Ó Canberra go Carn Domhnaigh, ó Brindisi go Baile na mBrobhach, thosaigh daoine ag caitheamh díobh ina gcraiceann dearg

I bhfad roimh an ráig ‘stríocála’ agus fós féin tá mianach eile duine ann a bhíonn ar thóir airde ar pháirceanna imeartha na cruinne

Ó Canberra go Carn Domhnaigh, ó Brindisi go Baile na mBrobhach, thosaigh daoine ag caitheamh díobh ina gcraiceann dearg

Thart ar dhá scór bliain ó shin bhuail ráig ‘stríocála’ an domhan mór. Ó Canberra go Carn Domhnaigh, ó Brindisi go Baile na mBrobhach thosaigh daoine ag caitheamh díobh ina gcraiceann dearg go dtabharfadh siad ráigeanna trasna páirceanna peile agus síos sráideanna cathrach.

Go fiú agus gur shroich an faisean áiteacha a bhí ar chúl éaga. Is cuimhneach liom nuachtóir ag tuairisciú ar bulletin de chuid Raidió na Gaeltachta ag an am go raibh na Gardaí ag fiosrú scéal faoi stríocaire a rith ó cheann ceann bhaile an Chlocháin ar uair an mheán oíche.

‘Níl a fhios a mba fear nó bean a bhí ann,’ an abairt dheireanach a bhí ina mhírín nuachta, ach gur chuir sé féin leis go searbhasach – ‘gan an t-amharc a bheith go maith ag ár gcomhfhreagraí sa gceantar, is cúis leis sin, is dócha!’

Mhair an ealaín tamall gur éirigh an pobal bréan de. Níl an duine in ann ach ag méid áirithe ceathrúna ramhra, loirgní séaclacha, agus ‘wobblies’ rocacha.

Bhíodh tóir faoi leith air ag cluichí sacair. Ansin nuair a thuig na comhlachtaí teilifíse go mba é leigheas an scéil na ceamaraí a iompú sa treo eile, rinne siadsan a gcion féin lena chur chun báis.

I bhfad roimhe agus fós féin tá mianach eile duine ann a bhíonn ar thóir airde ar pháirceanna imeartha na cruinne. Facthas a leithéid in Twickenham Dé Domhnaigh seo caite nuair a rinne fear óg a raibh feisteas Shasana air iarracht seasamh sa líne ina raibh na himreoirí agus na hamhráin náisiúnta á seinm.

Níorbh fhada gur chuid lucht slándála ar a thóin é le toraic chomh tréan leis an gceann a thuill an cárta dearg do Charlie Ewels agus gan ann ach go raibh an imirt tosaithe cúpla nóiméad dár gcionn.

I mí na Samhna seo caite i Staid na Mílaoise bheadh an t-úd a thabharfadh an bua do na Breatnaigh ar an Afraic Theas scóráilte ag Liam Williams ag deireadh na himeartha murach go dtáinig pleota a bhí rite as an lucht féachana isteach ar an bpáirc sa mbealach air.

Ní hí an íde chéanna a fuair ár gcara in Twickenham a fhaigheann chuile chleasaí. Tá sé bliain agus fiche ó d’éirigh le Karl Power áit a fháil i bpictiúr d’fhoireann Manchester United a bhí réidh le dul chun imeartha in aghaidh Bayern Munich i mbabhta ceathrú ceannais de Chorn na hEorpa. 

Ós rud é go raibh péire cluasán air agus trealamh ceamaradóra ar iompar aige níor thug na maoir aon aird air nuair a rinne sé a bhealach go ciumhais na páirce in Old Trafford. Ansiúd tharraing sé feisteas United air féin agus sheas le hais Andy Cole sa ngrianghraf. 

D’éirigh le Power a dhul chun páirce freisin i gcluichí idirnáisiúnta cruicéid. Níor aithníodh é gur bhain sé a chlogad dó nuair a bhuail an fón. Sa mbliain 2002 ag Grand Prix na Breataine in Silverstone, rinne sé a bhealach chuig seastán bronnta na mbuaiteoirí áit ar bhuail sé Michael Schumacher de chúcamar. 

Go fiú gur éirigh leis cúpla liathróid a bhualadh trasna an lín in Wimbledon agus an lucht féachana ag fanacht go dtiocfadh Andy Murray chun imeartha tamall ina dhiaidh sin arís.

Cé nach baileach gur ionann go díreach a chás féin, beidh cuimhne ag cuid agaibh ar an snámhaí Eric The Eel Moussambani a thuill cáil dó féin ag na Cluichí Oilimpeacha in Sydney i mbliain na Mílaoise. 

Ba as an nGuine Mheánchiorclach i lár na hAfraice d’Eric. Bhíothas i bhfoisceacht trí ráithe de na Cluichí nuair a d’fhoghlaim sé le snámh a dhéanamh. I loch a bhí gar do bhaile agus ansin i linn snámha nach raibh ach 12 méadar ar fhaid a rinne sé sin. Cé nach raibh sé i bhfoisceacht scread asail don sprioc cáilithe don rás 100m saorbhuille in Sydney, fuair sé cuireadh a dhul ansiúd faoi chóras ina raibh tíortha laga á spreagadh chun iomaíochta. Ni fhaca Eric linn 50m, ní áirím gur shnámh sé i gceann gur bhain sé na Cluichí amach. 

Ní áibhéil a bheadh ann a rá go mba ar éigean a d’éirigh leis an rás cáilithe ina raibh sé a chríochnú – ghlac sé beagnach dhá nóiméad air i gcomórtas a bhuaigh Dúitseach a chríochnaigh a fhorás féin in imeacht 27.84 soicind.

Rinne a dhiongbháilteacht laoch d‘Eric, an Eascann’.

Scannán atá ar leac an tairsí againn a chuir ag cuimhneamh ar an gcaoi seo mé. Le galf a bhaineann an scannán céanna agus le cealgaire mór eile darbh ainm Maurice Flitcroft a rugadh i Manchain, fearacht Karl Power.

Chaith sé tréimhse sa gcabhlach, tamall ag tiomáint crann tógála, tamall eile ag díol snasán bróg agus ina dhiaidh sin uachtar reoite.

Bhí an dá scór caite ag Flitcroft i 1974 nuair a tharraing sé snaidhm ar liathróid ghailf den chéad uair riamh. Ní raibh maith ná maoin leis i mbun imeartha, ach chuir sé ina chloigeann gur mhaith leis imirt i gComórtas Oscailte na Breataine ar mhór idir an córas cáilithe a bhain leis an uair sin agus ceann an lae inniu.

Ní raibh aon bhac oifigiúil ag Flitcroft, mar nár bhall de ghalfchumann é agus ní raibh bealach aige le cur isteach ar cheann de chomórtais cháilithe na Craoibhe Oscailte ach a rá go mb’imreoir gairmiúil a bhí ann.

Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, d’éirigh leis áitiú ar lucht eagair an ghailf glacadh lena iarratas agus fuair áit i gceann de na réamhchomórtais ina raibh 2,500 galfaire san iomaíocht ar fud an domhain.

121 buille a bhuail do Mhuiris ina bhabhta cáilithe féin in Fromby, an scór is measa riamh ag aon tráth den Chomórtas Oscailte. Ní gá a rá nár leor sin lena thabhairt go Royal Birkdale, áit a raibh an Chraobh féin ar bun – Johnny Miller a bhuaigh.

A luaithe agus a bhí sin críochnaithe d’athraigh an Royal & Ancient Golf Club i St. Andrews na rialacha a bhain leo siúd a bhí i dteideal cur isteach ar an gcomórtas, ach níor stop sin Maurice. 

Sna blianta a lean, chuir sé iarratais isteach ag ligean air féin go mba ó ghalfaire gairmiúil as an bhFrainc, Críoch Lochlann agus áiteacha eile a tháinig siad. Bhí Gerald Hoppy, James Beau Jolly, Arnold Palmtree agus Count Manfred Von Hoffmenstal ar chuid de na hainmneacha bréige a thug sé air féin.

Bhí an R&A chomh mór sin as a meabhair aige agus gur fhostaigh siad saineolaí lámhscríbhneoireachta ar mhaithe le theacht roimh a chuid iarratas iontrála.

Ní fear mór leis na scannáin mé, ach is iad na cinn a bhainfeadh gáire asam is fearr liom. Tharlódh Phantom of the Open a bheith ar cheann acu.

Fág freagra ar 'Ó Canberra go Carn Domhnaigh, ó Brindisi go Baile na mBrobhach, thosaigh daoine ag caitheamh díobh ina gcraiceann dearg'