Ócáid in Araibis ar siúl ag Oireachtas na Gaeilge den chéad uair riamh

Is í an cheolchoirm leis an ngrúpa Banat Al-Quds as an bPalaistín an chéad ócáid in Araibis a reáchtáladh ag an Oireachtas ó thús na féile

Ócáid in Araibis ar siúl ag Oireachtas na Gaeilge den chéad uair riamh

Tá ócáid in Araibis ar chlár na féile ag Oireachtas na Samhna den chéad uair riamh i mbliana. Dúirt urlabhraí de chuid an Oireachtais le Tuairisc gurb iad Banat Al-Quds (‘Iníonacha Iarúsailéim’) an chéad ghrúpa Araibise a cuireadh ar an gclár i stair na féile.

Ní hiad an tOireachtas féin atá ag eagrú na ceolchoirme a mbeidh Banat Al-Quds ina bun i Halla Whittle i mBéal Feirste anocht. Tá cúpla ócáid ‘seachtrach’, nach bhfuil clúdaithe in ollticéad na féile, luaite ar an gclár mbliana, mar a bhíonn blianta eile.

Tá 35 bean óg as an bPalaistín, atá idir 13 agus 26 bliain d’aois, páirteach sa ghrúpa ceoil Banat Al-Quds. Is cór trí chuid agus grúpa ceoltóirí uirlise iad an ensemble. Deir siad gur rud as an ngnáth é go mbeadh mná i mbun an cheoil Araibise, ealaín a bhfuil na fir go mór i dtreis inti, dar leo.

Tháinig an grúpa le chéile san ionad mór ceoil in Iarúsailéim, ESNCM, agus tá ceolchoirmeacha déanta acu ar fud na Palaistíne, agus i dtíortha eile i bhfad i gcéin óna dtír dhúchais. Deir siad go mbíonn scéalta mhuintir na Palaistíne á n-insint acu trí mheán an cheoil.

Ar na hócáidí seachtracha eile, tá an dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain, a bheidh á léiriú ag an gcompántas drámaíochta Lóchrann in Amharclann Mhic Cionnaith sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál; an scannán Aontas a bheidh á thaispeáint in Cineworld ag Cé na Banríona tráthnóna Dé hAoine; agus an cheolchoirm speisialta a d’fhógair baill Kneecap don oíche anocht.

Fág freagra ar 'Ócáid in Araibis ar siúl ag Oireachtas na Gaeilge den chéad uair riamh'