Ócáid á eagrú i nGaillimh in ómós don 12,000 máthair a maraíodh i nGaza

Leagfaidh máithreacha as Gaillimh bláthfhleasc ag dhá láthair sa chathair Dé Domhnaigh an 30 Márta

Ócáid á eagrú i nGaillimh in ómós don 12,000 máthair a maraíodh i nGaza

Tá “gníomh bróin agus dlúthpháirtíochta” á eagrú ag Pobal Dlúthpháirtíochta don Phalaistín i nGaillimh i gcathair na Gaillimhe ar Lá na Máithreacha i gcuimhne ar “an dá mhíle dhéag máthair a maraíodh go tragóideach” i nGaza le bliain go leith anuas.

Leagfaidh máithreacha as Gaillimh bláthfhleasc ag dhá láthair sa chathair Dé Domhnaigh an 30 Márta – Óstán an G in oirthear na cathrach agus ag Óstán Leonardo ag an bPóirse Caoch i lár na cathrach. Is leis an ngrúpa óstán Fattal Hotels an dá óstán agus is é David Fattal bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Fattal Hotels, atá lonnaithe in Iosrael.

Tá go leor tacaíochta tugtha ag Fattal Hotels do shaighdiúirí Iosrael agus Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF) trí chéile ó tosaíodh an cogadh sa Mheánoirthear. Nuair d’ionsaigh Hamas Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 chuir Fattal Hotels lóistín ar fáil do bhreis agus 22,000 teifeach in Iosrael. Anuas ar an méid sin, áfach, seolann Fattal Hotels bia agus earraí eile dála braillíní, earraí níocháin, agus gineadóirí go brollach an chatha. Cuireann óstáin de chuid Fattal Hotels in Iosrael lóistín ar fáil do shaighdiúirí an IDF agus tá béilí curtha ar fáil acu do chathláin iomlána.

Tiocfaidh lucht na hagóide le chéile ag meán lae ag Crosbhóthar Mhóinín na gCiseach agus siúlfaidh siad go hÓstán an G mar a leagfar an bláthfhleasc ag bealach isteach an óstáin. Beidh nóiméad ciúnais ann agus fanfaidh lucht an léirsithe ann ar feadh uair an chloig. Ina dhiaidh sin, bogfar ar aghaidh go dtí an Fhaiche Mhór agus siúlfar síos Sráid na Siopaí go dtí Óstán Leonardo. Leagfar bláthfhleasc eile ag an óstán sin agus beidh nóiméad eile ciúnais ann.

“Ní hamháin gur comhartha ómóis iad na searmanais chuimhneacháin seo do na máithreacha agus na páistí a maraíodh go brúidiúil, ach bealach freisin iad le coinsias daoine a spreagadh le go mbeidh siad gníomhach in aghaidh na héagóra atá á déanamh ar mhuintir na Palaistíne.

“Iarraimid ar chuile dhuine a chreideann i gceartas, daonnacht agus naofacht na beatha bheith linn don searmanas cuimhneacháin seo, agus seasamh i ndlúthpháirtíocht le híospartaigh an chinedhíothaithe,” a dúirt urlabhraí de chuid an Phobail Dlúthpháirtíochta don Phalaistín i nGaillimh.

Fág freagra ar 'Ócáid á eagrú i nGaillimh in ómós don 12,000 máthair a maraíodh i nGaza'