Ordú san Ard-Chúirt maidir le haighneas idir seodóirí Gaeltachta

Tá cosc curtha ar Dingle Goldsmiths macasamhla seoda as bailiúchán ‘Ogham Stone’ Bhrian de Staic a dhéanamh, a fhógairt ná a dhíol

Ordú san Ard-Chúirt maidir le haighneas idir seodóirí Gaeltachta

Tá ordú tugtha san Ard-Chúirt don chomhlacht seodóireachta Dingle Goldsmiths gan macasamhail seoda áirithe de chuid Bhrian de Staic, seodóir eile sa Daingean, a tháirgeadh.

De réir an ordaithe cúirte ní foláir do Dingle Goldsmiths glacadh leis, gan dochar d’aon pháirtí agus gan dliteanas a admháil, nach féidir leo macasamhla seoda as bailiúchán ‘Ogham Stone’ Bhrian de Staic a dhéanamh, a fhógairt ná a dhíol.

De réir an ordaithe níl cead ach oiread ag Dingle Goldsmiths siogairlíní nó slabhraí muiníl   a dhéanamh a bhfuil ainmneacha pearsanta curtha orthu i gcló Ogham agus atá ar an gcruth céanna le cinn Bhrian de Staic.

De réir an ordaithe, níl aon chosc ar Dingle Goldsmiths siogairlíní Ogham de dhearthaí  eile a tháirgeadh agus a dhíol.

Bhí urghaire cúirte á lorg ag an seodóir is aitheanta sa Ghaeltacht, Brian de Staic, chun stop a chur le beirt iarfhostaithe dá chuid a mhaígh sé a bhí ag cur táirgí ar fáil ar cosúil iad le cuid de na seoda atá á ndéanamh aige féin le 40 bliain.

Dar le Brian de Staic go raibh an gnó sa Daingean, Dingle Goldsmiths, ag díol táirgí a bhí cosúil le seoda an ‘Ogham Stone Collection’ a chruthaigh sé féin.

Lorg sé urghaire san Ard-Chúirt ag de Staic chun cosc a chur ar AJ Baicéir Teoranta, a bhíonn ag trádáil mar Dingle Goldsmiths, a bheith ag díol táirgí faoin ainm Ogham Stone Collection, rud a líomhain sé atá ina shárú ar a chóipcheart féin.

Níor ghlac AJ Baicéir Teoranta leis an líomhain go raibh aithris á déanamh acu ar shaothar de Staic.

Tá an dá shiopa ar an tsráid chéanna sa Daingean, Sráid na Faiche.

Tá cáil mhór ar shaothar Bhriain de Staic, atá i mbun gnó sa Daingean ó 1981. Iarfhostaithe dá chuid iad Jerry agus Aideen Báicéir, stiúrthóirí Dingle Goldsmiths a osclaíodh anuraidh.

Fág freagra ar 'Ordú san Ard-Chúirt maidir le haighneas idir seodóirí Gaeltachta'

  • Fear Seoigh

    “Gan dochar d’aon pháirtí agus gan dliteanas a admháil” – an t-ordú cúirte atá i gceist nó an réiteach idir na páirtithe atá ann? Tá cuma aisteach ar an tuairisc seo.