Os cionn a dhá oiread maoinithe le cur ar fáil do scoileanna Gaeltachta in 2018

Déanfaidh an tAire Oideachais beartais nua faoin bpolsaí oideachais don Ghaeltacht a fhógairt ar maidin ag ócáid speisialta i Scoil Náisiúnta Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí

Os cionn a dhá oiread maoinithe le cur ar fáil do scoileanna Gaeltachta in 2018

 

 

Fógróidh an tAire Oideachais Richard Bruton maidin inniu go mbeidh €2.3 milliún ar fáil don Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht an bhliain seo chugainn, méadú suntasach ar an €1 milliún a cuireadh ar fáil don pholasaí i mbliana.

Cuirfear an maoiniú ar fáil ar shlite éagsúla do na scoileanna a chuir isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach faoin polasaí nua ar cuireadh tús leis i mbliana.

Déanfaidh an tAire Oideachais na beartais nua a fhógairt ar maidin ag ócáid speisialta i Scoil Náisiúnta Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí.

Léirigh 106 bunscoil Ghaeltachta agus 27 iarbhunscoil Ghaeltachta spéis an stádas sin a bhaint amach.

Beidh deis ag an 28 bunscoil Ghaeltachta agus iarbhunscoil Ghaeltachta amháin nár léirigh spéis I scéim aitheantais Ghaeltachta na Roinne cur isteach arís uirthi in earrach na bliana seo chugainn.

Tá go dtí an 31 Eanáir 2018 ag na scoileanna a chuir isteach cheana ar stádas Gaeltachta plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid na Roinne. Ach na pleananna sin a bheith faofa ag an Roinn íocfar, san earrach, cuirfear deontas €1,000 ar fáil do gach scoil sa scéim chun ábhar teagaisc don Ghaeilge a cheannach.

Cuirfear uaireanta breise chun tacú le teagasc na Gaeilge ar fáil chomh maith do na scoileanna a mbeidh an polasaí nua á chur i bhfeidhm acu in 2018/19. Deir an Roinn gurb ionann na huaireanta teagaisc breise seo agus 40 múinteoir breise a bheith ar fáil do scoileanna Gaeltachta, 30 múinteoir bunscoile agus 10 múinteoir iarbhunscoile.

I measc na mbeartas eile, tá forbairt ghairmiúil breise do mhúinteoirí, ‘le clúdach ionadaíochta’, a bheidh á sholáthar ag COGG, agus deis páirt a ghlacadh i gclár M.Oid nua páirtaimseartha a bheidh dírithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta. Tabharfaidh Cigireacht na Roinne ar scoileanna Gaeltachta chomh maith an bhliain seo chugainn.

Fógrófar inniu freisin go ndéanfar beirt mhúinteoirí “lasmuigh den chuóta” a chur ar fáil chun clár teanga píolótach a stiúradh in iarbhunscoil Ghaeltachta amháin. Deirtear go ndéanfar “meastóireacht chúramach” ar an scéim phíolótach a bhfuil sé mar chuspóir aige “tacú le sealbhú na Gaeilge agus líofacht Ghaeilge”.

Cuirfidh an tAonad um Oideachas Gaeltachta tús chomh maith le tionscadal píolótach in 2018 a dhéanfaidh nasc digiteach idir iarbhunscoileanna chun an rogha ábhar trí Ghaeilge a leathnú.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige forbairt ar phlean nua chun freastal ar riachtanais oideachais na luathbhlianta sa chóras oideachais sa Ghaeltacht.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an tAonad um Oideachas Gaeltachta ag obair “i ndlúthpháirt” leis an Oifig um Sholáthar Rialtais chun iarratais ar thairiscintí a ullmhú chun clár B.Oid. ceithre bliana trí mheán na Gaeilge agus Máistreacht san Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta (M.Oid.) a sholáthar. Is dlúthchuid den pholasaí oideachais Gaeltachta iad na cúrsaí nua seo, ach bhí roinnt éiginnteachta ann go dtí seo faoi cathain a chuirfí tús leo.

Deir an Roinn anois áfach go bhfuiltear ag súil go gcuirfear tús leis an gcúrsa B.Oid. do bhunmhúinteoirí i mí Mheán Fómhair 2019 agus go gcuirfear tús leis an gcúrsa M.Oid. páirtaimseartha i mí Mheán Fómhair 2018.

 

Fág freagra ar 'Os cionn a dhá oiread maoinithe le cur ar fáil do scoileanna Gaeltachta in 2018'

  • Ruairí

    Faoi dheireadh- Deascéal! Seans an-mhaith gurb é a Roinn Oideachas an taon roinn rialtais a dhéanfas idirghabháil eisceachtúil chun an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga phobail sa nGaeltacht. Ní mar sin atá Roinn an Taoisigh ná Roinn na Gaeltachta. Ní sé soiléir fós cé caoi an bhfuil an polasaí oideachais Gaeltachta chun dúshlán a thabhairt don sóisialú tré Bhéarla i measc daltaí na Gaeltachta i scoileanna na Gaeltachta.