosúil go bhfuil an Roinn ag diúltú d’iarratais eile ó theaghlaigh a fuair pacáiste cheana beag beann ar an líon páistí a shaolaítear dóibh.

“Ar mhaithe lena chinntiú go ndéantar freastal ar an oiread is mó is féidir de theaghlaigh agus go bhfaightear an luach is fearr is féidir dá réir as an infheistíocht atá déanta ag an Státchiste sa tionscnamh faoi leith seo atá mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh, is iondúil go gcuirtear pacáiste amháin chuig gach teaghlach a lorgaíonn ceann,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie.

In ainneoin ar gealladh nuair a seoladh an pacáiste, is beag athrú atá tagtha ar na pacáistí tacaíochta atá mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a tháinig in áit Scéim Labhairt na Gaeilge cúig bliana ó shin. Tugadh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh isteach in áit Scéim Labhairt na Gaeilge i mí Aibreáin 2012 “chun tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Ghaeltachta”.

Is éard atá sa phacáiste ná leabhair, dlúthdhioscaí agus DVDanna chomh maith le leabhrán a thugann comhairle faoi thógáil chlainne le Gaeilge.

Nuair a tugadh an pacáiste teanga isteach in 2012, dúradh gur dírithe ar theaghlaigh Ghaeltachta go “príomha” a bheadh sé, ach léirigh anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua nach ndeachaigh ach 10% de na pacáistí teanga a dáileadh le cúig bliana anuas faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh go dtí an Ghaeltacht.

4,985 pacáiste teanga ar fad a dáileadh faoin gClár le cúig bliana anuas, ach níor bhain ach 503 acu sin le hiarratais ón nGaeltacht, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua.

Breis agus 3,350 teaghlach Gaeltachta a chuireadh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge i mblianta deireanacha na scéime sin.

Dúirt urlabhraí ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta nár léir dóibh cén fáth go raibh béim á cur ag an Roinn ar an scéim.

“Tá sé an-deas na leabhair a fháil. Ní hé nach bhfuil tábhacht ag baint leis, ach tá níos mó ag teastáil ná na pacáistí.

Ní pacáistí atá ag teastáil, cé go bhfuil siad go deas agus go gcuireann siad roinnt airgid ar fáil d’fhoilsitheoirí agus is maith sin.

“Tá seirbhísí ag teastáil, tá rud iomlán ag teastáil, níl aon teagmháil phearsanta i gceist leis an bpacáiste. Lena gceart a thabhairt dóibh [Roinn na Gaeltachta], thug siad airgead dúinne [Tuismitheoirí na Gaeltachta] chun an teagmháil sin a dhéanamh leis an bpobal,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta tuismitheoirí.

Dúirt duine de mhór-shochtheangeolaithe na Gaeilge, Seosamh Mac Donnacha ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tseachtain seo go mbeadh “drogall” air a mholadh d’aon duine “clann a thógáil le Gaeilge” agus go mb’fhéidir go mbeadh sé níos “simplí” agus níos “fearr” Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Pacáiste teanga amháin do gach teaghlach agus sin an méid’ — Roinn na Gaeltachta'