An múinteoir a chaill a phost ar an gCeathrú Rua de bharr na Gaeilge

Ó DHÚCHAS: Píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo cloisimid faoi mhúinteoir a chaill a phost ar an gCeathrú Rua de bharr na Gaeilge

An múinteoir a chaill a phost ar an gCeathrú Rua de bharr na Gaeilge

Pictiúr: CHARLES VINCENT LAMB

Fadó an lá ó shin, ceithre fichid bliain nó mar sin, bhí scoil thiar ag an gCeathrú Rua, an áit a bhfuil teach poist na Ceathrún Rua anois. Frank Makle a bhí a’ múineadh ann ach briseadh é mar níor tháinig sé fhéin ná an inspector le chéile go maith mar gheall ar an nGaeilge bheith a labhairt corruair aige. Go deimhin ní go minic a bhíodh an Ghaeilge á labhairt aige ach mar sin fhéin níor thaitnigh sin leis an inspector – as an taobh anoir de Ghaillimh eisean.

Ansin chuir Frank Makle suas scoil dó fhéin agus bhíodh na scoláirí a’ teacht aige agus iad fhéin á íoc.

Bhí an inspector seo lá ag dul thart agus chuir duine éicint ceist air agus ní raibh sé in ann í a fhuascailt ach mheabhraigh an tiománaí a bhí aige go mbeadh Makle in ann an cheist a fhuascailt agus b’éigean don inspector a dhul go dtí Makle tar éis dó é a bhriseadh roimhe sin.

Bhíodh Makle a chur na gcipíní scóir i mbrollach na ngasúr agus dá gcur lena chluais a’ baint an eolais astu ar labhair an gasúr aon Bhéarla, más fíor dó fhéin.

P Ó Gabháin (65) a fuair an seanchas seo ó Shéamus Ó Gabháin (80) ar an gCeathrú Rua i 1936

Fág freagra ar 'An múinteoir a chaill a phost ar an gCeathrú Rua de bharr na Gaeilge'