‘Níos mó cúiseanna maithe dóchais againn ná mar a bhí aon uair eile le bliain’ – Glynn

6,374 a fuair bás de dheasca an Covid-19 ó deimhníodh na chéad chásanna den ghalar bliain ó shin

‘Níos mó cúiseanna maithe dóchais againn ná mar a bhí aon uair eile le bliain’ – Glynn

Tá níos mó cúiseanna maithe dóchais againn ná mar a bhí aon uair eile ó thús na paindéime bliain ó shin, a deir an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn.

Seisear eile a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe agus d’fhógair an Roinn Sláinte 612 cás nua den ghalar tráthnóna.

554 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 133 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá laghdú 38% tagtha ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil le coicís anuas.

Bhí an laghdú sin agus a éifeachtaí is atá na vacsaíní ar na cúiseanna móra dóchais, a luaigh an Dr Glynn ina ráiteas tráthnóna.

“Earrach na bliana seo caite thug an uile dhuine againn faoin dúshlán a bhí romhainn le díocas. Ní nach ionadh tá an díocas sin tráite agus imithe ach, go híorónta, tá níos mó cúiseanna maithe dóchais anois againn ná mar a bhí aon uair eile le bliain anuas,” a dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn.

Tá obair fós le déanamh ach tiocfaidh deireadh leis an bpaindéim, arsa Glynn.

“Tá píosa le dul fós againn. Tá líon na gcásanna againn fós i bhfad ró-ard agus caithfimid gach ar féidir linn a dhéanamh chun an galar a choinneáil faoi chois sna seachtainí romhainn.

“Ach má éiríonn linn é seo a dhéanamh le linn mhí an Mhárta is ag féachaint ar rudaí ar féidir linn a dhéanamh seachas rudaí nach féidir linn a dhéanamh a bheimid.

“Sea, caithfimid a bheith cúramach agus, sea, beidh dúshláin nua ann sna míonna romhainn. Ach, in éineacht le chéile, agus le cabhair na heolaíochta agus na dlúthpháirtíochta tiocfaimid slán as seo agus tiocfaidh deireadh leis an bpaindéim seo.”

6,374 a fuair bás de dheasca an Covid-19 ó deimhníodh na chéad chásanna den ghalar bliain ó shin, 4,319 duine ó dheas den teorainn agus 2,055 duine ó thuaidh di.

332, 085 cás den ghalar a deimhníodh go n-uige seo, 219,592 cás ó dheas den teorainn agus 112,493 ó thuaidh di.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu gur bhásaigh triúr eile a raibh an galar orthu agus deimhníodh 136 cás eile den ghalar.

Fág freagra ar '‘Níos mó cúiseanna maithe dóchais againn ná mar a bhí aon uair eile le bliain’ – Glynn'