Ó DHÚCHAS: Ag déanamh an earraigh in Árainn

Daoine bochta nach raibh aon talamh acu féin sé’n chaoi a bhfaighidís talamh cuir ar leath ó dhuine eicínt a mbíodh brabach talún air

Ó DHÚCHAS: Ag déanamh an earraigh in Árainn

Is iomaí cineál talún atá in Árainn ach sé an chaoi a rinneadh an cuid is mó de. Tá trí chineál talún ina gcuirtear fataí; talamh bán mar a thugtar ar an talamh nuair a chuirtear an céad bharr air. Talamh ar an darna barr a thugtar air an céad bhliain eile agus talamh loirg a thugtar air uaidh sin amach. 

Tá an talamh inchurtha chomh gann sin in Árainn nach bhfágtar ag tabhairt fhéir ach cúpla bliain é. Baintear ceathair nó cúig de bharraibh fataí dhe agus ansin ligtear amach é, sé sin cuirtear arbhar go hiondúil air nó b’fhéidir coirce corruair agus síol féir freisin. 

Tar éis an t-arbhar a bhaint ansin thugtaí coinleach ar an talamh agus dhá mbeadh an talamh go maith agus an síol féir a bheith go maith b’fhéidir go mbainfí barr féar tirim de an chéad bhliain eile agus d’fhágfaí ag tabhairt féir go ceann trí nó ceathair de bhlianta é go saothrófaí arís é. Go hiondúil cuirtear seanleasú ar an talamh bán, sé sin cuirtear brat feamainne air faoi Shamhain nó as sin go Nollaig. Bíonn athleasú le cur air arís ansin nuair a táthar dá chur agus d’fheamainn dhubh is mó a dhéantar úsáid le haghaidh athleasaithe. Leagtar dhá dhorú le corr na hiomaire agus scartar an leasú idir an dá dhorú. 

Tá trí chineál cuir a dhéantar ar fhataí san áit seo go hiondúil (1) cur lena cois – sé sin na scealláin a scaradh ar an leasú ar an iomaire agus iad a chlúdú leis an bhfód as an gclais, (2) cur bréagach – sé sin na hiomairí a chlúdú isteach ar dtús agus iad a fhágáil mar sin go ceann cúpla seachtain, b’fhéidir ansin na scealláin do shá ann. Déantar an cineál seo cuir go luath sa mbliain nuair a bheadh faitíos ar dhuine go lobhfadh na síolta dhá gcuirtí sa talamh róluath iad (3) fataí sáite – i dtalamh loirg a chuirtear na fataí mar seo. Tógtar ur ar chorr na hiomaire a bhí ann an bhliain roimhe sin agus ansin déantar an iomaire idir ’chaon dhá ur. Leagtar na scealláin in ascaillí a chéile agus sáitear sa talamh iad le bior iarainn nó sórt líomhán.

Déantar é seo de phíosa de sheanspáid a chaolaítear agus sáitear isteach in adharc beithígh é le sórt lámh a dhéanamh. Trí troithe is iondúil a bhíonns i leithead an iomaire. I ngarraí ina bhfuil bruach na n-iomairí ón mbliain roimhe le feiceáil go soiléir níl aon chall le dorú leis na hiomairí a tharraingt díreach. Déantar na hiomairí a thomhas go minic leis an spáid ó chorr an ghimseáin go dtí barr an fheic [feac]. Sa gcur sáite  minic is minic a bheadh na péiceanna ag gobadh aníos sula mbeadh an fheamainn le fáil lé cur orthu. Amanta cuirtear feamainn thirim orthu agus déantar iad a fhóidriú ansin, sé sin an t-ur a leagan agus a chaitheamh isteach ar an iomaire.

Más coirleach a chuirtear amach mar leasú is iondúil go bhfágtar gan fóidriú é go bhfaigheann sé neart báistí agus go mbeidh dath geal air. Deirtear gur amhlaidh is fearr a chuireann sé le fás na bhfataí. Níl an obair seo, an fóidriú, le déanamh sa gcur lena cois nó sa gcur bréagach chor ar bith. Níl le déanamh sa gcineál sin cuir ach é thrinseáil nuair a bheas na barrannaí uilig aníos. Déantar na fataí a fhóidrítear a thrinseáil freisin ar ndóigh. Is minic nach mbíonn a ndóthain lánú fágtha le haghaidh na trinseála ach caithfear ansin lánú a tharraingt air as an gcladach nó as áit eicínt eile. Bíonn cuid den talamh an-salach agus caithfear é ghortghlanadh cúpla uair i gcaitheamh an tséasúir, sé sin an salachar a phiocadh as. 

Cuirtear “spray” faoi dhó agus go minic trí huaire ar fhataí san áit seo agus murach é ní bheadh fata ar bith slán ann. Má thagann an aimsir róthe, róthirim le linn na fataí a bheith ag síolrú ní bheidh aon bharr de rath ann mar tá an talamh róthanaí. Áit ar bith a bhfuil an leic réidh faoi níl seasamh ar bith aige leis an triomach ach má tá mionchreig de bhonn faoi tá seasamh maith aige. Is minic má thagann cuimse báistí tar éis triomaigh mhóir go ndéanann na fataí athfhás agus ní bhíonn aon mhaith leo ansin. 

Timpeall i lár Dheireadh Fómhair sea thosaítear ag baint na bhfataí anseo. Ní bhíonn aon deifir mhór ar dhaoine dhá mbaint san áit seo mar ní mhilleann an bháisteach tada fúthu ag an talamh a beith chomh tanaí sin. ‘Ag spréamh na bhfataí’ a deirtear chomh maith le ag baint na bhfataí. Fágtar ar an ithir iad go ceann cúpla lá thar éis a mbainte muna mbeadh aon chosúlacht seaca ar an aimsir.

Cuirtear cois claí ansin iad agus clúid raithní orthu. Daoine a bhfuil rún acu iad a chur abhaile go luath ní chuireann siad fód ar bith orthu, daoine eile a chuireann i bpoll iad agus clúdaíonn le raithneach agus le fód iad ach cuireann formhór na ndaoine abhaile roimh an Nollaig iad agus cuireann siad i dteach beag iad. Fataí ar mhaith le duine a fhágáil le haghaidh síolta an céad bhliain eile d’fhágfaidís i bpoll amuigh iad go dtí an tEarrach. Bíonn fataí móra, agus fataí beaga ann, fataí gréineacha, fataí gearbacha, fataí gearradh láí agus fataí cíocha ann. 

Ag gearradh fataí do dhuine, is fearr leis na scealláin mullaigh ná sceallán ar bith eile. Siad is túisce a fhásann a deirtear. Tá scealláin tónach mall ag fás. Baintear an oiread sceallán as fata agus is féidir agus má tá an fata mór b’fhéidir go mbeadh píosa fágtha nach mbeadh súil ar bith ann. Laoidheáin (langáin) a thugtar ar na píosaí sin a fhágtar.

Maidir leis an talamh – tá talamh dúrabháin – sin gaineamh is fód in éineacht, níos mó den fhód dubh ann; talamh cineálta – sin talamh mín deas éasca a spréadh; talamh clochach, talamh láidir, talamh tanaí, talamh domhain, talamh dearg, talamh gainimh. Tá mé le garraí ‘a stócáil’ i mbliana a déarfaí nuair a bheadh rún ag fear garraí a dhéanamh de phíosa de chreig. Déantar na huláin a bhaint ar dtús, na poill a líonadh le clocha beaga agus an áit a dhéanamh chomh cothrom agus ab fhéidir. Déantar scraitheacha a bhailiú ansin agus cumraíocht na n-iomrachaí a dhéanamh.

Fód a bhailiú as scailpeacha agus as chuile áit a bhfuil sluasaid fóid lé fáil agus í a chur air agus na fataí a shá ansin ann. Is minic gur ar éigean a bheadh an oiread ann agus a chlúdódh na scealláin agus ina dhiaidh sin bheadh fataí maithe ann dhá dtigeadh an bhliain isteach go maith. Dhá mbeadh uláin mhóra leathana sa ngarraí nárbh fhéidir a bhaint, sé’n chaoi a gcuirfí clocha mar chionnáirt [ceannadhairt] leo, leis an bhfód a choinneáil gan titim thar an mbruach agus dhéanfaí an t-ulán sin a stócáil mar an chuid eile. Is minic a d’fheicfeá garraí mar sin agus bheadh trí nó ceathair de stórtha ann.

Daoine bochta nach raibh aon talamh acu féin sé’n chaoi a bhfaighidís talamh cuir ar leath ó dhuine eicínt a mbíodh brabach talún air. Bhíodh ar an sclábhaí an talamh a leasú, d’fhaigheadh sé leath na síolta ach bíodh air an garraí a chur agus chuile mhíle sórt a dhéanamh leis, na fataí a bhaint agus dhá leith a dhéanamh dhíobh. Sé’n chaoi a ndéantaí an roinnt – chuirtí chaon darna cliabh de na fataí in dhá pholl – poll de na fataí móra agus poll de na fataí beaga.

Bhíodh ceithre pholl ann, dhá pholl de na fataí móra, agus dhá pholl de na fataí beaga agus nuair a bheadh an fata deireanach bainte pioctha agus curtha sna poill chuirtí crainnte orthu ansin agus bhíodh ar an sclábhaí a chuid fataí a chur abhaile d’fhear na talún. Níl duine ar bith ag cur fataí ar leath anois ach is le ríghairid a d’éiríodar as – deich mbliana nó mar sin.

Brighid Ní Dhioráin (13) as an Srutháin in Árainn, a bhí ar Scoil Eoghanachta a scríobh  

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ag déanamh an earraigh in Árainn'