Obair ón mbaile – dochar nó dul chun cinn?

Tá an t-uafás rudaí nach féidir a dhéanamh i gceart ón mbaile – smaointe a roinnt nó a bheith áiféiseach

Obair ón mbaile – dochar nó dul chun cinn?

D’iarr mo sheanchara Seán Ó Cuirreáin orm a bheith páirteach ar phainéal teilifíse le gairid (ar Oireachtas TV) chun Paindéim an Covid a phlé agus chuaigh sé rite liom cuimhneamh ar an ngéarchéim, idir chinntí polaitiúla agus rudaí a tharla don phobal.

Is stair i bhfad siar an phaindéim agus gach ar bhain léi anois. D’fhéadfainn a rá go bhfuil mise mé féin ‘bogtha ar aghaidh’ uaithi, ar aon nós.

Ach taobh amuigh de chúinsí sláinte agus tionchar an ghalair féin, d’imir an phaindéim tionchar ar an saol ar bhealaí eisceachtúla eile, cuid acu nach bhfuil ligthe i ndearmad ar chor ar bith.

Tá mé ag smaoineamh ach go háirithe ar an ‘obair ón mbaile’ – WFH, mar a thugtar air i mBéarla. Cé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gach duine imithe ar ais ag obair agus an saol oibre arís mar a bhí, ní mar sin atá an scéal go forleathan.

Caithfidh tú ceist a chur ar an té a bhíonn i mbun obair oifige le go bhfaighidh tú an fhírinne iomlán. ‘Ó tá mé san oifig lá nó dhó sa tseachtain’ a déarfaidh siad. Nó – ‘bím ag obair ón mbaile agus téim isteach i gcomhair cruinnithe’.

Ceart go leor, a déarfas tú. Ach cad faoi dhaoine óga? Smaoiním go minic ar dhaoine óga a bhí sna blianta deireanacha ar scoil nuair a bhuail an phaindéim muid. Tá aithne agam ar chúpla duine ón ghlúin sin.

Níor chríochnaigh siad a dtéarma scolaíochta i gceart (i bpearsain), ní dhearna siad an ghnáth-Ardteist, agus más rud é go bhfuaireadar áit i gcoláiste tríú leibhéal, is ar líne den chuid is mó, a rinne siad an cúrsa sin.

Thaitin sé sin le go leor díobh. Bhíodar in ann a bheith ag staidéar sa mbaile, ní raibh gá le gléasadh i gceart, agus shábháil siad costaisí maireachtála agus mar sin de. Is cuimhin liom scéalta a chloisteáil faoi mhic léinn a fuair tréimhsí taithí oibre – agus bhíodar fós ag obair ón mbaile.

Anois, má chuirimid cúrsaí éifeachtúlachta agus sábháil ama ar an taisteal de leataobh ar feadh nóiméidín, cad iad na rudaí atá caillte agus á gcailliúint fós ag an nglúin sin?

Smaoiním ach go háirithe ar mo thaithí agus ar mo ghairm féin – an chraoltóireacht (agus chuile chineál iriseoireachta ansin san áireamh).

Beidh daoine óga ag teacht isteach sa ngairm sin agus gan de thaithí acu ar thraenáil agus ar fhoghlaim ach an méid is féidir a fhoghlaim ar líne. Níl dabht ar bith ach go bhfuil flúirse cúrsaí iriseoireachta ar an saol anois. Clúdaítear gach gné den ghairm, idir scríbhneoireacht, chraoltóireacht, obair dhigiteach, agus go leor eile sna cúrsaí sin.

Cuimhním ar an té a d’fhoghlaim an cheird seo ina s(h)eomra leapa sa mbaile, ina s(h)uí ag bord ríomhaire. Bhí gach rud faoina láimh ag an té seo. Chonaic muid cláracha teilifíse á gcraoladh as seideanna sa ghairdín le linn na paindéime. D’fhéadfaí gach rud a dhéanamh ón mbaile, nach bhféadfaí?

Mar a tharlaíonn sé, tá an t-uafás rudaí nach féidir a dhéanamh (i gceart) ón mbaile. Thar aon ní eile, ní féidir le daoine óga foghlaim ó oibrithe sinsearacha cén chaoi le rudaí áirithe a dhéanamh. Ní féidir le daoine smaointe a chaitheamh thart ag cruinnithe foirmeálta agus neamhfhoirmeálta, agus cead acu a bheith beagáinín áiféiseach ó am go chéile. Is mar sin a thagann smaointe maithe fiúntacha chun solais. Ní tharlaíonn sé le linn cruinniú ‘Zoom’.

Is féidir a iarraidh ar chomhoibrithe sinsearacha súil a chaitheamh ar rudaí nach bhfuil críochnaithe i gceart agus a dtuairimí a fháil fúthu. Deirtear go minic faoin obair oifige go gcuirtear go leor ama ‘amú’ le cupáin chaife agus cruinnithe neamfoirmeálta sa gceaintín. Ach níl a fhios cén méid smaointe maithe fiúntacha a tháinig as an gceaintín céanna. Tógann an cruinniú ‘neamhfhoirmeálta’ i bhfad níos lú ama, ná an ceann a chaitear a chur sa dialann agus go minic tagann níos mó as.

Tá rud mór amháin eile caillte ag an nglúin a d’fhan sa mbaile le blianta beaga anuas. Sin an caidreamh pearsanta a chuireann iallach ort breathnú go díreach idir an dá shúil ar dhuine eile. Caithfidh tú a bheith trasna ón duine eile, le sin a bhaint amach. Ní bhreathnaíonn aon duine go díreach ar dhuine eile ar scáileán ríomhaire. Tá sé tugtha faoi deara ag lucht gnó, go háirithe iad siúd a bhíonn i mbun agallamh oibre, go mbíonn deacrachtaí anois ag daoine óga breathnú go díreach ar an té a bhíonn ag cur agallaimh orthu. Tá sé sin sách dona in aon chomhthéacs oibre, ach geallaim duit go bhfuil sé ina laincis an-mhór agus duine ag dul don iriseoireacht.

Ach ar ndóigh tá gairmeacha eile ann aa mbíonn an fhoireann oibre leath istigh agus leath amuigh iontu.

Cé hiad an dream a bhíonn ag cur ‘obair ón mbaile’ chun cinn na laethanta seo? Faraor, taitníonn sé le daoine óga iad féin toisc go ndeachaigh siad i dtaithí air le tamall anuas. Ach is cosúil go dtaitníonn sé freisin leis an dream sinsearach – an dream nach gcaithfidh aon rud a fhoghlaim ná a bhaint amach níos mó. Tá tithe breátha acu, teas lárnach agus dalladh spáis acu féin sa mbaile. Ní hionann agus daoine óga atá ag tosú amach in árasáin nó i seomraí cúnga, agus ríomhaire glúine mar chompánach oibre acu.

Cén rud eile atá á chailleadh ag na daoine óga seo agus iad meallta ag an ‘obair ón mbaile’? Cad faoi dhul chun cinn gairmiúil? Nuair nach bhfeiceann do cheannaire foirne tú ag an obair, nach bhfuil an baol ann go ndéanfar dearmad ort? Nuair atá an cruinniú Zoom thart agus dream beag fágtha ansin san oifig, nach bhfuil an baol ann go leanfaidh siadsan leis an gcomhrá?

Agus athruithe teicneolaíochta ag méadú chuile lá, nach bhfuil baol eile ann freisin? Mura bhfeictear san oifig thú, nach bhfuil seans ann lá éicint, go smaoineofar ar bhealach le hoibrí eile a chur i d’áit – oibrí níos saoire atá lonnaithe i dtír eile ar fad?

Nó, níos contúirtí fós, go smaoineofar ar bhealach le hinchinn shaorga a chur i mbun do chuid oibre?

Ar a laghad ní bheidh gá le breathnú idir an dá shúil ar a héadan.

Fág freagra ar 'Obair ón mbaile – dochar nó dul chun cinn?'

  • Jack

    Alt suimiúil a Mhairéad!

    Oibrím i dteic agus bhuail mé dhá shórt duine:
    An duine a bhlásann agus tá é/í i measc daoine agus é/í ag obair.
    An duine a bhlásann agus tá é/í sa bhaile agus é/í ag obair.

    Tá dhá shórt duine atá ann agus is minic a chailleann an saghas díospóireachta seo an dífríocht eatarthu (is mise an dara sórt). Má thuigeann le daoine conas obair cheart a dhéanamh agus iad ag obair ón mbaile, is féidir le gach rud a bheith déanta chomh maith le hobair san oifig (i gcás gairm a ligeann é, dar ndóigh). Tá sé níos fearr don timpeallacht (níos lú tiomána), tá sé níos fearr don ghéarchéim thithíochta (tugann sé duit seans fanacht faoin tuath más maith leat) agus buntáistí eile.

    Scríobh tú ‘Is mar sin a thagann smaointe maithe fiúntacha chun solais. Ní tharlaíonn sé le linn cruinniú ‘Zoom’. Tá sé sin fíor don chéad shórt duine, ach ní don dara sórt: bíonn na smaointe a bhíonn ag m’fhoireann chomh maith le smaointe a bhíonn ag daoine san oifig (deacair le tomhas i ndáiríre).

    In intinn a lán daoine, bíonn oifigí láidreánach, liath agus ní féidir ár n-óbair is fearr a dhéanamh iontú.
    Dearcadh eile é seo ar an rud céanna.