Os cionn €1,000 ar leagan Gaeilge de ‘Dracula’ a foilsíodh le cead ‘Mrs. Bram Stoker’

Tá leagan Sheáin Uí Chuirrín de Dracula, a d’fhoilsigh Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais, ar an liosta leabhar is déanaí atá ar díol ag siopa aitheanta

Os cionn €1,000 ar leagan Gaeilge de ‘Dracula’ a foilsíodh le cead ‘Mrs. Bram Stoker’

Bram Stoker

Tá leagan Gaeilge de mhórshaothar Bram Stoker ar díol i gcatalóg nua an chomhlachta De Búrca Rare Books.

Céadeagrán den leagan Gaeilge de Dracula a foilsíodh sa bhliain 1933, atá ar díol agus €1,250 á lorg air.

Seán Ó Cuirrín, údar as Gaeltacht na Rinne, a d’aistrigh.

Cóip “an-slachtmhar” atá san eagrán áirithe seo agus tá “a lán spéise” á cur ann ag bailitheoirí anseo in Éirinn agus thar lear, a deir Éamonn De Búrca, úinéir an tsiopa leabhair aitheanta.

“I ndomhan na leabhar, bíonn suim ar leith i saothar Bram Stoker. Bíonn an-tóir ar leabhar den chineál seo i measc bailitheoirí, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne.

“Is fíor-annamh a bhíonn forchlúdach maisithe le feiceáil ar chóip den chéad eagrán agus tá an-tóir air dá bharr,” a dúirt Éamonn de Búrca le Tuairisc.ie.

Austin Ó Maolaoid, a mhaisigh an clúdach agus is “le caoinchead” Mrs Bram Stoker a foilsíodh an t-aistriúchán Gaeilge a rinne Seán Ó Cuirrín de Dracula.

‘This translation into Irish of ‘Dracula’ is published with the kind permission of Mrs. Bram Stoker’ a deirtear sa leabhar.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an Dr. Sorcha de Brún, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus saineolaí ar an leagan Gaeilge de Dracula, go bhfuil “seoda ar fud an leabhair”.

“Tá sé thar a bheith speisialta mar aistriúchán ach ní hamháin sin, is léargas iontach é ar an sárscríbhneoir Seán Ó Cuirrín. Tá an méid sin teicníochtaí próis nach bhfuil ar fáil i scríbhneoireachta na Gaeilge a thuilleadh in úsáid aige.

“Measaim go bhfuil draíocht de shaghas éigin ag baint leis na nathanna cainte a úsáideann Ó Cuirrín. B’fhear é a raibh canúint Dhún Garbhán go paiteanta aige.”

Dúirt De Brún, a bhíonn ag tabhairt léachtaí ar an aistriúchán ar úrscéal Bram Stoker mar chuid de chúrsa máistreachta Gaeilge na hollscoile, gur éirigh leis an Chuirríneach saothar “as an nua” a chruthú.

“Ceann de na rudaí is spéisiúla faoin aistriúchán a rinne Ó Cuirrín gur fhág sé go leor tagairtí de Shakespeare agus do mhiotaseolaíocht na Gréige ar lár, rudaí a bhí i mbunsaothar Stoker agus gur chruthaigh sé saothar nua as Dracula.”

Fág freagra ar 'Os cionn €1,000 ar leagan Gaeilge de ‘Dracula’ a foilsíodh le cead ‘Mrs. Bram Stoker’'

  • Seán ÓM

    Agus cén luach a bhéas ar áth-chló as 2010?

  • Eoin

    €12.50

  • Seán ÓM

    A mhac go deo – níor éirigh le mo scéim Leabhar Na Gaeilge mar sin.