Níos mó daltaí sa rang ná an meán i 67% de ghaelscoileanna an stáit

Bhí 24 dalta ar an meán i ranganna an 151 gaelscoil sa stát, líon níos airde daltaí sa rang ná an meán náisiúnta

Níos mó daltaí sa rang ná an meán i 67% de ghaelscoileanna an stáit

Tá líon níos mó daltaí sa rang ná an meán in dhá thrian de ghaelscoileanna an stáit.

A mhalairt de scéal atá fíor i gcás scoileanna lán-Ghaeilge na Gaeltachta agus líon níos lú daltaí sa rang ná an meán náisiúnta in 80% díobh.

De réir figiúirí a foilsíodh ar an Irish Independent an tseachtain seo, 22.8 an líon daltaí ar an meán a bhí i ranganna bunscoile an stáit anuraidh.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc, 21.9 an líon daltaí ar an meán a bhí i ranganna an 249 bunscoil lán-Ghaeilge.

24.0 an líon daltaí ar an meán a bhí i ranganna an 151 gaelscoil sa tír agus 19.6 a bhí i gceist i gcás an 98 bunscoil Ghaeltachta atá ag teagasc go hiomlán trí Ghaeilge.

Gaelscoil, Scoil Mobhí i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath, an scoil is airde sa stát go léir ó thaobh líon na ndaltaí ar an meán sa rang. 30.9 dalta ar an meán a bhí i ranganna Scoil Mobhí anuraidh, scoil ina raibh 248 dalta cláraithe anuraidh.

Gaelscoil Uí Ríordáin i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh an ghaelscoil is mó sa stát agus 748 dalta cláraithe léi anuraidh. 31 rang a bhí sa scoil i gCorcaigh agus 24.3 an líon daltaí ar an meán a bhí sna ranganna.

Ba í Scoil Náisiúnta na bhForbacha i gConamara an scoil Ghaeltachta is airde ó thaobh líon na ndaltaí ar an meán sa rang. 25.9 dalta ar an meán a bhí i ranganna scoil na bhForbacha anuraidh.

Gaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach ar imeall thiar chathair na Gaillimhe an scoil Ghaeltachta is mó sa stát. 665 dalta a d’fhreastail ar 26 rang na gaelscoile i nGaillimh anuraidh, agus 25.6 ar an meán a bhí sna ranganna.

43,704 dalta a d’fhreastail ar an 249 bunscoil lán-Ghaeilge anuraidh, 8.1% den 539,075 dalta bunscoile a bhí sa stát.

Den 43,704 dalta a d’fhreastail ar bhunscoileanna atá ag teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge, i ngaelscoileanna a bhí 36,710 acu agus sna scoileanna Gealtacha a bhí an 6,994 dalta eile.

Bunscoileanna   lán-Ghaeilge an stáit (Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta)
Scoileanna Daltaí Seomraí Ranga Daltaí sa Seomra Ranga (ar an meán)
Scoileanna lán-Ghaeilge 249 43,704 1,884 21.9
Scoileanna Gaeltachta 98 6,994 357 19.6
Gaelscoileanna 151 36,710 1,527 24.0
Náisiúnta 3,095 539,075 23,596 22.8

*bunaithe ar fhigiúirí na Roinne Oideachais don scoilbhliain 2022-23

Fág freagra ar 'Níos mó daltaí sa rang ná an meán i 67% de ghaelscoileanna an stáit'