Níos mó cumhachta ag na neamhspleáigh ná mar a bhí le fada

Agus gan ach vóta amháin le cois ag an rialtas as seo go ceann tamaill, beidh cumhacht na neamhspleách ag treisiú

Níos mó cumhachta ag na neamhspleáigh ná mar a bhí le fada

Is leor pointe amháin leis an gceann is fearr a fháil ar an bhfoireann eile. Is leor vóta amháin le do shuíochán a chinntiú nó leis an gceann is fearr a fháil ar an bhfreasúra. Cé go dtuigeann polaiteoirí an méid sin go maith is cinnte gur chuir an rialtas allas an tseachtain seo ó tharla a móramh a bheith laghdaithe go dtí vóta amháin agus rún i ndiaidh rúin a bheith á gcur ina n-aghaidh mar gheall ar a gcinneadh faoin gcosc ar dhíshealbhú a thiocfaidh chun críche seachtain ó amárach.

Thug an méid a bhí ag tarlú an tseachtain seo scéalta ó sheanchas na polaitíochta in Éirinn chun cuimhne. Chomh fada siar le mí Feabhra 1982 nuair a rinne Cathal Ó hEochaidh margadh – An Gregory Deal – leis an Teachta neamhspleách Tony Gregory, nach maireann, tá léargas faighte againn ar chumhacht an teachta aonair neamhspleách i gcóras polaitiúil na tíre.

Meabhraíonn éilimh ghrúpa réigiúnach na dteachtaí neamhspleácha mar chúiteamh ar a dtacaíocht i gcoinne rún Shinn Féin faoin gcosc ar dhíshealbhú an saghas margántaíochta a chaitear a dhéanamh. Tugadh ról an Phríomh-Aoire i rialtas Bertie Ahern sna blianta 1997-2002 do Shéamus Brennan, Teachta a raibh sraith aireachtaí sinsearacha aige sna blianta roimhe sin. Tugadh an ról dó mar go mbeadh sé cinniúnach ag coinneáil an rialtais sin le chéile.

Bhí an rialtas ag brath ar leithéidí an Pháirtí Dhaonlathaigh agus sraith neamhspleách ar dhathanna éagsúla le fanacht in oifig. Bhí taithí agus scileanna eadrána Shéamus Brennan ag teastáil leis an ngrúpa a choinneáil ar a suaimhneas.

Shamhlóinn gur shaothraigh Hildegarde Naughton a tuarastal an tseachtain seo. Ba léir ón deireadh seachtaine go mbeadh Neasa Hourigan ag vótáil in aghaidh an rialtais agus go mbeadh siad taobh le vóta amháin farasbairr. Ní raibh aon chinnteacht go dtí an nóiméad deiridh faoina comhghleacaí Patrick Costello.

Chaith an tAire Tithíochta go leor ama ag iarraidh neamhspleáigh ón ngrúpa réigiúnach a mhealladh chun tacú leis an rialtas. Ocht gcinn d’éilimh a bhí acu agus glacadh lena bhformhór. An rud atá cruthaithe anois do na neamhspleáigh go bhfuil níos mó cumhachta acu ná mar a bhí le fada.

Ní raibh an rialtas seo ná an rialtas roimhe ag brath go dtí seo ar thacaíocht ó neamhspleáigh.

Tá beirt agus fiche sa Dáil anois ag vótáil mar neamhspleáigh. Ina measc tá Joe McHugh, a vótálann leis an rialtas ach amháin ar cheist MICA agus Michael Lowry a vótálann le Fine Gael beagnach i gcónaí. Déarfaidh tráchtaire nó comhairleoir polaitiúil ar bith leat go mbíonn an ghráin acu air nuair a bhíonn buíon eagraithe neamhspleách tofa mar go mbíonn cumhacht acu agus go gcaitear labhairt leo roimh gach vóta go minic lena dtacaíocht a chinntiú.

Beidh an rialtas faoi bhrú as seo amach go háirithe ar cheist na tithíochta. Tá rún mímhuiníne molta ag an Lucht Oibre. Meastar go bhfuil Sinn Féin le reachtaíocht a bhaineann leis an gcosc ar dhíshealbhú a fhoilsiú roimh an sprioc, an 1 Aibreán.

Agus gan ach vóta amháin le cois ag an rialtas as seo go ceann tamaill, beidh cumhacht na neamhspleách ag treisiú. Bí cinnte go bhfuil na liostaí siopadóireachta á scríobh.

Fág freagra ar 'Níos mó cumhachta ag na neamhspleáigh ná mar a bhí le fada'