Oidhreacht na dTrioblóidí – an cheist nach féidir a sheachaint

Gnó é oidhreacht na dTrioblóidí nach dtig leis an gcéad cheannasaí eile ar an PSNI é a sheachaint

Oidhreacht na dTrioblóidí – an cheist nach féidir a sheachaint

Is maith a bhí a fhios ag an gceathrar a cuireadh faoi agallamh Déardaoin agus Dé hAoine do phost Phríomh-Chonstábla an PSNI nach mbeadh comharba George Hamilton in ann oidhreacht na dTrioblóidí a chur ó dhoras. Chaith Hamilton a thréimhse i gceannas ar na póilíní ag iarraidh a áitiú ar na húdaráis in Stormont agus in Westminster nach raibh na hacmhainní ag an PSNI chun fiosruithe stairiúla a dhéanamh sa mhullach ar an obair reatha.

An éireoidh leis an bhfear nua a chinntiú nach ar na póilíní a thitfidh an t-ualach, cheal aon rogha eile? Ba bheag da chosúlacht a bhí air le cúpla seachtain anuas nuair a bhí aird, ar bhealaí an-difriúil, ar íobartaigh na dTrioblóidí abhus agus in Westminster.

Bhí tréanfheachtas ar siúl i dTeach na Parlaiminte in Westminster chun saoirse ó fhiosrú nó pardún ginearálta a thabhairt d’iarshaighdiúirí. Fiú agus Príomh-Aireacht Theresa May ar an dé deiridh agus mórcheisteanna faoi chinniúint na Ríochta Aontaithe le fuascailt, bhí brú ag treisiú chun reacht na dtréimhsí a rith mar chosaint do shaighdiúirí – is ionann sin agus pardún. Bhí Theresa May ina choinne mar go gcaithfí an chosaint chéanna a thabhairt do pharaimíleataigh; bheadh sé sin doghlactha, a dúirt sí.

Ba chosúil gur tháinig an feachtas faoi phardún don Arm salach ar phlean chun fógra a dhéanamh faoi scéim chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí. Coicís ó shin, dúradh le polaiteoirí agus eagraíochtaí íobartach go raibh an Státrúnaí Karen Bradley ar tí an scéim (a bheadh bunaithe ar an réiteach a rinneadh i dTeach Stormont) a fhógairt. Níor tharla sé.

In ionad na scéime d’fhógair an Státrúnaí Cosanta nua, Penny Mordaunt go raibh sí ag ullmhú cosaint reachtúil do shaighdiúirí a bhí gníomhach thar lear agus gur iarr sí ar Bradley breathnú ar an scéal i dTuaisceart Éireann.

Bhain an cinneadh sin siar as daoine a bhí ag faire ar an bhfianaise a bhí á tabhairt ag an Ionchoisne faoi shléacht Bhaile Uí Mhurchú i 1971 nuair a maraíodh deichniúr an deireadh seachtaine ar cuireadh imtheorannú gan triail i bhfeidhm.

Bhain sé siar freisin as gaolta na ndaoine a maraíodh ar Dhomhnach na Fola i nDoire, mar a bhaineann an feachtas atá in éadan saighdiúir F a chúiseamh as a iompar an lá sin. Tá a lucht tacaíochta ag rá go bhfuil sé róshean lena chur ar a thriail nó/agus go raibh orduithe á gcomhlíonadh aige. Is mór idir sin agus comhionannas do gach duine faoin dlí.

Deir na daoine a labhraíonn thar ceann na n-iarpharaimíleatach go bhfuil siad in éadan pardún a thabhairt do shaighdiúirí. Tá má tá. Níor ghá a bheith soiniciúil chun a cheapadh gur mhaith a d’fheilfeadh sé dóibh mar go gcaithfí ansin – faoin dlí idirnáisiúnta- pardún a cheadú do gach dream, IRA, INLA, UDA, UFF, UVF agus RHC.

Ba iad Sealadaigh an IRA a bhí freagrach as fuadach, marú agus dumpáil an chuid ba mhó de na daoine ar a dtugtar na ‘disappeared’, ceann de na feachtais ba shuaraí agus ba ghránna le linn na dTrioblóidí.

Ní hamháin gur maraíodh iad agus gur fágadh a muintir gan eolas ná uaigh, ach insíodh bréaga faoina lán acu freisin chun an fhírinne uafásach a cheilt.

Tá triúr acu fós ar iarraidh. Fuair a muintir léas dóchais le gairid nuair a gheall duine anaithnid $60,000 mar luach saothair as eolas. D’ainneoin iliomad iarrachtaí tá teipthe ar an gCoimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach a theacht ar choirp Columba McVeigh, Joseph Lynskey agus Robert Nairac. Tá sár-obair déanta ag an gCoimisiún agus taisí trí dhuine dhéag tugtha ar ais dá muintir chun iad a adhlacadh. Tá súil acu go gcuideoidh an luach saothair atá geallta don charthanacht Crimestoppers leo bailchríoch a chur ar a gcuardaigh.

Bhí Columba McVeigh ón Domhnach Mór i gcontae Thír Eoghain naoi mbliana déag d’aois nuair a d’fhuadaigh an IRA Sealadach é mí Dheireadh Fómhair 1975. Mharaigh siad é agus chuir a chorp i bhfolach i bportach. Tá dianchuardach déanta sa Bhragán i gcontae Mhuineacháin ach níor frítheadh a thaisí fós.

Iarmhanach Cistéirseach ab ea Joseph Lynskey as iarthar Bhéal Feirste a thit amach leis an IRA i samhradh na bliana 1972. Theip ar chuardaigh i gcontae na Mí teacht ar a thaisí.

Ba é Robert Nairac, 29, oifigeach in Arm na Breataine, a maraíodh sa Bhealtaine 1977 an duine ba lú ar fad ar tugadh eolas don Choimisiún faoi. Scaipeadh ráflaí go raibh sé i gclaonpháirt le paraimíleataigh dhílseacha in eachtraí uafáis. Dúirt príomh-eolaí an Choimisiúin Geoff Knupfler, fear a bhfuil ardmheas air, gur fhiosraigh siad na líomhaintí claonpháirtíochta sin agus go bhfuaireadar fianaise a bhréagnaigh iad. Ní fheadar an scaoilfidh an t-eolas sin an glas ar theangacha.

Tá sé náireach go bhfuil daoine ag fanacht na scórtha bliain le heolas, gan trácht ar cheart na córa. Cancar ins an tsochaí is ea an mhoilleadóireacht agus dá fhaide dá leantar léi is ea is measa an tionchar ar an bpobal.

Cheal plean cuimsitheach chun a dhul i ngleic le coireanna stairiúla, ar bhonn ionannais, beidh daoine ag dul i muinín na gcúirteanna, ag éileamh na gcomhad atá ag an PSNI agus ag cur obair na bpóilíní faoi dhianscrúdú. Sin gnó nach dtig leis an PSNI a sheachaint mura ndéantar cinneadh polaitiúil.

Go n-éirí leis an bPríomh-Chonstábla nua.

Fág freagra ar 'Oidhreacht na dTrioblóidí – an cheist nach féidir a sheachaint'