Ó Kendrick Lamar go Lankum – albaim na bliana 2017

Tá na halbaim is mó a chuaigh i bhfeidhm air i mbliana roghnaithe ag ár gcolúnaí ceoil

Ó Kendrick Lamar go Lankum – albaim na bliana 2017

BLOOD – Kendrick Lamar


Níl stad ná staonadh le cruthaitheacht Kendrick Lamar, duine de na fonnadóirí/ceoltóirí/léiritheoirí is cumasaí atá ag cumadh ceoil faoi láthair.  Seo anamcheol comhaimseartha a leanann oidhreacht Marvin Gaye is Curtis Mayfield agus é tiomáinte ag fiosrúcháin feasa fir i dtaobh shochaí na linne,  sochaí atá faoi scáth uachtarántachta osréalaí Trump.  Níl aon bhéim ar an ’bling’, mar a bhíonn go hiondúil i rap-amhráin, ná ní chloisimíd é ag caitheamh anuas ar mhná.  In áit na dtéamaí seanchaite san, ar an albam seo, cloisimid file agus ceoltóir i mbarr a réime ag déanamh domhainmhachnamh ar a ról sa domhan aisteach trína chéile seo.


Kaitlyn Aurelia Smith – The Kid

 


Níl mórán cumadóirí in ann an ceol trialach agus an popcheol tarraingteach a shní le chéile ar bhealach chomh nádúrtha leis an mbean seo.  Is léir go bhfuil an bua ceannann céanna aici is atá ag leithéidí Animal Collective nó Laurel Halo sa tslí a thugann sí na múnlaí difriúla ceoil seo le chéile.  Tá a halbam úr lán de pop-amhráin shicidéalacha le struchtúir choimthíocha a fhágann na cluasa ar bior.

 

Mount Eerie – A Crow Looked At Me



I samhradh na bliana 2016, d’éag bean chéile an chumadóra seo.  Ag tús na bliana, d’fhógair sé go mbeadh sé ag filleadh ar an gceol athuair, is go mbeadh albam úr á eisiúint aige. Dúirt sé chomh maith go mbeadh a chuid amhrán nua-chumtha á gcur i láthair aige go poiblí.  Ní haon ghnáth-phopamhráin atá anseo, le curfánna chun sinn a mhealladh chun éisteachta ach cur síos lom, dírbheathaisniúl faoin scáth a fhágann bás leannáin ar shaol duine.  N’fheadar conas a chan sé na hamhráin os comhair an phobail, toisc ábhair na n-amhrán a bheith chomh cloíte leis an mbrón.


The Feelies – In Between

 


Tá an grúpa The Feelies ó New Jersey ar an bhfód le breis is daichead bliain anois. Ag tús na bliana, d’eisíodar a séú halbam agus ar éigean a stopas ag éisteacht leis ó shin i leith.  Tá an t-albam seo níos séimhe ná na halbaim is aitheanta acu, ach níl aon amhras ach go bhfuil na hamhráin acu chomh siúrálta is chomh ceanndána agus a bhíodar riamh.

 

Josepeh Shabason – Aytche

 

Seans go bhfuil ceol le Joseph Shabason cloiste agat cheana, ós rud é go mbíonn sé ag cumadh ceoil le bannaí mar Destroyer agus Diana. Tharla go raibh sé ag éisteacht le saothair leithéidí Gigi Masin agus The Blue Nile agus gur spreag a gcuid ceoil é chun ceol úr a chumadh, ceol ina mbeadh an bhéim ar nótaí macánta ón trumpa.  Chum sé roinnt fonn agus sheol iad chuig JP, trumpadóir agus a chomhbhádóir sa bhanna Destroyer.   Bhí Shabason chomh tógtha le hiarrachtaí JP, gur spreag sé é chun tabhairt faoi albam iomlán a chumadh sa stíl seo. Seo snagcheol comhaimseartha, gleoite séimh, a thug ardú meanman dom aon uair ar thugas cluas le héisteacht dó i mbliana.

 

Ryuichi Sakamoto – Async


Tá cúpla bliain dheacair curtha de ag an gcumadóir Seapánach Ryuichi Sakamoto.  Ghoill bás a dhlúthchara David Bowie go mór air agus níor mhór ná gur éag sé féin le hailse, ach d’éirigh leis teacht slán uaithi.  Ar an albam is déanaí uaidh, cloisimid ceol atá cumtha ag fear atá tar éis seal a chaitheamh faoi scáth an bháis ach atá anois i dtiúin leis na mionrudaí sa saol a théann i gan fhios dúinn nuair a bhíonn ár súile dúnta orthu.


Forest Sword – Compassion

 

Tá dubcheol sprioradálta lán de dhóchas (meon a bhí in easnamh ina shaothar roimhe seo), le clos ar an albam is déanaí ó Matthew Barnes, léiritheoir a rugadh is a tógadh cois Mersey.  Cloisimid é ag díriú ar an nguth daonna freisin, rud nár dhein sé mórán cheana. Sea, uaireanta seolann corrscamall thar dhromchla a chuid ceoil ach níl aon dabht ach go bhfuil an saothar seo níos gile agus níosa misniúla ná aon ní a chum sé roimhe seo agus é níosa saibhre dá bharr.


Lankum – Between The Earth & Sky


Is fada an lá ó chuala aon bhanna ag útamáil le ceol is amhránaíocht thraidisiúnta na tíre seo ar bhealach chomh leathanaigeanta leis seo.  Cuimhním ar an tslí shamhlaíoch ar thug Planxty faoin gceol traidisiúnta sna seachtóidí, nó na Pogues sna hochtóidí nuair a d’éirigh leo rud nua a chruthú leas a bhaint as gnéithe ó cheolta eile seachas a bheith ródhílis dá n-oidhreacht.   Tá meon an phunc-cheoil anseo ambaiste. Samhlaím The Dubliners faoi mar a bheadh a gcuid ceoil léirithe ag Sunn O)))) . Sin cleamhnas iontach, aisteach nár samhlaíodh go dtí seo!


Patricia – Several Shades Of The Same Color

 


Tá gean ar leith ag an léiritheoir Max Ravitz (Patricia) atá bunaithe i Brooklyn, Nua-Eabhrac do seansintéiseoirí agus an bua aige fuaimeanna áille a chrú astu.  D’eisigh sé a thríú halbam i mbliana ar lipéad Spectral Sound, agus is ann a bhí cuid de na rianta leictreonacha is mothálalaí a cumadh i mbliana le clos.

 

Kedr Livanskiy – Adriana

 


Ó Mhoscó na Rúise do Yana Kedriana, atá ag cumadh ceoil faoin ainm Kedr Livanskiy le roinnt blianta anuas. I mbliana, d’eisigh sí a céad albam, Adriana, áit a gcloisimid amhráin thaibhsiúla, a dhíríonn ar théamaí ón miotaseolaíocht is ó shíscéalta a hóige, cumtha as sintéiseoirí.

Fág freagra ar 'Ó Kendrick Lamar go Lankum – albaim na bliana 2017'