Ó DHÚCHAS: Labhair siad as Gaeilge leis an mbreitheamh, ní bhfaigheadh sé iad a thuiscint agus ligeadh saor iad!

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Labhair siad as Gaeilge leis an mbreitheamh, ní bhfaigheadh sé iad a thuiscint agus ligeadh saor iad!

Na Fíníní

Thángadar isteach i mBaile na nGall. Bád le Pádraig Ó Lonáin a thug isteach iad. ’Sé an ainm a bhí ar an mbád ná Erin’s Hope. Bhí sí thíos i mBaile na nGall le fada ach tá sí briste anois le tamall.
Tugadh go dtí an chúirt na daoine a thug isteach iad. Labhair siad as Gaeilge leis an mbreitheamh agus ní bhfaigheadh sé iad a thuiscint agus ligeadh saor iad.
Nuair a tháinig na Fíníní isteach go dtí an baile, bhailíodar an méid a bhí acu agus shiúladar go dtí Eochaill.
Shíleadar go raibh cabhair ó mhuintir na hÉireann an lá san agus ní raibh.

Bailitheoir
Seán Ó Cionáith,
Maoil an Choirnigh,
Co. Phort Láirge

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Labhair siad as Gaeilge leis an mbreitheamh, ní bhfaigheadh sé iad a thuiscint agus ligeadh saor iad!'