Oíche ómóis do Nuala Ní Dhomhnaill, agus Iris IMRAM le seoladh

Tá deireadh seachtaine mhór roimh IMRAM agus trí imeacht mhóra ar bun san ardchathair mar chuid den fhéile litríochta

Nuala Ní Dhomhnaill in Arts Lives

Tá deireadh seachtaine mhór roimh fhéile litríochta IMRAM i mBaile Átha Cliath agus Nuala Ní Dhomhnaill agus Joni Mitchell i measc na ndaoine a ndéanfar ceiliúradh ar a saothar.

Beidh Íde na Tine: Tionscadal Joni Mitchell ar siúl ag 8pm anocht in Amharclann Smock Alley agus deis ag daoine cluas le héisteacht a thabhairt do Chaitríona O’Leary agus í i mbun leaganacha nua Gaeilge d’amhráin duine de mhórchumadóirí Mheiriceá.

Saothar duine de mhórfhilí na hÉireann a bheidh á cheiliúradh oíche Dé Domhnaigh ag an ócáid ‘Ómós do Nuala’ Tigh McGrattan ar Shráid Bhagóid, áit a ndéanfar ceiliúradh ar shaothar Nuala Uí Dhomhnaill i gcomhluadar a cairde agus a comhfhilí, ina measc Theo Dorgan, Domhnall Mac Síthigh, Cathal Ó Searcaigh, Dairena Ní Chinnéide, Bríd Ní Mhóráin agus Eiléan Ní Chuilleanáin.

Tá gort nua á threabhadh ag IMRAM féin i mbliana agus an chéad eagrán dá ráitheachán úr, Iris IMRAM, arna chur in eagar ag Liam Carson agus Cathal Póirtéir, á sheoladh istoíche amárach, Dé Sathairn, i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair.

Seolfar ag an ócáid chéanna Dílis, an chéad bhailiúchán gearrscéalta ó pheann Réaltán Ní Leannáin.

– Is féidir gach eolas faoi imeachtaí IMRAM a fháil anseo

 

Fág freagra ar 'Oíche ómóis do Nuala Ní Dhomhnaill, agus Iris IMRAM le seoladh'