NOD DON EOLAÍ: Is ionann ‘Taispeántas Eolaí Óg BT’ agus Oireachtas Eolaíochta na n-óg – ceiliúradh é ar an gcéad ghlúin eile d’eolaithe na hÉireann

Úsáideann achan duine againn an modh eolaíochta chun dul i ngleic leis an saol thart orainn, mar a chruthófar ag Taispeántas Eolaí Óg BT

NOD DON EOLAÍ: Is ionann ‘Taispeántas Eolaí Óg BT’ agus Oireachtas Eolaíochta na n-óg – ceiliúradh é ar an gcéad ghlúin eile d’eolaithe na hÉireann

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a d’oscail Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT san RDS i mBaile Átha Cliath inné. Tá thart ar 1,100 eolaí óg i láthair, mar aon le go leor ceiliúrán. Táthar ag súil go dtiocfaidh níos mó ná 50,000 cuairteoir go dtí an comórtas sula dtiocfaidh deireadh leis tráthnóna Dé Sathairn.

Le linn gnáthchomhdhálacha eolaíochta bíonn eolaithe gairmiúla ag déanamh cur síos ar a gcuid taighde agus ag taispeáint a gcuid torthaí don saol mór. 

Bíonn na heolaithe ina seasamh in aice lena gcuid póstaer, ar a bhfuil cur síos ar thurgnaimh agus ar thorthaí s’acu.  Siúlann na heolaithe thart ag amharc ar phóstaeir a chéile.

Nuair a bhím féin ag freastal ar chomhdháil, téim ó phóstaer go póstaer ag amharc ar na sonraí agus ag caint leis na heolaithe féin.

Bíonn sé iontach áisiúil a bheith ábalta na torthaí a phlé agus na toscairí féin agus an póstaer romhat amach.  Is minic nach dtuigim ar fad an dóigh a ndearnadh na turgnaimh agus bíonn soiléiriú de dhíth orm.  In amanna eile, ní thuigim ciall ná tábhacht na dtorthaí agus thig leis na taighdeoirí féin sin a léiriú dom.  Fiú amháin, má thuigim na sonraí is minic a bhím ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil ó na taighdeoirí.

I ndiaidh dom a bheith ag caint leis na heolaithe agus ag amharc ar a bpóstaeir bíonn tuiscint chruinn agam faoina bhfuil faighte amach acu.

Beidh an rud ceannann céanna á dhéanamh agam san RDS an tseachtain seo.  Rachaidh mé ó phóstaer go póstaer agus beidh mé ag caint le cuid mhór de na mílte eolaithe a bheas i láthair.

Beidh siad ina seasamh in aice le póstaeir s’acu.  Déanfaidh siad cur síos ar na tionscadail a rinne siad le trí mhí anuas agus ar na torthaí a fuair siad sa tréimhse sin. 

Ach tá rud beag difriúil sa chás seo, achan eolaí a bheidh san RDS an tseachtain seo is daltaí scoile iad agus iad go léir faoi bhun 18 bliain d’aois.  Ach seachas sin, beidh sé díreach cosúil le beagnach gach aon chomhdháil eolaíochta eile ar chlár na cruinne.

Thosaigh na heolaithe óga ag saothrú ar a dtionscadail san fhómhar in 2017.  D’fhoghlaim na daltaí an dóigh le dul i mbun taighde eolaíochta ó shin.

Ag an tús bhí ceist acu.  Rinne siad triail chun freagra a fháil ar an gceist sin.  Tá seans nár éirigh leo.  B’fhéidir go bhfuair siad amach gur droch-cheist a bhí inti sa chéad dul síos.  Ach is cuma.  Lean siad ar aghaidh le ceisteanna eile agus trialacha úra. 

Tá seans ann go bhfuair siad sonraí an dara nó an tríú babhta agus rinneadh anailís orthu.  B’fhéidir go bhfuair siad freagra i ndiaidh scagadh dian a dhéanamh ar na sonraí luachmhara.  Beidh an t-eolas ar fad le feiceáil ar na póstaeir agus déanfaidh na heolaithe óga cur síos cruinn líofa air.

Déanann muid an rud céanna i rith an ama i saotharlann s’againne san ollscoil.  Teipeann ar ár dturgnaimh níos minice ná a mhalairt, ach leanann muid ar aghaidh agus de réir a chéile éiríonn linn freagra a fháil. 

Seo an modh eolaíochta; an dóigh chun fáil amach, i gcéimeanna beaga bídeacha, faoin domhan agus faoin gcruinne thart orainn. 

Chun na fírinne a dhéanamh, tá bua na heolaíochta ag eolaithe agus ag daoine nach eolaithe iad.  Úsáideann achan duine againn an modh eolaíochta chun dul i ngleic leis an saol thart orainn gach lá.  Ní bua neamhghnách é.

Lá den saol ní raibh siúl na gcos agam. Thóg mé coiscéim agus thit mé.  Bhain mé triail as arís agus arís eile, agus de réir a chéile thosaigh mé ag siúl. Tá ciall cheannaithe tábhachtach don eolaí.

I ndiaidh dóibh trí mhí a chaitheamh i mbun taighde, tá an mianach in achan dalta a bheas san RDS an tseachtain seo an modh eolaíochta a chur ag obair.  Sa mhullach air sin, beidh an cumas sin iontu an chuid eile dá saol, cibé rud a dhéanann siad amach anseo.

– Is Ollamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford é Liam Ó Dúbhláin

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Is ionann ‘Taispeántas Eolaí Óg BT’ agus Oireachtas Eolaíochta na n-óg – ceiliúradh é ar an gcéad ghlúin eile d’eolaithe na hÉireann'