Nuair a bhí an Teaghlach Naofa ar teicheadh ins an Éigipt chuaigh siad ar seachrán ins an bhfásach, agus ar an naoú lá ní raibh acu ach builín amháin eorna agus braon beag fíoruisce.
Ar gach taobh, cha raibh dada le feiceáil ach tonnaí gainimh ag síobadh leis an ghaoth, ag dalladh a súl agus ag druideadh suas an uile chosán san áit.
I gcionn tamaill, bhí Iósaf bocht sáraithe amach le hocras agus le tuirse. Luigh sé síos go brónach ach thug Muire uchtach dó, ag iarraidh air dóchas a chur ina Dhia.
Bhí an Naíonán ina chodladh go suaimhneach i gcliabh bheag ar dhroim an asail.
Ag meabhrú leo, chuala Muire agus Iósaf osna throm thruamhéalach i ngar don áit ina raibh siad ina suí. Chuardaigh an Mhaighdean thart agus i ndeireadh na dála, chonaic sí cailín ina luí sa ghaineamh agus dreach an bháis ar a haghaidh – a lámha ar crith, a béal fosgailte agus í ins na sméitheannaí [smeachanna] deireanacha le hocras agus tart.
Le trua di roinn Muire an méid bia agus dí a bhí aici léi, agus ní raibh sé i bhfad go raibh sí in innimh labhairt leofa. Ba í a bhí buíoch agus líon a croí le lúcháir nuair a tháinig sí slán as géill an bháis.
I gciúnas na hoíche sin, nuair a bhí siad uilig ina gcodladh, tháinig slua aingeal as na Flaitheas, agus le ceol na gcláirseach agus filíocht neimhe mhol siad an Báb Naofa.
Ansin tharraing sprid ghléigeal amháin foinse fíoruisce fionnuar as an talamh agus thart fán tobar seo, d’fhág na haingle eile bláthanna agus crainn mhóra a bhí cruachta le torthaí, le cothú a fháil ag an Teaghlach Beannaithe.Nuair a mhúscail Iósaf agus na mná, chuala siad ceiliúr na n-éan agus chuir achan rud aoibhneas agus áthas ar a gcroí.
Bhí togha gach bia agus rogha gach dí acu ins an bhfásach in áit nach raibh dada ach ganntanas agus díobháil nuair a tháinig an néal codlata orthu.
Ghuigh siad go binn leis an Athair Síoraí, ag tabhairt buíochais Dó, agus ag adhradh an Chruthaitheora a thug suaimhneas agus só daofa ar son a gcuid maitheasa don chailín bhocht a bhí ag fáil bháis i bhfad óna cairde.
S. Bean Uí Dhochartaigh as Scoil Cineal Conaill a fuair an scéal seo ó Phádraig Ó Ceallacháin, Garbhachadh, Contae Dhún na nGall
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is deise cabhair Dé ná an doras – an dóchas á chothú i lár na hainnise'