Ó DHÚCHAS… Dá mbeadh a fhios aige go raibh an seic díolta ní thiocfadh sé abhaile go dtí Maigh Eo ó Van Diemans Land

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS… Dá mbeadh a fhios aige go raibh an seic díolta ní thiocfadh sé abhaile go dtí Maigh Eo ó Van Diemans Land

Bhíodh fear ag dul thart anseo gar do chéad bliain ó shin. Brady a bhí mar ainm air. Ceannaí a bhí ann. Bhíodh sé ag díol síoda, stocaí agus eile agus bhíodh sé sin daor. Chuireadh sé faoi í dteach Shéamais Uí Eisín i gCeathrú an Mhuine nuair a thigeadh sé an bealach agus ní raibh a fhios ag muintir an tí arbh fhiú pingin é agus thugaidís lóistín dhó. Uair dár tháinig sé, fuair sé bás ann agus na mná a bhí á fheistiú le cur os cionn cláir dúradar lena chéile dearcadh ar an mála féachaint an mbeadh tada ann agus rinne agus fuair siad seic £100.

Ní raibh a fhios acu céard a dhéanfaidís leis an airgead nuair nach raibh sé fágtha acu. D’inis siad an scéal d’fhear dlí, Vousten as Baile an Róba agus tháinig sé. Chuir sé míoltóg bheo i mbéal an fhir mhairbh i riocht is go bhféadfadh na fianaisí mionnú go raibh beocht sa bhfear nuair a tharraing sé an uacht.

Ní raibh léann ag Séamas Ó hEisín. Tar éis suim laethanta chuaigh fear isteach a raibh léann aige agus thaispeáin bean Shéamais an seic dó. Faoi cheann laethanta gearra chuaigh an fear céanna an bealach arís agus dúirt sé leis an mnaoi an seic a thabhairt dó go ndúirt Séamus leis é agus thug.

Tháinig Séamus isteach ag a dhinnéar agus arsa sise leis. ‘Deamhan mórán a bhí le déanamh agat agus a leithéid seo d’fhear a chur chugam agus an seic a thabhairt dhó.’ ‘Ara,’ arsa Séamus ‘níor dhúirt mise leis é a fháil.’ Arsa an bhean, ‘thug mise an seic dó agus tá sé imithe leis.’ ‘Dona go leo,’ arsa Séamus.

Tháinig sé ag an bhfear agus d’iarr sé an seic air agus dúirt an fear leis nach dtabharfadh agus bhí sé ráite dá dtugadh sé leath an airgid dó nach mbeadh aon fhocal air ach ní thabharfadh. Bhíodh an fear siúil ag rá i gcónaí go mba as Drogheda é féin.

Chuaigh Séamus go Drogheda agus chuir sé fear cloigín amach ar an tsráid – an raibh aon eolas ag na daoine ar fhear de na Bradys a bhí imithe ar shiúl agus ní bhfuair sé duine ar bith a dúirt go raibh agus tháinig sé abhaile.

Rinne sé an scoilteadh ar an uacht agus gabhadh an fear a raibh an uacht aige agus cuireadh tríd an dlí é agus fuair sé 20 bliain transportáilte go Van Diemen’s Land. D’éirigh le Vousden éirí as.

Bhí an seic ag cliamhain an fhir; shíl sí nach dtiocfadh an ‘transport’ abhaile go deo agus dhíol sí an seic ar £5 le Larmenier as Caisleán an Bharraigh agus tá sé ráite go bhfuair sé an £100 air.

Tháinig an fear abhaile arís agus bhí oíche mhaith ann an oíche sin.

Dá mbeadh a fhios aige go raibh an seic díolta ní thiocfadh sé abhaile.

Faisnéiseoir: Tomás Standún (78),
Partraí,
Contae Mhaigh Eo.
Bailitheoir
M.S. Ó hÓdhráin.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… Dá mbeadh a fhios aige go raibh an seic díolta ní thiocfadh sé abhaile go dtí Maigh Eo ó Van Diemans Land'