Os cionn 1,000 iarratas faighte ó dhaoine atá ag iarraidh bliain a chaitheamh ar Inis Meáin

An aidhm atá leis an togra ná teaghlach a mhealladh chuig an oileán ionas go mbeadh gasúir nua ag freastal ar an scoil agus chun deis a thabhairt do theaghlach bliain a chaitheamh ar an oileán saor ó chíos

Os cionn 1,000 iarratas faighte ó dhaoine atá ag iarraidh bliain a chaitheamh ar Inis Meáin

Tá os cionn 1,000 iarratas faighte ag Comhlacht Forbartha Inis Meáin ó theaghlaigh atá ag iarraidh bliain a chaitheamh ar an oileán.

Tá Comhlacht Forbartha Inis Meáin ag tabhairt deis do theaghlach ag a bhfuil gasúir in aois scoile bliain a chaitheamh ar an oileán gan aon chíos a íoc.

An aidhm atá leis an togra ná teaghlach a mhealladh chuig an oileán ionas go mbeadh gasúir nua ag freastal ar an scoil agus chun deis a thabhairt do theaghlach bliain a chaitheamh ar an oileán saor ó chíos.

Thart ar dheichniúr gasúr ag freastal ar an mbunscoil áitiúil agus dhá scór atá ag freastal ar an meánscoil.

Agus é ag caint le Tuairisc an tseachtain seo caite, dúirt Dara Ó Madaoin gur iontach an glacadh a bhí leis an bhfógra cheana féin. Breis is 1,000 iarratas atá faighte anois acu.

Tá ionad G-Teic oscailte ar Inis Meáin le déanaí agus tá leathanbhanda ar fáil d’éinne a bheadh ag iarraidh obair ó chian.

Fostaíodh Dara Ó Madaoin le déanaí mar Bhainisteoir ar Chomhlacht Forbartha Inis Meáin ach tuigtear do Tuairisc go bhfuil sé tar éis glacadh le post eile agus go mbeidh bainisteoir nua á lorg ag an gComhlacht Forbartha gan mhoill.

Fág freagra ar 'Os cionn 1,000 iarratas faighte ó dhaoine atá ag iarraidh bliain a chaitheamh ar Inis Meáin'

  • Pól Ó Braoin

    Tá an ghaeltacht, na ceirdeanna áille, an Ghaeilge ar leic an dorais againn. Cén fáth nach féidir béim a leagan ar an taisce óir seo atá le taispeáint os comhair an tsaoil againn. Mar adúirt John Beag Ó Flatharta tráth, an ceoltóir iontach agus caiptín an Mac Dara: “A rialtais, feic an rud seo!”
    Taispeánann an freagra a fuair an fógra sin an t-éileamh atá i measc an phobail ar shaol na gaeltachta, an bá atá i measc an phobail don chultúr gaelach. Ní ceart go mbeadh súil leis an mbrabús céanna ó shaol na Gaeilge agus a bhíonn ó shaol an bhéarla. Tá cabhair agus ómós córasach ag teastáil ón ngaeltacht sula n-imeoidh sí, cheapfainn.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Tabhair faoi deara “deis do theaghlach” – uimhir uatha. Ní fheadar cén tionchar a dhéanfaidh clann amháin atá beirt nó triúir leanaí acu, ar an mbunscoil agus na huimhreacha a neartú?
    Coincheap maith is ea é, daoine a mhealladh isteach chun cónaí ann – cosúil leis an scéim a bhí ar siúil i gContae an Chlár roinnt blianta ó shin – nuair a rinne siad iarracht daoine a aistriú ó BAC go dtí an tuath.