‘Bheadh drogall orm a mholadh d’aon duine clann a thógáil le Gaeilge’ – sochtheangeolaí

Deir Seosamh Mac Donnacha go mb’fhéidir go mbeadh sé níos ‘simplí’ agus níos ‘fearr’ Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta

‘Bheadh drogall orm a mholadh d’aon duine clann a thógáil le Gaeilge’ – sochtheangeolaí

Tá ráite ag duine de mhór-shochtheangeolaithe na Gaeilge, Seosamh Mac Donnacha ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go mbeadh “drogall” air a mholadh d’aon duine “clann a thógáil le Gaeilge” agus go mb’fhéidir go mbeadh sé níos “simplí” agus níos “fearr” Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta.

Ag labhairt dó ar an gclár 7 Lá ar TG4 aréir, dúirt Mac Donnacha, duine d’údair an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, go raibh amhras air an raibh sé “indéanta” sa lá atá inniu gasúr a thógáil sa Ghaeltacht sa chaoi go mbeadh “caighdeán [Gaeilge] an chainteora dúchais” aige.

“Caithfidh mé a rá, ag an bpointe seo, leis na tuiscintí atá agam féin ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí Gaeltachta, go mbeadh drogall orm moladh d’aon duine a gclann a thógáil le Gaeilge, mar níl a fhios agam an bhfuil sé indéanta níos mó do chlann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht agus a bheith ag súil nuair a bheas do ghasúr sé bliana déag d’aois go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais aige sa teanga sin.

“Agus mar thuismitheoir, mura bhfuil tú ag súil leis go bhféadfadh do ghasúr caighdeán an chainteora dúchais a bhaint amach, cén fáth go dtabharfá faoi labhairt leo sa teanga sin ar aon nós? Nach mbeadh sé i bhfad níos simplí, agus b’fhéidir níos fearr, do ghasúir Béarla a labhairt leo,” a dúirt Seosamh Mac Donncha.

Dúirt Mac Donnacha go molfadh sé do thuismitheoirí clann a thógáil le Gaeilge ach “tacaíochtaí” áirithe a bheith ar fáil dóibh.

Ba ghá, a dúirt sé, go mbeadh teacht sa cheantar ina maireann siad ar sheirbhís cúram leanaí trí Ghaeilge agus Gaeilge den scoth ag gach duine a bheadh ag soláthar na seirbhíse sin. Ba ghá leis teacht a bheith ag tuismitheoirí ar réamhscoil ina mbeadh scoth na Gaeilge ag gach duine a bheadh ag obair inti agus ina mbeadh an gasúr ag meascadh le cainteoirí óga dúchais seachas le foghlaimeoirí Gaeilge. Theastódh ina dhiaidh sin bunscoil agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a mbeadh polasaí teanga “láidir ciallmhar” acu, agus ina mbeadh an teagasc agus na háiseanna ar fad ar fáil iontu i nGaeilge.

“Má tá na rudaí sin ar fáil duit, cinnte ba cheart do chlann a thógáil le Gaeilge mar beidh buntáistí breise i gceist don ghasúr sa gcás sin, ach gan na tacaíochtaí sin beidh sé fíordheacair ag aon lánúin óg a gclann a thógáil trí mheán na Gaeilge sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann,” a dúirt Mac Donncha.

Dúirt an sochtheangeolaí go raibh an Polasaí Oideachais nua don Ghaeltacht ar an bplean “is fearr” riamh ag an Stát don Ghaeilge, ach go ‘neosfadh an aimsir’ an gcuirfí i bhfeidhm é.

Pléadh aréir ar 7 Lá an scéal nach ndeachaigh ach 10% de na pacáistí teanga a dáileadh le cúig bliana anuas faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh go dtí an Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Bheadh drogall orm a mholadh d’aon duine clann a thógáil le Gaeilge’ – sochtheangeolaí'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cad is fiú lagmhisneach a scaipeadh?

  • An Rógaire

    Cad is fiú a bheith réalaíoch. An féidir do shaol a chaitheamh gan dul i muinín an bhéarla gach lá?
    Munar féidir nach teanga shóisialta amháin í an ghaeilge.

  • Úna Bxl

    Is fiú an cheist a phlé agus iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na deacrachtaí atá ann. Níl sé éasca clann a thógáil le Gaeilge. Tá sé ag dul dian orm féin agus níl a fhios agam an bhfuil ag éirí liom ach ní hin le rá nach fiú é a thriail. Beidh Béarla acu ar chaoi ar bith. C’mon, a Josie!!!

  • Seán Mag Leannáin

    Ba léir go raibh lagmhisneach ar Josie agus a leathbhádóir Conchúr le fada an lá. B’fhéidir go bhfuil an rás rite sa Ghaeltacht ach an gciallaíonn sin go bhfuil an Ghaeilge marbh?

  • TG-Lurgan

    Ní bhíonn an fhírinne i gcónaí searbh – ach faraor, tá sí thar a bheith searbh sa gcás seo.
    Má breathnaítear go fuarchúiseach ar an síor-chúlú le dhá scór bliain, agus ar an gcaoi a bhfuil sé théis treisiú go damanata le 10 mblian anuas, is deacair a bheith dóchasach.
    Ní h’in le rá nach bhfuil neart tuair dóchais ann, ach níltear ag tógáil orthu nó a gcur ag obair as lámh a chéile.
    Seo’d anois í am an ghátair – an Alamo, Thermopylae, Waterloo na Gaeltachta
    An féidir borradh a chuir aríst fuithi mar theanga chaidrimh na nóg?
    Cinnte is féidir, ach ní tré a bheith ag leanacht go dall & go humhal na cur chuigí ar cúis an staid ina bhfuil muid.

  • Seán Mag Leannáin

    Fiú más fíor é go bhfuil a rás rite ag an teanga sa Ghaeltacht an gciallaíonn sin go bhfuil an Ghaeilge marbh? Tá a fhios agam gurb í an ghnáth-thuiscint nach féidir le teanga maireachtáil gan ‘comhthionól fuinniúil fuinte’ (nó local organic community) mar thobar chun tarraingt as ach n’fheadar an fíor sin i gcónaí i ré seo an idirlín agus an phictiúir bheo. B’fhéidir go bhfuil nádúr na cumarsáide féin ag athrú agus an focal scríofa in éindigh leis an íomhá bheo ag fáil an lámh in uachtar ar an focal labhartha. Is cinnte go bhfuil an ceart ag na saineolaithe seo bheith amhrasach ‘an raibh sé “indéanta” sa lá atá inniu gasúr a thógáil sa Ghaeltacht sa chaoi go mbeadh “caighdeán [Gaeilge] an chainteora dúchais” aige.’ Is ródhócha go bhfuil an ‘chaint thíriúil, chréúil, chraicneach’ a ndearna an Cadhnach tagairt dó curtha i gcré na cille leis anois ach fós féin b’fhéidir go maireann an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua.

  • Sean

    Meon Diúltach, ar ndóigh. Nï bheidh cainteoirí dúchasacha ar fáil go forleathan as seo amach.

  • Bí réalaíoch

    Ach, a Sheán, ab í an Ghaeilge í nuair atá daoine ag rá abairtí mar “tá mé ag déanamh é” nó, “tá mé fear”. Dar liom, ní hin an Ghaeilge ar chor ar bith. Sin, ag tabhairt sleachta as teangeolaí eile, “English in Irish drag.” Agus tá sé ag fáil níos measa chuile lá. Dar le taighde faoi na Gaelscoileannaí, tá go leor gasúir ann a cheapanns nach ach “not using English words’” í an Ghaeilge. Agus tá sé i bhfad Éireann níos measa agus tú ag breathnú ar an bhfoghraíocht! Daoine nach bfuil i ndon difríocht idir consan caol agus consan leathan a dhéanamh (ná a chloisteál ó am go ham fiú!)

    Agus, dhá mairfeadh sí, ní bheadh sí á labhairt. Beidh sí sa staid atá an Laidin ann sa ló atá inniu ann, ach, níos measa, ní bheidh aon mhactheangachaí aici! Gan “comhthionól fuinniúil fuinte”, ní mairfreadh aon teanga mar theanga bheo, i ndáiríre.

    Agus, ‘lagmhisneach’ a thabairt dhuit héin air, ach tugaim “an fhírinne” air. Tá orainn a bheith réalaíoch, nó ní athródh rud ar bith.

  • file

    Giota beag amhrais agam fán abairt seo: “… nuair a bheas do ghasúr sé bliana déag d’aois go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais aige sa teanga …”
    Beidh caighdeán an chainteora dúchais ag an té a tógadh le Gaeilge nuair a bheidh sé 16 bliana d’aois. Seans nach mbeidh a theanga chomh saibhir céanna agus a bhí teanga a sheanthuismitheoirí, abair, ach ní féidir a mhaíomh nach cainteoir dúchais é, ná nár bhain sé caighdeán teibí éigin amach sa teanga. Seans go bhfuil saibhreas teanga an chainteora dúchais ag ísliú le himeacht ama, ach ní fhágann sin nach cainteoirí dúchais iad na daoine a bhfuil an teanga íslithe sin acu ón chliabhán.

    Tá aithne agam ar Bhéarlóirí nach bhfuil a gcuid Béarla thar mholadh beirte, ach is cainteoirí dúchais go fóill iad.

  • donncha Ó hÉallaithe

    “Fiú más fíor é go bhfuil a rás rite ag an teanga sa Ghaeltacht an gciallaíonn sin go bhfuil an Ghaeilge marbh?” Sin an cheist a chuireann Seán Mag Leannáin agus is fiú í a fhreagairt.

    Le fada an lá tá a rás rite ag an nGaeilge mar gnáth theanga i measc an phobail sa gcuid is mó den ceantar tíreolaíoch atá aithinte ag an stát mar ceantar Gaeltachta. Leanann an stát, agus go leor de lucht na Gaeilge, leis an cur i gcéill i dtaobh na gceantar seo, cé nach bhfuil aon difríocht eatarthu agus go leor ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht ó thaobh usáid na Gaeilge. Go deimhin, mar a leiríonn fianaise ón Daonáireamh, is mó Gaeilge atá in usáid i gceantair áirithe taobh amuigh den Ghaeltacht (Orán Mór mar shampla) ná mar a usáidtear i gceantair eile le aitheantas Gaeltachta ón stát (Baile Clár na Gaillimhe, mar shampla). Ní hamháin gur cur i gcéill atá ann ach tá cur amú airgid i gceist chomh maith!

    É sin ráite tá ceantair Ghaeltachta ann ina bhfuil an Ghaeilge á usáid go laethúil mar theanga chumarsáide i measc sciar mór den phobail – pobail atá dhátheangach go fírinneach (Deisceart Chonamara mar shampla) le mór fhormhór na ndaoine réasúnta inniúl ar an dá theanga i measc gach aoisghrúpa. Sna ceantair sin sí an Ghaeilge an teanga áitiúl go príomha, a usáidtear le comharsain, le gaolta agus sna hinstidiúidí pobail. Ní hé an teanga a usáidtear le institidiúidí stát, agus ar bhealach ní hé sin is tábhachtaí. Aithnítear gurb í an Ghaeilge an teanga pobail agus is ar an mbonn sin a oibríonn an pobal. Sna ceantair sin (thart ar an ceathrú cuid den Ghaeltacht oifigiúil, tá mé ag déanamh amach) níl a rása rite fós ag an nGaeilge, in ainneoin gach rud.

  • Eoghan ONeill

    Mar is eol dúinn tá an cultúr mór bríomhar domhanda Anglo, a bhfuil a ré órga ag bláthú ó na 60daí ar aghaidh, ag scuabadh stádais teangachaí eile i leathaobh ar fud na cruinne (féach an drochmheas ag an boc mór thall ar theanga na Latinos). Tá sé intuigthe ansin go mbeadh dearcadh Daniel O Connell go forleathan i mbéal an phobail sa tír seo. Ach leo siúd nach Anglos iad dearfainn é seo ‘ Tá’id ann nár ghéill ariamh, an duchas beoga ina gcroí’, seanscéalta ár sinsir ag na páistí, spórt is scléip amuigh ag spraoí’ Dorn san aer NO PASARÁN!

  • mananabhair

    Lagmhisneach ar Josie agus ar Chonchúr? Nach iadsan a rinne na moltaí is mó agus is praicticiúla go ruige seo chun leigheas a fháil ar an scéal? Gan dabht, tá i bhfad níos mó le rá acu ná ” b’fhéidir go maireann an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua”.

  • Pádhraic

    Nuair is láidre a bhí an teanga agus an cainteoir dúchais ní raibh aon chóras oideachais ann ar bhfiú trácht air. Anois, tá ‘saineolaí’ ag iarraidh a chur ina lui orainn nach féidir cainteoir dúchais a dhéanamh de do ghasúr gan an còras oideachais – seafóid !
    Cuireann sé déisteann orm nuair a fheicim daoine a bhfuil a saol caite acu ag baint gach tairbhe as an nGaeilge, ag iompú thart anois agus ag rá leis an gcuid eile againn ár hataí a chaitheamh léi agus í a thréigeann.

  • Liam Ó Mainnín

    Aontaím go hiomlán le Daithí thuas. Táim tinn tuirseach den lagmhisneach a chloistear go minic faoin nGaeilge ach chuaigh an sochteangeolaí úd thar fóir ar fad. Dúinne atá dílis don teanga agus í ar ár dtoil againne nach gcaithfimid ar a laghad ár misneach a choimead agus cloí go daingean lenár gcreidimh agus ár n-iarrachtaí? Níl mise i mo chónaí sa Ghaeltacht ach táim ag tógáil beirt ghasúr le Gaeilge agus táim muiníneach nach gcaillfidh mé ná iad ár misneach go luath, in aineoinn lagmhisneach na saineolaithe.

  • Micillín

    Níl na “saineolaithe” ar aon intinn faoin ábhar seo ar chor ar bith, a Liam. I mo thuairimse, an fhadhb is mó, a léirítear i go leor de na staidéir teangeolaíochta seo, ná go moltar arís is arís, go bhfuiltear ag brath ar an Stáit le dul i ngleic leis an bhfadhb go roghnaíonn sciar suntasach tuismitheoirí a tógadh le Gaeilge iad féin, gan a gcuid gasúir a thógail le Gaeilge. Tá taighde Josie agus Conchúr, seasta ag moladh réithithe ón mbarr anuas. Tá réiteach na faidhbe ag an bpobal iad féin – gníomhaíochtaí ón mbonn aníos atá ag teastáil. Is tuar dóchais é mar sin, sílim, bunú eagraíochtaí áitiúla ar nós Tuismitheoirí na Gaeltachta (“is muide an chéad ghlúin eile”). Níl mé chomh dóchasach sin faoi fheidhmiú an Phlean Oideachais, áfach (atá dea-scríofa, ceart go leor). Cé ar a mbeidh Oifigigh na Ranna Oideachais sa nGalltacht ag dáileadh a gcuid sweets? Beidh le feiceáil. Cé nach n-aontaím leis (sílim gur caint chontúirteach í), lena cheart a thabhairt do Josie, b’fhéidir gur dúirt sé an méid a dúirt sé le díospóireacht a thosú … agus d’éirigh leis an méid sin a bhaint amach.

  • Liam Ó Mainnín

    Ba bhreá liom eagraíocht tuismitheoirí a Mhicilín. Chuige seo theip orm teacht ar a leithéid ach ba chumasach gréasán mar sin agus níl aon leithscéal ó thaobh uirlisí ná teicneolaíocht de. Feicim agus beannaím le daoine ag an scoil agus araile atá at aon intinn liom i dtaobh na teanga ach faraoir nílmid ceangailte go fóill. Tá cuid mhaith daoine ag treabhadh leo féin, sa Ghalltacht ach háirithe b’fhéidir. Smaoineamh maith, Grma.

  • Micilín

    Tá siad ann, a Liam. Déan ‘tuismitheoirí na gaeltachta’ a chuardach agus gheobhaidh tú iad. Eagraíonn siad go leor imeachtaí do thuismitheoirí agus do ghasúir atá á thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht. Níl mé cinnte an bhfuil suíomh dá gcuid féin acub – feicim gur go bhfuil go leor eolais acub ar Facebook, ach níl fáil agam air ceal cuntais.