‘Only the Brave’ – scannán ómóis leamh agus tanaí go maith

Déantar tragóid a láimhseáil go stuama mothúchánach in ‘Only the Brave’ ach bogann sé ar aghaidh go malltriallach agus téann chun leadráin in áiteanna

‘Only the Brave’ – scannán ómóis leamh agus tanaí go maith

Only the Brave
Stiúrthóir: Joseph Kosinski
Cliar: Josh Brolin, Miles Teller, Jeff Bridges, Jennifer Connelly, Taylor Kitsch, Andie McDowell.

Scannán ómóis é seo do na fir dhóiteáin a cailleadh go tragóideach in 2013 agus aghaidh á tabhairt acu ar loscadh sléibhe in Arizona. Ba é sin an tragóid ba mhó a bhuail lucht dóiteáin ó 9/11. Go deimhin tá an scannán tiomnaithe dóibh siúd atá imithe ar shlí na fírinne. Ábhar íogair mar sin, agus achar gairid ama idir an tragóid agus an léiriú scáileáin. Ní nach ionadh fágann sin rian mór ar an saothar agus bíonn an tsamhlaíocht agus an drámatúlacht thíos leis.

Laochadhradh atá againn anseo, agus é sin dlite dos na daoine sa ghairm dhainséarach seo a thugann aghaidh ar loscthaí sléibhe a scaipeann ar luas lasrach.

Tá an saothar bunaithe ar alt in iris GQ dar teideal ‘No Exit’ agus tugann sé cuntas ar ghaiscí na ‘Granite Mountain Hotshots’. Ag tús an scannáin cuirtear ar ár súile dúinn gur aicme faoi leith iad siúd a bhfuil an gradam ‘Hotshot’ bainte amach acu; fir dhóiteáin atá cáilithe le dul i ngleic go díreach leis an tine. Níl an cháilíocht seo bainte amach ag ár meitheal go fóill agus díríonn an chéad chuid den scannán ar a n-iarrachtaí an sprioc sin a bhaint amach.

Tá taithí na mblianta ag an gceann feadhna Eric Marsh (Brolin) agus cuirtear inár láthair é mar saghas fáidh tine ciotrúnta. Tógann sé an t-andúileach drugaí Brendan (Teller) faoina chúram agus away linn ansin chuig tinte difriúla agus comhraic mhaorlathais. Tá na radharcanna tine ar fad an-cineamatach agus an tírdhreach álainn faoi bharr lasrach. Tá seatanna/radharcanna áirithe a bhainfidh an anáil díot

Gan amhras is í an chríoch thragóideach buaicphointe an tsaothair agus an chúis gur deineadh an scannáin. Ach i ndeireadh na dála ní raibh ann ach sciar beag den scannán, agus, dá bhrí sin, b’éigean go leor feola a chur ar chnámha na tragóide le fad a bhaint as an scéal. Chuige sin deineadh breis iniúchta ar Miles agus Brendan. Iad beirt ag streachailt leis an tionchar atá ag an bpost ar shaol an teaghlaigh; Miles agus a bhean i bpíobáin a chéile faoin leanbh nach bhfuil acu; Brendan agus iarchailín i bpíobáin a chéile faoin leanbh atá acu. Bogann eachtraí an scannáin ar aghaidh go malltriallach agus in áiteanna d’imigh rudaí chun leadráin agus chun leimhe.

Bráithreachas na meithle á chur os ár gcomhair go rialta mar a dhéanfaí i scannáin chogaidh bhogúracha.

Leábharaic atá i Bridges, carachtar gur cuma ann nó as é, é ag caitheamh thairis i rith an ama.

Tá suan na muice bradaí linn agus sinn ag teannadh le ceann scríbe agus déantar an tragóid a láimhseáil go stuama, tomhaiste, mothúchánach. Cé gur saothar leamh agus tanaí go maith ab ea é seo ó thaobh na drámatúlachta, is saothar é a thugann an t-ómós cuí dóibh siúd a cailleadh agus ba léiriú ann féin air seo na pictiúir de na fearaibh féin a taispeánadh ag a dheireadh.

Fág freagra ar '‘Only the Brave’ – scannán ómóis leamh agus tanaí go maith'