Ó mhaidin inniu tá tús leis an oilithreacht go dtí Mecca na léimrásaíochta

Meastar faoin Aoine seo chugainn go mbeidh suas le 55,00 Éireannach gaibhte trí gheataí Prestbury Park in Cheltenham

Ó mhaidin inniu tá tús leis an oilithreacht go dtí Mecca na léimrásaíochta

I dtithe ar fud na tíre seo faoi láthair táthar ag baint deannaigh de sheanhataí batráilte nach bhfaca solas an lae le bliain agus ag cur bandaí leaisteacha ar bhurlaí airgid a leathfadh na súile ar bhainisteoir bainc. Ar iarratas óna gcéilí, tá mná ag fuáil pócaí folaithe i líneáil cótaí móra – cleachtas a bhí i réir i bhfad sular tháinig an chéad bhanc taistil.

I scuainí aerfoirt beidh feiceáil ar mhianach duine a bheas ag tarraingt na gcos idir lucht na mbrístí gearra atá ag triall ar na hOileáin Chanáracha agus iad siúd a bhfuil culaith na dtrí phíosa orthu agus an Financial Times faoina n-ascaillí.

Ní baileach gurb é sin an t-ábhar léitheoireachta a bheas ag ár gcairde ar an rúidbhealach, ná suite taobh leis na tiománaithe leoraí sa mbialann ar bord loinge. An Racing Post, An Irish Field, nó leathanach rásaíochta éicint eile a bheas ag an dream sin againne.

Ó mhaidin inniu tá tús leis an oilithreacht. Meastar faoin Aoine seo chugainn go mbeidh suas le 55,00 Éireannach gaibhte trí gheataí Mhecca na léimrásaíochta, Prestbury Park in Cheltenham.

Le dornán blianta anois is minic oiread de chaint a bheith faoin gcoimhlint idir na capaill Éireannacha agus cinn Shasana agus a bhíonn faoi na 29 rása a rithfear ansiúd ó Mháirt na seachtaine seo ag teacht go dtiocfaidh Lá le Pádraig.

Agus gan crú curtha ar chapall fós is deacair geallghlacadóir a fháil a thabharfadh níos mó ná airgead-cothrom duit go mbuafaidh an traenálaí Willie Mullins trian díobh sin as féin.

Anuraidh ba chapaill Éireannacha a bhuaigh na rásaí ar fad a ritheadh lá deiridh na Féile.

Ní iontas sin. Ó 2010 i leith tá urlámhas á ghlacadh de réir a chéile ag capaill agus ag traenálaithe na tíre seo – bhí sin ag na marcaigh le fada. Scór bliain ó shin bheifí sásta go leor ach leathdhosaen rása a bheith buaite thall acu. Anuraidh bhuaigh siad 18 agus ceann lena chois sin nó ceann faoi na blianta roimhe. Ón tsúil ghéar atá coinnithe agam ar an teilifís ó aimsir na Nollag, is deacair a chreidiúint go gcuirfidh na capaill is fearr sa mBreatain faoi láthair mórán de laghdú air sin.

Jack Kennedy ar Minella Indo i 2021. Pictiúr: INPHO/Francesca Altoft

Le dornán beag blianta anois tá Éire chun cinn ó thaobh caighdeán na gcapall, na traenála agus na rásaíochta – duaischistí níos flaithiúla ar fáil freisin. Sin an chúis gur anseo atá roinnt de na capaill is fearr atá faoi úinéirí na Breataine á dtraenáil – Honeysuckle, Sir Gerhard agus Envoi Allen, cuir i gcás.

Fós, bheadh dul amú ar an té a cheapfadh go measann siad siúd ar fad atá ar imirce in Cheltenham an tseachtain seo go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint le líon na mbuaiteoirí ón tír seo a bheidh le feiceáil. Faigh duine acu a mb’fhearr leis nó léi geall a chur ar chapall Éireannach a bheadh sa dara háit seachas é a chur ar an gcapall Sasanach a bhuaigh.

Má tá míshuaimhneas ar bith in intinn na nÉireannach agus iad ag tabhairt aghaidh ar Fhéile na bliana seo, tá chuile sheans gurb é an t-athrú rialach a bhaineann le húsáid na fuipe is cúis leis sin.

Ceann é a fhágann nach féidir leis an marcach níos mó ná 7 mbuille a thabhairt dá chapall agus go gcaithfear cead a thabhairt don ainmhí freagairt don bhuille sula dtugtar an chéad cheann eile. Níos tábhachtaí fós ní ceadmhach feasta an fhuip a ardú os cionn airde na gualainne.

Tá feidhm leis na hathruithe sin sa mBreatain le mí anuas agus pionóis ghéara gearrtha ar mharcaigh as iad a shárú. Níleadar i réim i rásaíocht na hÉireann, rud a dhéanfaidh aimhleas do mharcaigh na tíre seo agus iad i mbun iomaíochta ar an ardán is airde dá bhfuil ar fáil.

Ní chuireann sé lena gcás go bhfuil na maoir atá thall thar a bheith dian agus iad i mbun breithiúnais. Agus seachtain iomaíochta déanta faoi na rialacha nua gearradh fionraíocht 9 lá ar scór marcach – 18 lá ar Lorcan Williams mar go mba i Rása Grád 2 a tharla an eachtra a bhain leis siúd. Dúblaítear an pionós sin i gcás rásaí den dá ghrád is airde – beidh 16 acu sin i Cheltenham.

Tá na hathruithe cáinte ag cuid de na traenálaithe agus cuid de na marcaigh is mó le rá ar chaon taobh de Mhuir Éireann, ina measc Willie Mullin, Paul Nicholls, Gordon Elliott agus Robbie Power.

Beidh Williams ar fionraí le linn na Féile agus cé nach bhfógrófar aon phionós a thabhófaí ansiúd go Máirt na seachtaine seo chugainn, tharlódh go gcoinneodh na cinn is troime acu marcaigh ó iomaíocht ag Féile Aintree faoi cheann míosa.

Beidh sé i gcúl a gcinn ar marcaigh na hÉireann freisin go bhfuil sé dearbhaithe ag Bord Rialála Rásaí Capall na hÉireann go mbeidh feidhm anseo le haon fhionraíocht a ghearrfar sa mBreatain.

Dé Máirt, (4.10) Honeysuckle. Dé Céadaoin, (3.30) Energumene. Déardaoin, (3.30) Teahupoo. Dé hAoine (3.30) Noble Yeats e/w.

Fág freagra ar 'Ó mhaidin inniu tá tús leis an oilithreacht go dtí Mecca na léimrásaíochta'

  • Seán

    Tús maith ar aon nós. Dhá bhuaiteoir tugtha ag Mártan go dtí seo. Súil agam nach drochshúil atáim a chur air !