NOD DON EOLAÍ: Maraíodh Ötzi i dtuaisceart na hIodáile agus tá léargas nua anois ar na huaireanta deireanacha dá shaol 5,300 bliain ó shin

Ón phailin a bhí measctha leis an bhia ina bholg is léir gur ith sé béile ag 1,200m dhá uair déag sula bhfuair sé bás agus sleá ina ghualainn

Thángthas ar Fhear Oighir na Tioróile, a fuair bás 5,300 bliain ó shin, go hard sna hAlpa i dtuaisceart na hIodáile i 1991.  Ní hamháin gur caomhnaíodh san oighear corp an fhir, a bhí 45 bliain d’aois, nuair a maraíodh é ach caomhnaíodh na huirlisí éagsúla a bhí á n-iompar aige chomh maith.  Ón chruth atá ar na huirlisí sin, meastar go raibh an Fear Oighir ag streachailt le tamall sula bhfuair sé bás agus gur mharaigh duine éigin ó dheisceart na nAlp é.

Tháinig beirt turasóirí ar an mhumaí i mí Mheán an Fhómhair i ndiaidh don oighear a bheith ag leá i rith an tsamhraidh ar dhroim idir dhá ghleann ag an teorainn idir an Iodáil agus an Ostair. Tá Schnaltal san Iodáil agus tá Ötztal san Ostair agus tugadh Ötzi mar ainm ar an mhumaí ársa seo.

Bhí a chuid éadaí i dteannta an choirp, mála beag ceangailte lena chrios agus bolg saighead in aice láimhe. Bhí dhá cheann saighde, beanna carria agus cúig chrann saighde nach raibh críochnaithe sa bholg.  Bhí miodóg nó daigéar, scian de shaghas éigin, leis an chorp fosta. 

Ba as seirt a rinneadh na cinn saighde agus ba as an gcloch sin a dhéantaí cuid mhór de na lanna agus cinn saighde san am sin mar bhí sé éasca faobhar a chur uirthi.  Tá mion-iontaisí caomhnaithe sa tseirt agus tá bailiúchán d’iontaisí faoi leith i ngach seirt.  Dá bharr sin, is féidir na ceantair as ar tháinig an chloch a aithint as na hiontaisí beaga atá  buanaithe sa chloch.

Chun fáil amach cé as ar tháinig an chloch as a ndearnadh na cinn saighde chuardaigh na taighdeoirí mion-iontaisí a bhí buanaithe iontu.  Ón bhfianaise sin a foilsíodh ag deireadh na míosa seo caite san iris PLOS ONE, is léir gur bailíodh an chloch as a ndearnadh ceann saighde amháin 45 km siar ó dheas agus an tseirt sa gceann eile 60 km soir ó dheas.  Ní ó aon áit amháin a bhíodh Ötzi ag fáil a chuid seirte, ach ó áiteanna éagsúla.

Ciallaíonn sé seo go raibh gréasán ag scaipeadh seirte fa choinne ceann saighde ar fud thuaisceart na hIodáile 5,300 bliain ó shin.

Ach bhí droch-chruth ar na cinn saighde.  Ní raibh siad géar cheal faobhair agus bhí cuid acu chóir a bheith caite.  Meastar nach raibh fáil ag Ötzi ar sheirt úr chun cinn saighde a tháirgeadh le tamall sula bhfuair sé bás.  Ní raibh aon fhaobhar ar an daigéar a bhí aige ach an oiread agus tá fianaise curtha os ár gcomhair a léiríonn gur  bhain sé úsáid as chun plandaí a bhaint.

Tá gráinne plandaí ina phutóga a léiríonn gur ith sé bia a bhí ag fás go háitiúil.  Agus leis an phailin a bhí measctha leis an bhia is léir gur ith sé béile agus é thuas thart ag 2500m ar airde thart ar 33 uair an chloig sula bhfuair sé bás. 

Tháinig sé anuas go dtí airde 1,200m sular ith sé béile eile 12 uair sula bhfuair sé bás agus thosaigh sé ag dreapadh arís. 

Maraíodh é agus é 3,000m in airde. Tá ceann saighde ina ghualainn agus meastar gur chuir sé deireadh leis mar ghearr sé féith agus tá fianaise ann gur chaill sé mórán fola.  I ndiaidh don fhoireann anailís a dhéanamh ar an gceann saighde seo meastar gurbh as ceantar i ndeisceart na nAlp é an boghdóir a mharaigh Ötzi.

Tá an t-alt iomlán ar fáil ag anseo

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Maraíodh Ötzi i dtuaisceart na hIodáile agus tá léargas nua anois ar na huaireanta deireanacha dá shaol 5,300 bliain ó shin'