Ó DHÚCHAS: Cén bunús atá le ‘Cuan an Fhir Mhóir’ i gConamara?

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tugtar míniú dúinn ar Chuan an Fhir Mhóir i gConamara…

Ó DHÚCHAS: Cén bunús atá le ‘Cuan an Fhir Mhóir’ i gConamara?

Chuaigh beirt as Conamara isteach go hÁrainn uair i mbáidín beag seoil. Chaitheadar an lá ar an bhfarraige ag iascaireacht agus bhíodar spalptha leis an tart nuair a shroicheadar Árainn.

Bhí tíoránach mór saibhir in Árainn an t-am seo agus fear uafasach mór a bhí ann. Chuaigh an bheirt go dtí teach an tíoránaigh agus d’iarr siad deoch. Ní raibh istigh ach an cailín aimsire agus níor thug sí aon deoch dóibh. Ní dhearna an bheirt ach dul amach sa ‘dairy’ a bhí ag an tíoránach agus a ndóthain bainne a ól.

Nuair a bhí an bainne ólta acu ghearradar talamh ar ais go dtí a mbáidín arís mar bhí a fhios acu go maith gur ghearr go mbeadh an chóir ina ndiaidh. Thugadar a n-aghaidh ar Chonamara arís agus bhí cóir réasúnta acu ag teacht amach.

Nuair a tháinig an tíoránach abhaile d’inis an cailín aimsire an scéal dó agus lean sé féin agus triúr eile an bád le currach agus tháinig siad suas leis an mbád i mbéal an chuain ó thuaidh díreach ó Árainn. Shíl an Tíoránach mór a ghabháil de léim ar bord ar an mbáidín seoil ach sciorr sé agus cuireadh sa bhfarraige é. Bádh ar an bpointe é.

Tugadh Cuan an Fhir Mhóir ar an gcuan riamh ó shin.

Stiophán Ó Flaithbhearta (68),
Baile Láir,
Ros an Mhíl,
Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cén bunús atá le ‘Cuan an Fhir Mhóir’ i gConamara?'

  • J.Ó Gallchóbhair

    Is scéal beag suimiúil é sin.