Nua! Gearrscannán – ‘Yu Ming is Ainm Dom’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'Yu Ming is Ainm Dom'

Físeán

Gníomhaíocht 1:

Yu Ming is Ainm Dom an teideal atá ar an ngearrscannán seo. Ag obair le do pháirtí déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Cén tír ina bhfuil Yu Ming i dtosach?
  2. Cén fáth a dtosaíonn Yu Ming ag déanamh taighde faoi Éire?
  3. Cén chaoi a roghnaíonn sé Éire?
  4. Céard a tharlaíonn sa bhrú?
  5. Céard a tharlaíonn sa teach tábhairne?
  6. Cén mhíthuiscint atá ar Yu Ming faoi Éire?

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí, déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Féach ar an gcéad nóiméad arís. Cén tslí a gcuirtear ina luí orainn go bhfuil eachtraí lonnaithe sa tSín?
  2. Cén chaoi a gcuirtear in iúl dúinn go bhfuil Yu Ming bailithe dá shaol?
  3. Céard atá aisteach agus greannmhar faoin radharc sa bhrú?
  4. Cén deacracht atá aige ag ithe? Céard a insíonn sé seo agus an radharc fada ceoil dúinn?
  5. Céard atá aisteach agus greannmhar faoin ráiteas ó fhear an bheáir faoi Guinness?
  6. Céard a cheapann tú don chríoch?
  7. Scríobh an ríomhphost a scríobhfadh Yu Ming chuig a mháthair ag cur síos di ar a shaol nua sa Ghaeltacht?

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Is gearrscannán é seo atá bunaithe ar mhíthuiscint faoi chumas Gaeilge mhuintir na hÉireann.
  • Tá an t-ilteangachas agus an ilchultúrthacht mar théama ann.
  • Tá Yu Ming bailithe dá shaol sa tSín. Tá sé seo soiléir ón tslí go bhfuil sé á iompar féin sa siopa ina bhfuil sé ag obair.
  • Teastaíonn uaidh rud éigin difriúil a dhéanamh.
  • Déanann sé cinneadh eolas a chur ar thír eile agus roghnaíonn sé an tír sin go randamach trí chasadh a bhaint as cruinneog.
  • Nuair a thosaíonn sé ar a chuid taighde faigheann sé amach go bhfuil an Ghaeilge ar cheann den dá theanga oifigiúil atá againn in Éirinn.
  • Déanann sé an Ghaeilge a fhoghlaim agus tagann sé go hÉirinn.
  • Feiceann sé go bhfuil an-chuid de na comharthaí dátheangach, rud nach gcuireann iontas air.
  • Diaidh ar ndiaidh cuirtear abhaile air nach bhfuil Gaeilge ag formhór an phobail.
  • Is Astrálach atá ag obair sa bhrú agus ní thuigeann sé gur Gaeilge atá á labhairt ag Yu Ming. Ceapann sé gur Sínis atá á labhairt aige. Glaonn sé ar fhear eile as an Áise le cabhrú leis, ach is Mongólach é siúd. Míthuiscint eile.
  • Tá Yu Ming ag éirí an-uaigneach agus trína chéile. Tá sé ag ceapadh go ndearna sé botún mór trí theacht go hÉirinn.
  • Téann sé isteach i dteach tábhairne agus tá míthuiscint teanga eile ansin. Tá fear an bheáir ag caint ar Guinness a bheith ina tháirge Éireannach ach ní thuigeann sé gur Gaeilge atá á labhairt ag Yu Ming.
  • Ceapann Yu Ming nach dtuigeann éinne é mar nach bhfuil a Ghaeilge maith go leor.
  • Tá seanfhondúir ag ól ag an mbéar. Tá Gaeilge aige agus tosaíonn sé ag caint le Yu Ming.
  • Míníonn sé dó nach bhfuil Gaeilge ach ag sciar beag den phobal.
  • Tá Yu Ming in ísle brí.
  • Sa radharc deireanach feicimid go bhfuil Yu Ming ag obair i dteach tábhairne i nGaeltacht Chonamara. Labhraíonn sé Gaeilge leis na custaiméirí agus tá cuma shásta air.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Nua! Gearrscannán – ‘Yu Ming is Ainm Dom’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'