Níos mó daltaí ag tosú sa chóras oideachais lán-Ghàidhlig ná mar a bhí riamh

Beidh 57% de na daltaí a thosóidh ar scoil sna h-Eileanan Siar i bhfómhar na bliana seo ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig

Níos mó daltaí ag tosú sa chóras oideachais lán-Ghàidhlig ná mar a bhí riamh

Cuirfidh níos mó daltaí tús lena ngairm scoile i scoileanna lán-Ghàidhlig sna h-Eileanan Siar ná mar a rinne riamh cheana, de réir figiúirí atá eisithe ag Comhairle nan Eilean Siar. Thug an t-údarás áitiúil in Albain le fios go mbeidh 57% de na daltaí a thosóidh ar scoil i bhfómhar na bliana seo ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig.

Tháinig laghdú ar líon na ndaltaí a thosaigh a gcéad bhliain scolaíochta i scoil lán-Ghàidlig anuraidh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin – ó 47% in 2023 go 42% in 2024 – ach deir an t-údarás áitiúil go bhfuil muinín acu nach mbeidh an figiúr chomh híseal sin arís.

Tugadh polasaí nua isteach in 2020 go mba é an t-oideachas lán-Ghàidhlig an rogha réamhshocraithe do dhaltaí bunscoile sna hEileanan Siar agus go gcaithfeadh tuismitheoirí iarratas a dhéanamh dá mba mhaith leo gur go scoil lán-Bhéarla a ghabhfadh a ngasúir.

Is é an 57% atá ann i mbliana an céatadán is airde de dhaltaí nua a bheidh ag tosú ar scoil lán-Ghàidhlig ó tugadh an polasaí nua isteach cúig bliana ó shin. Fágann sé go bhfuil 49% – beagnach a leath – de na daltaí bunscoile ar fad (ó P1 go S6) sna hEileanan Siar ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig.

Dúirt Oifigeach Feabhsaithe Caighdeán na Comhairle, Anne Graham, a bhfuil beirt ghasúr dá cuid féin ag freastal ar scoil lán-Ghàidhlig, gur rud “an-dearfach go deo” don teanga sna hoileáin é figiúirí na bliana seo ach go gcaithfí an Ghàidhlig a neartú taobh amuigh de na scoileanna freisin.

“Is am an-dearfach go deo é seo don Ghàidhlig sna hEileanan Siar. Ní inár scoileanna amháin atá neart an oideachais lán-Ghàidhlig ach inár bpobail. Tá muid ag iarraidh ar gach duine a bheith bródúil as an teanga agus í a úsáid leis na daoine óga ina saol. Is linn ar fad í an Ghàidhlig agus is orainne atá sí ag brath,” a dúirt sí.

Dúirt Graham go bhfuil an chomhairle ag iarraidh ar thuismitheoirí, seantuismitheoirí, comharsana, siopadóirí, tiománaithe bus, cóitseálaithe sacair agus cairde, an Ghàidhlig a úsáid gach lá le páistí agus daoine óga na n-oileán.

Tá Riaghaltas na h-Alba tar éis maoiniú a thairiscint le staidéar féidearthachta a dhéanamh leis an gcéad mheánscoil lán-Ghàidhlig a bhunú sna hEileanan Siar. Mhol príomhoifigeach oideachais Chomhairle nan Eilean Siar go dtógfaí an scoil i Steòrnabhagh i Leòdhas. Léiríodh sa daonáireamh a rinneadh in Albain in 2022 go bhfuil an Ghàidhlig ag 57.2% de mhuintir nan nEilean Siar.

Fág freagra ar 'Níos mó daltaí ag tosú sa chóras oideachais lán-Ghàidhlig ná mar a bhí riamh'