Deis do theaghlach bliain saor ó chíos a chaitheamh ar Inis Meáin

Deir Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin, Dara Ó Madaoin, gur chuir sé ‘iontas aisteach’ air an líon daoine atá ag léiriú spéise sa togra

Tá Comhlacht Forbartha Inis Meáin ag tabhairt deis do theaghlach a bhfuil gasúir in aois scoile bliain a chaitheamh ar an oileán gan aon chíos a íoc. Is é seo an chéad bhliain den togra ach deir Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin, Dara Ó Madaoin, go smaoineodh siad ar an togra a leathnú amach má éiríonn go maith leis.

“Ba mhaith linn teaghlach le gasúir a mhealladh chuig an oileán,” a deir Dara Ó Madaoin. “Tá muid tar éis freagra iontach a fháil ar an bhfógra cheana féin. Tá go leor ríomhphost ag teacht isteach agus tá an fón ag glaoch gan stad. Tá sé spéisiúil an líon daoine atá ag iarraidh teacht anseo.”

Deir Ó Madaoin go mbeadh sé ‘iontach’ do mhuintir an oileáin mar go mbeadh gasúir nua ag freastal ar an scoil agus daoine nua ag teacht isteach sa phobal.

“Bheadh sé iontach dúinne agus iontach don teaghlach,” ar sé. “Beidh deis ag an teaghlach a bheith ina gcónaí ar an oileán gan aon chíos a íoc ar feadh bliana.”

Bunaíodh Comhlacht Forbartha Inis Meáin chun freastal ar phobal an oileáin agus chun an t-oileán a chur chun cinn, a deir Ó Madaoin.

“Cheap muid gur bealach maith é seo leis sin a dhéanamh,” ar sé. “Agus laghdóidh sé an brú ar an teaghlach an cíos a íoc ar feadh bliana.”

Ó thaobh cúrsaí fostaíochta, tá G-Teic nua oscailte ar Inis Meáin don duine a bheadh ag iarraidh obair ó chian.

“Chomh maith leis sin, tá bunscoil agus iarbhunscoil, ar an oileán, naíonra, teacht ósta agus aerfort,” a deir Dara Ó Madaoin.

Deir sé go bhfuil thart ar dheichniúr gasúr ag freastal ar an mbunscoil áitiúil agus dhá scór ag freastal ar an meánscoil.

Deir Ó Madaoin gur chuir sé ‘iontas aisteach’ air an líon daoine atá ag léiriú spéise sa togra.

“Tá sé thar barr,” ar sé.

Tamall ó shin, d’iarr an Comhlacht Forbartha ar mhuintir Inis Meáin an mbeadh éinne in ann teach a thabhairt ar cíos le haghaidh bliana. Fuair siad cúpla tairiscint agus tá rogha acu anois idir cúpla teach don togra.

Má tá spéis ag teaghlach ar bith cur isteach ar an togra, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig cfinismeain@gmail.com nó glaoch ar 099739612 ag léiriú spéise.

Fág freagra ar 'Deis do theaghlach bliain saor ó chíos a chaitheamh ar Inis Meáin'