Níor thuig sí i gceart go raibh gach aon duine óna rang ollscoile ina gcónaí thar lear anois

Tá triúr as gach cúigear faoi bhun 25 bliain, ag smaoineamh ar dhul ar imirce. Seans nach mbacfaidh cuid acu teacht abhaile...

Níor thuig sí i gceart go raibh gach aon duine óna rang ollscoile ina gcónaí thar lear anois

‘Níl faic le déanamh anseo!’ a d’fhógair iníon óg na gcomharsan béal dorais. Bhí sí tar éis filleadh abhaile i gcomhair shaoire na Nollag. Ach, dúirt sí liom, ní raibh aon rud ag ‘tarlú’ i mBaile Átha Cliath.

Níor thuig mé i gceart í i dtosach. Nach mbeadh sí ag siopadóireacht agus ag tabhairt cuairt ar a seanmháthair? Nach raibh saol sóisialta iontach i mBaile Átha Cliath?

Ach is éard atá tarlaithe, a dúirt sí liom, ná go bhfuil a ‘ciorcal sóisialta’ ar fad imithe ar imirce. Bhí sise agus a buachaill tar éis teacht abhaile as Ceanada i gcomhair na Nollag, ach ba ghearr go bhfuair sí amach nach raibh éinne dá gcairde sa mbaile freisin.

Taistealaí cruthanta í an bhean óg seo anois. Ba ise a chuir comhairle orm nuair a bhí mé le cuairt a thabhairt ar an Airgintín mí Feabhra seo caite. Ní raibh sí i bhfad tar éis turas sé mhí a thabhairt ar Mheiriceá Theas agus bhí sí in ann ‘scarbhileog’ den eolas cuí faoin Airgintín a chur chugam.

Ag an am, ní raibh sí féin agus a buachaill i bhfad tar éis na scrúduithe deireanacha a dhéanamh san ollscoil. Bhíodar cáilithe mar chuntasóirí anois. Agus tar éis an turais éachtaigh ar Mheiriceá Theas, d’fhilleadar abhaile, phacáil siad na malaí arís agus as go brách leo go Vancouver, Ceanada, áit a bhfuair an bheirt acu postanna maithe réasúnta  luath.

An turas seo abhaile faoi Nollaig an chéad turas abhaile a rinne siad ó thús 2025. Cheap mé, nuair a tháinig sí isteach ar cuairt chugainn, go mbeadh sí maoithneach faoin mbaile, faoin tseanmháthair, faoin ‘gcraic’ i mBaile Átha Cliath b’fhéidir. Agus seans go  mbeadh sí ag smaoineamh ar fhilleadh ar an mbaile?

Ní fhéadfadh dul amú ní ba mhó a bheith orm.

Bhíodar tar éis a gcuid saoire bhliantúil (deich lá) a shábháil le teacht abhaile. Ní bheadh sí á dhéanamh sin arís, dúirt sí liom. ’Drochsheans go dtiocfaidh mé abhaile an chéad bhliain eile,’ dúirt sí. Go deimhin bhí sí den tuairim nach bhfillfeadh sí ar an mbaile ar chor ar bith.

Bhí a fhios aici go raibh go leor dá cuid cairde ar imirce ach níor thuig sí i gceart go raibh gach aon duine óna rang san ollscoil ina gcónaí thar lear anois.

Agus ní hé nach bhfuil siad go maith as – fuair gach duine acu postanna maithe thar lear. Bhí cailín amháin a rinne céim sna healaíona agus ní raibh tuairim aici céard a dhéanfadh sí tar éis an chéim a bhaint amach. Chonaic sí cúrsa ar an gcibear-shlándáil i gColáiste Náisiúnta na hÉireann agus rinne sí é sin. Go gairid ina dhiaidh sin fuair sí post maith le comhlacht mór leictreachais in Albain, áit a bhfuil meas mór uirthi mar shaineolaí sna cúrsaí sin.

Agus an bhfuil fonn uirthisean filleadh abhaile? Beag an baol. Tá tuarastal maith aici agus bhí sé ar a cumas teach a cheannach ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath. Thart ar €500,000 a chosain sé uirthi. Caithfidh sí é a athchóiriú agus ansin cuirfidh sí amach ar cíos é. Tá sí féin ag íoc cíos i nGlaschú na hAlban.

D’inis mo chailín féin dom faoina saol in Vancouver, Ceanada. Tá an ceantar ina bhfuil siad ina gcónaí  – in árasán ar cíos – go hálainn, le radharcanna breátha ar an gcathair agus ar an gceantar sléibhtiúil máguaird. Agus postanna maithe cuntasaíochta acu, tá tuarastal ard ag an mbeirt acu, agus iad in ann a rogha rud a dhéanamh ó thaobh na stíle beatha.

Níl sí féin ach 28 bliain d’aois. Ach níl dabht ar bith ach go bhfuil an obair crua thall. Seo í an chead saoire ó thosaigh sí ag obair mí Feabhra seo caite. Deich lá sa mbliain, mar a deir mé, atá aici ach tá súil aici go bhfeabhsóidh sé sin sa gcead jab eile. Sea, tá sí tar éis fógra a thabhairt agus beidh sí ag cuartú post nua san athbhliain.

Le beagnach bliain anuas, d’oibrigh sí laethanta agus seachtainí fada gan aon am saor. Sea, tá an tírdhreach go hálainn, tá sciáil agus dreapadóireacht, tá caitheamh aimsire uisce agus sléibhte ann, ach ní fhaca sí mórán de sin. Fiú amhain nuair a chuaigh sí abhaile deireanach sa tráthnóna b’éigean di ríomhphost agus teachtaireachtaí a léamh agus obair a dhéanamh.

‘Bhí an fliú orm tamall ó shin,’ dúirt sí liom. ‘Ar deireadh lig siad abhaile luath mé, ach dúradar liom agus mé ag fágáil, go gcaithfinn ‘logáil isteach’ chomh luath agus a shroichfinn an baile.’ B’éigean di oibriú ón mbaile amhail is dá mbeadh sí istigh san oifig.

Ach ní chuireann aon chuid de sin drochmhisneach uirthi. Fós féin, ceapann sí go bhfuil saol maith i gCeanada, costas réasúnta maireachtála agus stíl bheatha nach féidir a aimsiú in Éirinn. Is maith léi an bia – go háirithe an bia idirnáisiúnta, an saol cultúrtha – ceolchoirmeacha agus a leithéid, agus lá éigin amach anseo beidh sí in ann ceart a bhaint as na scileanna sciála atá aici óna hóige.

Tá sí tar éis an cíos i mBaile Atha Cliath a scrúdú agus deir sí, cé go bhfuil cáilíochtaí arda acu agus go bhféadfaidís postanna maithe a fháil anseo, fós féin ní bheidís in ann an costas a sheasamh, agus teach a cheannach ina dhiaidh sin.

Tá sí den tuairim nach bhfillfidh sí ar an mbaile go deo. Agus deir sí go bhfuil an tuairim sin an-choitianta i measc a glúine féin.

De réir Comhairle Óige na hÉireann ( National Youth Council), sa suirbhé is deireanaí a rinne an comhlacht Red C dóibh, tá triúr as gach cúigear faoi bhun 25 bliain, ag smaoineamh ar dhul ar imirce. D’aontaigh an chuid ba mhó díobh, gurb é costas na tithíochta an bhuairt ba mhó a bhí orthu.

‘Ní bhaineann sé seo uilig le cruatan an tsaoil,’ a duirt urlabhraí thar ceann na Comhairle, ‘baineann sé leis an a tuairim atá ag daoine óga anois nach áit í Éire gur féidir leo saol a bhunú ann.’

Tá go leor rudaí anseo nach bhfuil ar fáil i gCeanada – cearta oibrithe, cearta saoire agus mar sin de. Ach, murar féidir le daoine áit cheart a fháil le dul chun cónaí ann, nach beag is fiú an méid sin?

Fág freagra ar 'Níor thuig sí i gceart go raibh gach aon duine óna rang ollscoile ina gcónaí thar lear anois'